Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Mark McHugh

Is é fear Chill Charthaigh atá roghnaithe mar an t-imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall i mbliana tar éis do McHugh agus a chumann Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt leo

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Mark McHugh

Imreoir Chill Charthaigh, Mark McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is ar Mark McHugh as Cill Charthaigh a bhronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh, don imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall, i mbliana.

Thug Cill Charthaigh leo Corn an Dochtúra Mhic Uidhir den chéad uair le 24 bliain i mbliana agus bhí baint mhór ag taispeántas McHugh leis an ngaisce sin.

Seo í an dara bliain a mbronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh, gradam a roghnaíonn coiste dháréag iriseoirí spóirt i dTír Chonaill, as na meáin chlóite agus chraolta. Is é Michael Murphy Ghleann tSúilí a thug leis an gradam anuraidh.

Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, mhínigh Damien Ó Dónaill, Cathaoirleach na moltóirí, an t-údar gurbh é McHugh a roghnaíodh.

“Roghnaíodh Mark McHugh mar imreoir na bliana mar gheall ar na scileanna eisceachtúla peile a léirigh sé ar pháirc na himeartha, agus mar a chuidigh sé lena fhoireann Craobh Dhún na nGall a bhaint i mbliana den chéad uair ó bhí 1993 ann.

“D’imir Mark ról lárnach i ngach cluiche i mbliana i lár páirce agus, corruair, tugadh ról faoi leith dó ar an pháirc sna línte cosanta. Ina iomláine, ba é a sheas amach i mbliana ó bhí tús na craoibhe ann agus níl aon iontas ann go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh mar imreoir na bliana 2017 tuillte aige. Comhghairdeas le Mark.”

Tá an gradam ainmnithe in ómós do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir Conallach a bhásaigh go tobann i mí Iúil 2016.

Dúirt Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin go mbeadh a  hiar-chomhghleacaí sásta le cinneadh an choiste.

“Sílim go mbeadh Séamus iontach sásta gur ar Mark McHugh a bhronnfar an gradam seo ina chuimhne i mbliana.  Is iomaí uair a rinne sé tráchtaireacht ar ghaiscí peile Mark ar pháirc na himeartha, agus bhí sé thar a bheith bródúil as nuair a bronnadh Gradam All Star air in 2012.

“Is mór an trua nach bhfuil Séamus anseo lena fheiceáil, ach sílim go mbeadh sé ag teacht go hiomlán le rogha na moltóirí, agus tréaslaím a ghradam le Mark.”

Bronnfar an gradam ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an 18 Samhain.

Is é an dealbhóir Redmond Herrity a chruthaigh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh as cloch eibhir Dhún na nGall. Cruth na hEaragaile atá ar an ngradam agus pictiúr Shéamuis greanta chun tosaigh air.

Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Mark McHugh'