Gradam Smedias buaite ag mic léinn an Acadaimh

Ba iad Bronagh Ní Chuilinn, Adam Alsybury, Nollaig Ní Mhaoileoin, Aoife Ní Chonghaile agus Derbhla Ní Cheallaigh na mic léinn a chuir an clár a bhuaigh an comórtas, Creid an Chaint, le chéile a bhuaigh an duais don Iriseoireacht trí Ghaeilge don Raidió

An tAcadamh

Thug mic léinn ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar an gCeathrú Rua, leo an chéad áit sa rannóg Iriseoireacht trí Ghaeilge don Raidió ag Gradaim Chumarsáide na Mac Léinn (Smedias) an tseachtain seo caite.

Ba iad Bronagh Ní Chuilinn, Adam Alsybury, Nollaig Ní Mhaoileoin, Aoife Ní Chonghaile agus Derbhla Ní Cheallaigh na mic léinn a chuir an clár a bhuaigh an comórtas, Creid an Chaint, le chéile. Ghlac an cúigear sin róil éagsúla agus an clár á dhéanamh: láithreoir, léiritheoir, cúntóir, teicneoir agus taighdeoir.

An ghéarchéim lóistín agus tithíochta a chuireann isteach ar mhic léinn ollscoile ar fud na tíre a bhí á plé ar an gclár painéil a craoladh ar Flirt FM, stáisiún na mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Ní raibh aon súil againn leis in aon chor, clár raidió a bhí ann do Flirt FM ach bhí sé bainteach lenár n-obair ollscoile. Cheap muid go mbeadh an caighdeán chomh hard sin ag daoine eile a chuir isteach ar na Smedias nach mbeadh seans dá laghad againn.

“Bhí, agus bíonn, lucht Acadaimh an-ghéar orainn agus muid i mbun oibre, ach tuigimid cén fáth a mbíonn siad chomh dian sin agus is léir gur oibrigh an cur chuige sin!” a dúirt Bronagh Ní Chuilinn, láithreoir an chláir, le Tuairisc.ie.

Ba é seo an chéad uair a chuir Ní Chuilinn, atá sa cheathrú bliain ar an gcúrsa cumarsáide ar an gCeathrú Rua, isteach ar na Smedias, cé go bhfuil taithí aici ar a bheith ag obair ar chláracha raidió ar na stáisiúin náisiúnta RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio One agus RTÉ Jr.

“Mise a chuir an clár i láthair, clár faoin ngéarchéim tithíochta i measc na mac léinn timpeall na tíre a bhí ann. Labhair muid le cailín amháin a bhí ag taisteal ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath gach lá le freastal ar UCD, buachaill eile a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus cailín eile nach raibh aon lóistín buan faighte aici a fhad is a bhí an clár á dhéanamh.

“Labhair muid le léachtóir san Ollscoil anseo i nGaillimh faoin tionchar a bhí ag na socruithe éagsúla lóistín sin ar na mic léinn a bhí i mbun cúrsaí ann,” a mhínigh sí.

Dúirt Ní Chuilinn go raibh sí “ag crith” agus í ag siúl suas chuig an ardán lena comhghleacaithe leis an ngradam a ghlacadh i Staid Bhóthar Lansdúin ag an deireadh seachtaine.

12961459_1098637233489732_7453867739411402869_n
Bronagh Ní Chuilinn agus Derbhla Ní Cheallaigh ón Acadamh ag na Smedias

“Bhuaigh mic léinn ón Acadamh gradaim Smedias roimhe seo, ach ní raibh an mhuinín agam rud ar bith a chur isteach go dtí seo. Fiú cúig shoicind sular glaodh na hainmneacha amach, níor cheap mé go mbeadh an clár sách maith, bhí UCC tar éis gach rud eile a bhuachan!

“Tuigim anois an fáth a mbítear ag caoineadh ar an stáitse, bhí mise mé féin ag crith cé nár shil mé deoir. Níl a fhios agam cé méid duine a chuir isteach ar an gcomórtas, ach bhí seisear ar an ngearrliosta agus tá sé go hálainn an t-aitheantas sin a fháil. Dúradh liom gur bhuamar mar gheall ar an topaic a roghnaigh muid agus na ceisteanna a chuir muid, bhí sé go deas gur aithníodh an obair a rinne muid,” a dúirt sí.

Dúirt teagascóir na mbuaiteoirí don Chraoltóireacht Raidió, Norita Ní Chartúir, gur “iontach an t-aitheantas é an gradam seo agus is é an bealach is fearr chun an cheird a fhoghlaim ná í a chleachtadh”.

Fág freagra ar 'Gradam Smedias buaite ag mic léinn an Acadaimh'