Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ag Oíche Ghradaim an Chontae i dTír Chonaill

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar an ngradam atá ainmnithe as an gcraoltóir raidió a chaith blianta fada i mbun tráchtaireachta agus anailíse ar an stáisiún

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ag Oíche Ghradaim an Chontae i dTír Chonaill

Is ar an 3 Nollaig in Óstán an Abbey i mbaile Dhún na nGall a bhronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh i mbliana, in ómós an craoltóra aitheanta Chonallaigh a bhásaigh go tobann i mí Iúil.

Bronnfaidh Cumann Lúthchleas Gael an gradam ar an bpeileadóir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall ag Oíche Ghradaim an Chontae. Iriseoirí spóirt an chontae a roghnóidh an buaiteoir.

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar an ngradam, atá ainmnithe as an gcraoltóir raidió a chaith blianta fada i mbun tráchtaireachta agus anailíse ar an stáisiún.

Agus an gradam á sheoladh aige i mí Mheán Fómhair, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go raibh an Ghaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus Raidió na Gaeltachta “ar thrí cinn de na nithe ba ghaire do chroí Shéamuis Mhic Géidigh fad a bhí sé beo”. Tá na “bunluachanna céanna” ag baint leis an nGradam nuasheolta, a dúirt sé.

“Onóir mhór a bheidh ann don imreoir ar a mbronnfar an gradam, agus creidim go mbeidh ardmheas air, mar a bhí ar Shéamus féin, beannacht Dé leis,” a dúirt Uachtarán CLG.

Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, go dtabharfadh an gradam spreagadh don dream óg, rud a rinne Séamus Mac Géidigh féin i gcónaí.

“Mol an Óige agus tiocfaidh sí, a deirtear, agus ba nós le Séamus Mac Géidigh i dtólamh ugach agus spreagadh a thabhairt don dream óg, mar sin is cuí go dtabharfaidh an gradam seo aitheantas do pheileadóir óg ina chontae dúchais féin.

“Ní dhéanfaidh muid dearmad choíche de Shéamus, nó ar an obair mhór a rinne sé do Chumann Lúthchleas Gael, go háirithe anseo i nDún na nGall.”

Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall do Shéamus Mac Géidigh agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar chraoltóir cumasach agus mar shárthráchtaire spóirt.

Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ag Oíche Ghradaim an Chontae i dTír Chonaill'