Grianghraf á lorg de mhíol mór dronnach sa bhfarraige amach ó Ghaeltacht na Gaillimhe

Chonacthas an t-ainmhí mara mór sa Spidéal agus i mBearna ar maidin

Grianghraf á lorg de mhíol mór dronnach sa bhfarraige amach ó Ghaeltacht na Gaillimhe

Míol mór dronnach

Tuairiscítear go bhfuil míol mór dronnach (megaptera novaeangliae) sa bhfarraige i gceantar Chois Fharraige. Chonacthas an t-ainmhí mara mór amach ón gcósta idir na bailte Gaeltachta Bearna agus an Spidéal moch maidin inniu.

Chonacthas ar dtús é sa Spidéal ag thart ar a hocht a chlog ar maidin agus é ag scairdeadh uisce amach ó chéibh an Spidéil. Chonacthas arís é amach ó chéibh Bhearna, atá tuairim is deich gciliméadar soir ón Spidéal, agus é ag scairdeadh leis ansin freisin.

De réir tuairisce a d’fhoilsigh an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG), bhí an míol mór ag scairdeadh uisce ar feadh 40 nóiméad agus bhí patrún an scairde ag teacht leis an bpatrún a bhíonn ag an míol mór dronnach.

Tá iarrtha ag an ngrúpa ar dhaoine ar spéis leo an dúlra, go háirithe daoine a bhfuil an trealamh cuí acu, súil a choinneáil ar an bhfarraige amach ó chósta na Gaeltachta agus tuairisc a chur chucu má fheictear arís an míol mór. Táthar ag lorg grianghraf den ainmhí freisin.

Tá an míol mór dronnach ar cheann de na míolta móra is mó a fheictear in Éirinn. Is é is ciall le hainm Laidine an ainmhí, megaptera novaeangliae, ná ‘sciatháin mhóra mhillteacha’. D’fhéadfadh eití an mhíl mhóir a bheith suas le 4.5m ar fad.

Bíonn an míol mór dronnach fireann suas le 14m ar fad agus an ceann baineann suas le 16m ar fad. Bíonn suas le 36,000kg de mheáchan ann agus aithnítear é go minic ón scairdeadh uisce a dhéanann sé. Cruth sonrach na litreach ‘V’ a bhíonn ar an scaird.

Bíonn eite an droma réasúnta beag agus í suite dhá thrian an bealach síos an droim. Tá na heití brollaigh i bhfad níos mó, tuairim is aon trian d’fhad na colainne ar fad.

Meastar go bhfuil tuairim is 11,600 míol mór dronnach san Aigéan Atlantach agus go bhfuil méadú tagtha ar a líon ó tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh sa bhliain 1966. Bhítí á seilg le haghaidh a n-ola ar feadh na mblianta ó thús an 19ú haois agus bhí an baol ann nach mbeadh aon cheann fágtha beo faoi lár an chéid seo caite.

Tá 60 míol mór dronnach aitheanta ag an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna ó thosaigh siad ag coinneáil taifid ar na hainmhithe sa bhliain 1999.

Tá méadú 50% tagtha ar líon na dtuairiscí faoin míol mór dronnach le blianta beaga anuas, agus maíonn an grúpa gur léiriú é sin ar an bhfás atá tagtha ar líon na n-ainmhithe in uiscí na hÉireann.

Fág freagra ar 'Grianghraf á lorg de mhíol mór dronnach sa bhfarraige amach ó Ghaeltacht na Gaillimhe'

  • Samuel

    Nach é sin an míol mór Shane Ross atá ar iarraidh le stáir….ach ná stopann ach ag ‘scairdeadh’….