Gradam Smedia do chraoltóir de chuid Raidió na Life

Dúirt Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life go bhfuil sé ‘thar a bheith bródúil’ as an mbeirt láithreoirí óga a bhfuil ‘tallann agus beocht iontach acu’

Gradam Smedia do chraoltóir de chuid Raidió na Life

Bhuaigh an clár Craic Uí Chatháin an gradam do ‘Raidió Trí Ghaeilge’ ag Gradaim na Smedias i mBaile Átha Cliath aréir.

Ag ócáid speisialta i Staid an Aviva, bronnadh an gradam don chlár raidió is fearr i nGaeilge ar Dhónal agus Oisín Ó Catháin don chlár a chraoltar ar Raidió na Life, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath.

Is iad na Smedias gradaim náisiúnta na hÉireann d’iriseoireacht na mac léinn tríú leibhéal. Gradaim iad na Smedias atá dírithe ar iriseoirí, eagarthóirí, dearthóirí suíomh gréasáin, beochantóirí, cruthaitheoirí raidió, grianghrafadóirí, blagadóirí agus vlagadóirí. Bíonn craoltóirí agus iriseoirí gairmiúla ina moltóirí ar na gradaim.

Mic léinn iad an bheirt Chathánach ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir an stáisiúin, go bhfuil Raidió na Life “thar a bheith bródúil” as an mbeirt láithreoirí óga a bhfuil “tallann agus beocht iontach acu”.

“Tá foireann Raidió na Life iontach bródúil, ní hamháin as na Cathánaigh a thug leo an gradam mór do Raidió trí Ghaeilge aréir, ach as na saorálaithe go léir a ainmníodh do na gradaim i mbliana.

“Léirigh an líon mór ainmniúchán a fuair craoltóirí éagsúla ó Raidió na Life sna Smedias an nasc tábhachtach atá ag Raidió na Life le mic léinn agus le daoine óga atá agus a bhíonn ag foghlaim ceird na craoltóireachta is na hiriseoireachta,” a dúirt Ó Fiannachta.

Ainmníodh beirt chraoltóirí deonacha eile ó Raidió na Life sa rannóg chéanna freisin: Ailbhe Ní Riain, mac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a chuireann an clár An Meangadh Mór i láthair gach Céadaoin, agus Aindriú de Paor, mac léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, atá ina chomhláithreoir ar an gclár maidine An Bricfeasta Blasta gach Luan agus Céadaoin.

Ainmníodh Erin Lindsay, sa rannóg don iriseoireachta scríofa freisin. Is comhláithreoir í Lindsay ar Fios Feasa a chraoltar gach Céadaoin. Tá sí i mbun cúrsa céime iriseoireachta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Chaith Lindsay trí mhí le Raidió na Life ar thaithí oibre mar chuid dá cúrsa céime.  Fuair Dónal Ó Catháin, a bhuaigh an gradam Raidió trí Ghaeilge in éineacht le hOisín Ó Catháin, ainmniúchán eile sa rannóg sin freisin.

Fág freagra ar 'Gradam Smedia do chraoltóir de chuid Raidió na Life'