Gúnaí galánta do shéasúr na gcóisireacha

Tá séasúr na gcóisireacha linn - tráth a thugann deis dúinn na gnáthéadaí a fhágáil ar leataobh

A thúisce agus a chloisim den chéad uair ar an raidió na focail tosaigh de Fairytale of New York (“It was Christmas eve, babe, in the drunk tank…”) tá a fhios agam go cinnte go bhfuil séasúr na Nollag buailte linn.

Ciallaíonn sin freisin go bhfuil séasúr na gcóisireacha linn – tráth a thugann deis dúinn na gnáthéadaí a fhágáil ar leataobh d’oíche amháin agus dul i láthair ár gcomhghleacaithe don cheiliúradh mór i ngúna galánta.  Is cuma an cóisir oibre nó fleá an chumainn peile atá i gceist, seo an seans a bhíonn ag daoine a léiriú go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo.

Chuaigh mé ag lorg feistis sna siopaí agus ar an idirlíon a bheadh foirfe don séasúr ach nach mbeadh ródhaor amach is amach.  Rinne mé sé rogha speisialta – seacht gcinn má chuireann tú san áireamh an ceann deiridh a phioc mé den uair a bhuafas Daidí na Nollag an lotto sula dtagann sé chomh fada liomsa!

1. Gúna meánfhada le barr giortaithe (crop top midi) ó ASOS ar €45.72

Tá dath álainn dearg ar an gceann seo atá an-fheiliúnach don tráth seo bliana. Tá sé breá fada mura mian leat go mbeadh an iomarca de do chosa le feiceáil. Tá gearradh deas ar an mbarr giortaithe agus luíonn sé ar bhealach nach gcuirfidh an iomarca béime ar do bholg má bhíonn an dara milseog agat tar éis an phríomhchúrsa.   

2. Mionghúna geirsí Bodycon (jersey mini-dress)ó Topshop ar £24 (c.€30)

Bhí cáil riamh ar an ngúna beag dubh – an LBD – do shéasúr na gcóisireacha. Tá an ceann áirithe seo ó Topshop déanta as fabraic geirsí agus ar stíl Bodycon a chuireann an-bhéim go deo ar chruth na colainne. Ach rogha dhifriúil de bhróga, seodra nó oiriúintí eile a chaitheamh leis, d’fhéadfá an gúna gearr seo a chaitheamh arís is arís eile.

3. Culaith léime (jumpsuit) ó River  Island ar €68.57 (c.€86)

A bhuíochas do focal.ie, tuigim anois gurb é an chulaith léime an t-aistriúchán cruinn ar jumpsuit.  Tá a leithéid an-fheiliúnach don té nach mian leo a gcosa a chur ar taispeáint i ngúna agus is cinnte go bhfuil siad an-fhaiseanta go deo don séasúr seo. Tá stíl shimplí ach clasaiceach ag baint leis an gceann atá roghnaithe agamsa ó River Island.

4. Gúna fáisceáin (wrap dress) Bodycon ó Asos ar €35.72

Tá an gúna seo an-chompordach le caitheamh mar nach bhfuil sé rótheann agus is breá go deo liom an dath álainn atá air. Cinnte, ní déarfar fút go ndearna tú rogha leadránach má phiocann tú an ceann seo – go deimhin leis an fáisceán tosaigh agus an gearradh íseal atá air, seans go dteastódh beagán misnigh uait lena chaitheamh.   

5. Gúna seacain ‘nocht’ (nude sequin dress) ó Miss Selfridge ar £89.10 (c.€112.00)

Tá an gúna áirithe seo beagán níos daoire ná na cinn eile a roghnaíodh ach leis an dearadh álainn agus na seacain (sequins)ar fad, creidim gur luach maith ar airgead é. Tá rogha de dhá dhath ar fáil ó Miss Selfridge  – an ceann seo ar dhath ‘nocht’ nó ceann ar dhath an airgid. Seo gúna a tharraingeoidh súile an tslua ort go cinnte.

6. Gúna lása miotalach (metallic lace dress) ó Topshop ar £38 (c.€48.00)

Gúna go glúin é an ceann seo agus an-fheiliúnach don bhean ar mian léi na cosa a choinneáil i bhfolach.  Is deas an dearadh é an meascán idir lása agus miotalach. Tá gearradh clasaiceach air agus níl dabht ar bith orm ach gur ceann é nach gcaithfear amach as an vardrús ar feadh blianta fada.

7. Gúna gearrthóige sípris (cut-out crepe dress) le Victoria Beckham Net-A-Porter ar €1,895.00

Seo an ceann ba mhaith le go leor daoine ach beidh orainn fanacht go mbuafaidh Daidí na Nollag an crannchur náisiúnta! ‘Sea, €1,895 an praghas ar an tseoid seo ón dearthóir atá pósta le David Beckham. Beidh fanacht fada orainn, faraor, nó, mar a deirtear sa véarsa deireanach de Fairytale of New York:

“So I’ll sing a song

And sleep when I’m through

Dream of another life

Where all our dreams come true.”

Fág freagra ar 'Gúnaí galánta do shéasúr na gcóisireacha'