‘Grandma’, ‘Love’ agus ‘warrior’ ar an 10 bhfocal is mó cuardach riamh ar focloir.ie

Seoladh go hoifigiúil inné é ar an gCeathrú Rua i gConamara focloir.ie

‘Grandma’, ‘Love’ agus ‘warrior’ ar an 10 bhfocal is mó cuardach riamh ar focloir.ie

Tá liosta curtha ar fáil ag focloir.ie, ar seoladh go hoifigiúil inné é ar an gCeathrú Rua, de na focail is mó cuardach riamh ar an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne.

Is é an focal ‘Grandma’ an focal is mó cuardach ar an bhfoclóir ar tháinig ann dó in 2013.

33,020 cuardach a rinneadh ar an bhfocal Grandmaó uaslódáladh é in Eanáir 2013.

31,566 cuardach a rinneadh ar an bhfocal for’, atá sa dara háit ar an liosta a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, agus 24,759 cuardach a rinneadh ar an bhfocal love atá sa triú háit.

I measc na bhfocal eile sna deich bhfocal is mó cuardach tá, grandpa, family agus play.

Ar na focail agus na frásaí atá i measc an 20 focal is mó cuardach ó tháinig ann don suíomh, tá ‘Irish’, ‘teacher’, ‘app’, ‘brother’ agus ‘best wishes’.

Sheol Micheál Ó Ciaraidh agus Caitlín Nic Aoidh ó TG4 go hoifigiúil inné foclóir.ie ag ócáid a bhí ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara inné.

Ag labhairt ag an ócáid, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir gur “céim mhór shuntasach chun cinn” a bhí i seoladh an fhoclóra Béarla-Gaeilge ar líne agus mhol sé saothar na ndaoine ar fad a d’oibrigh air le 15 bliain anuas.

Dúirt Ó Gallchóir go raibh “gorta mór fada” ó thaobh na foclóireachta sa Ghaeilge nó gur cuireadh tús in 2000 le hobair an fhoclóra nua.

“Tá foclóir comhaimseartha atá bunaithe ar theanga bheo an lae inniu anois againn,” a dúirt iar-Ardstiúrthóir TG4 agus cathaoirleach Bhord an Fhorais.

D’fhógair Ó Gallchóir chomh maith go gcuirfí tús “láithreach” leis an obair ar an bhfoclóir nua Gaeilge-Béarla atá beartaithe ag Foras na Gaeilge. Bheadh gá le tacaíocht rialtais chun an obair sin a chur i gcrích, a dúirt sé.

Seolfar an leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge an bhliain seo chugainn.

 

Fág freagra ar '‘Grandma’, ‘Love’ agus ‘warrior’ ar an 10 bhfocal is mó cuardach riamh ar focloir.ie'