Beidh ar a laghad 28 Teachta Dála le Gaeilge sa chéad Dáil eile. Tá 155 Teachta Dála tofa anois agus gan ach triúr le toghadh. Thug na Teachtaí Dála ó na mórpháirtithe atá ar an liosta le fios do Tuairisc.ie i suirbhé réamhthoghcháin go mbeadh dóthain Gaeilge acu le hagallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Ghaeilge.
Is ag Sinn Féin a bheidh an céatadán is airde cainteoirí Gaeilge sa Dáil nua, agus Gaeilge ag 30% dá dTeachtaí Dála. Bhí roinnt daoine i dteagmháil linn faoi Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, a bheith ar an liosta againn agus iad den tuairim nár chóir é a bheith ann toisc gur dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh i ndíospóireacht réamhthoghcháin ar TG4. An tslat tomhais a bhí againn don liosta ná go mbeadh dóthain Gaeilge ag Teachta Dála chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Ghaeilge, rud atá déanta ag Adams.
Faoi láthair tá 20% de Theachtaí Dála Fhianna Fáil agus Gaeilge acu.
Tá beirt a bhfuil Gaeilge acu i measc na neamhspleách atá tofa chun na Dála; Maureen O’Sullivan i mBaile Átha Cliath Lár agus Catherine Connolly i nGaillimh Thiar. Tá Gaeilge chomh maith ag Bríd Smith (AAA/PBP) a toghadh tráthnóna i mBaile Átha Cliath Theas-Lár.
Tá ochtar Teachtaí Dála ag Fine Gael a bhfuil dóthain Gaeilge acu agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge, an Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh ina measc. Ó tharla gur ag Fine Gael atá an méid is mó suíochán anois, áfach, fágann an líon beag sin cainteoirí Gaeilge nach bhfuil ach 16% de Theachtaí Dála uile an pháirtí ar an liosta.
Ba é Aodhán Ó Ríordáin an t-aon iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a thug le fios i suirbhé Tuairisc.ie go mbeadh sé sásta dul faoi agallamh beo ar TG4, RTÉ nó Raidió na Gaeltachta, ach chaill sé a shuíochán i gCuan Bhaile Átha Cliath. Ar ndóigh, ba é Ó Ríordáin a rinne ionadaíocht ar cheannaire a pháirtí, Joan Burton, sna hagallaimh réamhthoghcháin a rinne TG4 le ceannairí na mórpháirtithe.
De réir shuirbhé Tuairisc.ie, ba ag Sinn Féin a bhí an céatadán is mó d’iarrthóirí le Gaeilge. Sa dara háit bhí Fianna Fáil, agus tá siad san áit chéanna anois i ndiaidh an toghcháin.
Cé go raibh Gaeilge líofa ag 17.5% d’iarrthóirí an Chomhaontais Ghlais, níor éirigh le duine ar bith de na Gaeilgeoirí sin suíochán a bhaint amach. Go deimhin, níor éirigh ach le beirt ón bpáirtí sin, an ceannaire Eamon Ryan agus leascheannaire an pháirtí Catherine Martin, suíochán sa 32ú Dáil a bhuachan.
Is amhlaidh an scéal leis na Daonlathaigh Shóisialacha a raibh 13.3% dá gcuid iarrthóirí a mhaígh go raibh dóthain Gaeilge acu le hagallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Gaeilge.
D’éirigh leis an triúr ceannairí atá ar an bpáirtí, Stephen Donnelly, Róisín Shortall agus Catherine Murphy, suíochán sa Dáil a fháil ach ní raibh duine ar bith den triúr sin i measc na n-iarrthóirí a thug le fios do Tuairisc.ie i mí Eanáir go raibh Gaeilge acu.
Toghadh seisear iarrthóirí as ceantair Ghaeltachta sa toghchán: Pearse Doherty (SF), Joe McHugh (FG) agus Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir (FF) i nGaeltacht Dhún na nGall; Aindrias Ó Muineacháin (FF) i Múscraí; agus Éamon Ó Cuív (FF) agus Seán Kyne (FG) i gConamara.
Déanfar nuashonrú ar an liosta má dheimhnítear Gaeilge a bheith ag aon Teachta Dála eile sa 32ú Dáil. Tá dhá athrú déanta ar an liosta seo ó mhaidin; tá an Teachta Dála Carol Nolan (SF) a toghadh in Uíbh Fháilí curtha leis an liosta.
