Greann agus grásta na héadroime anama in ‘Grandma’

Cé go bpléann an scannán nua ‘Grandma’ leis an nginmhilleadh, ní haon tráchtas tromchúiseach é ach a mhalairt

Grandma

‘Grandma’, le Paul Weitz.

Is é an ginmhilleadh, mar a ainmnítear sa Ghaolainn é, bun agus barr ‘Grandma’. ‘Ginmhilleadh’, nó ‘ciorrú toirchis’? ‘Giorrú toirchis’, b’fhéidir? Bíodh do rogha féin agat.

Sin ráite, ní haon tráchtas tromchúiseach é ‘Grandma’, ach a mhalairt – coiméide, geanscannán. Bhíomar criticí ag titim sna pasáistí. Ní as an ábhar i gcónaí a thagann an greann.

File aerach, i mbrí an lae inniu, is ea Elle (Lily Tomlin). ‘I was marginally famous 40 years ago,’ ar sise. Bean theasaí, spleodrach. Feimineach fíochmhar. Seanteifeach ó aimsir na 60í. Ponc-Hipí de sheanbhean. Fairsinge intinne. Nimh ina teanga, má roghnaigh sí a leithéid.

‘You were just a footnote’, ar sí, le goimh, bata agus bóthar á tabhairt aici dá leannán nua mná, ‘try be with someone for 38 years.’

B’in Violet, an céile saoil nach maireann – an taise ar a gualainn. Tá a seanghluaisteán siúd, Dodge Royal ón mbliain 1955, fós fá bhraillín aimsire ar thaobh thí Elle. Adhlactha i stóras, ar bhealach, mar a bhíonn na mothúcháin is treise, maím, go minic. As radharc, b’fhéidir, ach fós ann.

Siúd chuici isteach ansin a gariníon Sage (Julia Garner) – déagóir an toirchis thuasluaite. Anois táimid fiosrach. Is léir gur cúlscéal suimiúil atá ag an Ms. Elle pinsinéartha áirithe seo.

Tá, is cosúil, $630 de dhíth ar Sage chun íoc as an ngiorrú toirchis atá roimpi an tráthnóna sin. Ní féidir léi a cás a lua lena Mham Judy (Marcia Gay Hardin). Slis fíochmhar den tseanmhaide í siúd, lúide an chomhbhá dhaonna. Dlíodóir uaillmhianach, báite inti féin is ina cuid oibre. Samhlaigh Sarah Palin ar stéaróidigh chorporáideacha agus tá sé agat. 

Ach tá fadhb ann. Níl ach $43 in airgead tirim ag Elle, seanmháthar. ‘I’m transmogrifying my life into art,’ ar sise, cloingín gaoithe a cuid cártaí creidmheasa ar luascadh sa phóirse amuigh.

Níl an dara dóigh air ach an sean Dodge Royal gearánach a chur ar an mbóthar arís chun leath den táille a bhailiú ón bpéisteánach buachalla ar cuma leis Sage bocht ná an cruachás inar fhág sé í. Agus an leath eile de, b’fhéidir, ó na cairde sin atá fós ag caint le Elle, nó a bhfuil fiacha amuigh aici orthu. Siúd ar aistear an bheirt bhan – odaisé chinniúnach don uile dhuine a chasfar orainn fa’ na slí.

Tá an fhoireann cheart ag Paul Weitz chun ‘welly’ substaintiúil a thabhairt don scéal. Filleann Lily Tomlin le flosc ar a seanléim príomhaisteora. Os cionn a buile tríd síos atá sí, thar barr a maitheasa ar fad; í foirfe, fíochmhar, eolgaiseach. Níl nóta contráilte sa bhean seo. Fiú más ar an drochuair di féin go minic an toradh.

Tá bailiúchán leabhar céad-eagrán ag Elle. Díolfaidh sí iad chun táille na hoibríochta a ardú. Ceapann Sage óg gur carachtar éigin in XBox í an ‘Mystique’ i dteideal ‘The Feminine Mystique’ le Betty Friedan. Cúrsaí glúine, gan dabht. Is léir go bhfuil cuar géar foghlama roimpi, an ghastóg ghlas déagóra. Isteach ansin leo sa Dodge Royal arís agus away leis an mbeirt acu.

Buailimid le Carla, an díoltóir leabhar (Elizabeth Pene, ina ról deiridh) iarleannán lasánta Elle. Agus le Deathy, an dearthóir tatú trasinscneach (Laverne Cox). Strapaire ciardubh sé troithe ar airde, ar a laghad, déarfainn.

Diaidh ar ndiaidh le linn an aistir, soilsítear inneach na seanmná don gariníon, agus anam na hógmhná don mháthair chríonna.

Agus táille na hoibríochta fós de dhíth orthu, ní bhíonn an dara dul as ag Elle ach aghaidh a thabhairt ar Karl (Sam Elliott) an t-iarfhear céile. An té a thréig sí leathchéad bliain roimhe sin dá grágheal Violet. Níor leagadar súil ar a chéile san eadarlinn.

Níl sa mhéid sin ach an chéad leath den scéal eatarthu. Scaoiltear an rún a luíonn i gcroílár ‘Grandma’ le linn chuairt Elle. Mír a bhain an anáil díom.

‘I find that shit has a way of bubbling up out of the tarmac,’, ar seisean.

Cuireann an scannán beag seo cos amháin i bplásóg fhírinní loma míorúilteacha na beatha. Agus an chos eile díreach ina diaidh. Táimid ar ár mbarraicíní i measc na n-iontaisí móra saoil – grá, clann, dílseacht, taise, comhbhá, beatha agus bás, saoirse agus freagracht.

Agus, buíochas le Dia, an greann. Lead a aimsíonn eochair éigin ionainn in éadan ár dtola, fiú, déarfainn, in am an ghátair.

Greann, a dúrt. Agus grásta na héadroime anama a eascraíonn go minic as.

Tomlin agus Elliott don Oscar, deinim amach.

Fág freagra ar 'Greann agus grásta na héadroime anama in ‘Grandma’'