Gráinne Seoige, céadseoid TG4, ag fágáil na teilifíse chun diamaint a dhíol

Tá loinnir na gceamaraí á fágáil ina diaidh ag an Seoigeach agus í ag tabhairt a haghaidh anois ar dhiamaint lonracha

Gráinne Seoige, céadseoid TG4, ag fágáil na teilifíse chun diamaint a dhíol

Cothrom an ama seo 20 bliain ó shin, chuir Gráinne Seoige tús lena saol teilifíse nuair a léigh sí an nuacht den chéad uair ar an 31 Deireadh Fómhair 1996 ar Theilifís nuabhunaithe na Gaeilge.

Nuair a bunaíodh TnaG bhí an saol mór meallta ag na daoine óga gairmiúla galánta a bhí ag obair sa stáisiún, ina measc an Seoigeach agus Gillian Ní Cheallaigh a bhíodh ag léamh na nuachta.

Ach fiche bliain ina dhiaidh sin, tá loinnir na gceamaraí á fágáil ina diaidh ag an Seoigeach agus í ag tabhairt a haghaidh anois ar dhiamaint lonracha.

Ag díol diamant a bheidh sí feasta agus a gnó nua Grace Diamonds seolta inné aici ag Seachtain Idirnáisiúnta na mBrídeog i Nua-Eabhrac.

Seoige agus Leon Jordaan, a bhfuil lámh agus focal eatarthu, a bhunaigh an gnó nua san Afraic Theas, tír dhúchais Jordaan.

Ag labhairt di leis an Irish Independent, dúirt bean an Spidéil, a thug sealanna le TnaG, TV3, Sky News agus RTÉ, gur bhain sí an-sásamh as a cuid oibre sna meáin.

“Bhí an-time agam leis na rudaí ar fad a raibh baint agam leo. Ach ní mór doras amháin a dhúnadh chun ceann a oscailt agus sin é an saol,” a dúirt Seoige.

Fág freagra ar 'Gráinne Seoige, céadseoid TG4, ag fágáil na teilifíse chun diamaint a dhíol'