Tá an Teachta Dála neamhspleách ó Thiobraid Árann Mattie McGrath bainte den liosta. Cé go bhfuil agallaimh Ghaeilge déanta ag McGrath ar na meáin chraolta agus an teanga úsáidte aige sa Dáil, ní mheastar dóthain Gaeilge a bheith aige le hagallamh beo a dhéanamh le RnaG nó TG4, an tslat tomhais atá againn don liosta seo.
Aodán Ó Sé
Dhein Catherine Martin TD Comhaontas Glas agallamh líofa Gaeilge ar TG4 i ndiaidh a tofa.
Is ar éigin go bhfuil Gerry Adams TD ná Joe Mc Hugh TD in ann agallamh beo Gaeilge a dhéanamh; cúpla foclachas b’fhéidir, ach sin an méid.
Seán Mag Leannáin
Ag glacadh leis go bhfuil Gaeilge ag Catherine Martin TD chomh maith fágann sin go bhfuil an teanga ag 29 Teachtaí as 158 sa Dáil – is ionann sin agus 18.35% díobh. Tá seisear Gaeilgeoirí i measc na mban (6 as 29) – sin 17.14%; agus 23 Gaeilgeoirí i measc na bhfear (23 as 123) – sin 18.7%. Tá na céadtadáin sin i bhfad níos airde ná na meáin sa daonra ginearálta.
Measaim gur daoine nua iad aon duine déag den grúpa 29 san iomlán – is ionann sin agus beagnach 38% díobh, agus is dócha gur comhartha maith é sin.
Ó thaobh na tíreolaíochta de tugaim faoi deara go mbaineann ochtar Teachtaí le Toghcheantair Ghaeltachta (níl contae na Mí curtha san áireamh anseo) – ceathrar le Gaillimh Thiar, triúr le Dún na nGall, agus duine le Ciarraí. Sin ochtar as 29, nó thart ar 28% den iomlán.
Ó thaobh an líon Gaeilgeoirí ann, tá Gaillimh (le ceathrar as cúigear) chun cinn ar gach toghcheantar eile sa tír. Tá triúr as cúigear i nDún na nGall agus an líon céanna i dtoghcheantar Lú. Tá beirt sna toghcheantair seo a leanas: Corcaigh Lár Theas, Maigh Eo, BÁC Lár Theas. Tá an chuid is mó de na Gaeilgeoirí i mBÁC lonnaithe ar an taobh ó dheas den chathair – ceathrar as an seisear (Dessie Ellis agus Maureen O’Sullivan na heisceachtaí).
Tabhair faoi deara go bhfuil spás an-mhór trasna na tíre ón oirdheisceart go dtí lár tíre nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith ann – Loch Garman, Cill Mhantáin (mo chontae féin), Tiobraid Árann, Corcaigh Thoir, Ceatharlach-Cill Chainnigh, Port Láirge, agus Laois. Tá an scéal mórán mar an gcéanna ar an taobh eile den lár tíre – Sligeach-Liatroim, Gaillimh Thoir, Ros Comáin/Gaillimh Thoir, agus Muineachán-An Cabhán.
Tá cuma níos fearr ar an scéal sna ceantair chomaitéireachta – duine amháin i ngach ceann den dá thoghcheantar i gContae na Mí agus duine amháin i gCill Dara Theas.
Ach mar a dúirt mé cheana b’fhéidir gurb é an comhartha is dóchasaí ná go mbeidh aon duine déag nua i measc an ghrúpa 29 de Ghaeilgeoirí sa Dáil nua. Agus b’fhéidir gur fiú tabhairt faoi deara freisin gur mná iad ceathrar den ghrúpa aon Ghaeilgeoir déag nua – Carol Nolan (SF), Hildegarde Naughton (FG), Catherine Connolly (Neamhspleách), agus Bríd Smith (AAA/PBP). Mar a dúirt Mary Robinson tráth, b’fhéidir go bhfuil an todhchaí le mná na hÉireann.
Seán Mag Leannáin
Ó thaobh an líon Gaeilgeoirí ann, tá Gaillimh Thiar (le ceathrar as cúigear) chun cinn ar gach toghcheantar eile sa tír.
Seán Mag Leannáin
Agus b’fhéidir gur fiú tabhairt faoi deara freisin gur mná iad cúigear den ghrúpa aon Ghaeilgeoir déag nua – Carol Nolan (SF), Hildegarde Naughton (FG), Catherine Connolly (Neamhspleách), Bríd Smith (AAA/PBP) agus Catherine Martin (Comhaontas Glas). Mar a dúirt Mary Robinson tráth, b’fhéidir go bhfuil an todhchaí le mná na hÉireann.