Gradam Shéamuis Mhic Géidigh bronnta den chéad uair agus aitheantas tugtha do Mhichael Murphy

Bronnadh an gradam, atá ainmnithe in onóir an chraoltóra aitheanta a bhásaigh níos luaithe i mbliana, ar Murphy de bharr na ngaiscí a rinne sé le Gleann tSúilí i rith chraobh an chontae i mbliana

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh bronnta den chéad uair agus aitheantas tugtha do Mhichael Murphy

Dolores Mhic Géidigh agus Ceannaire RTÉ RnaG, Edel Ní Chuireáin, le Michael Murphy

Bronnadh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ar Michael Murphy ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall oiche Shathairn.

Is gradam nua é seo, a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bun in onóir an chraoltóra a cailleadh go tobann i mí Iúil. Bronnfar  Gradam Shéamuis Mhic Géidigh feasta ar an imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall. Is coiste de 12 iriseoirí spóirt i nDún na nGall a roghnaíonn buaiteoir an ghradaim.

Ba é Murphy a thug leis an duais de bharr a chuid taispeántas agus é mar cheann feadhna ar Ghleann tSúilí a bhuaigh Craobh an Chontae don triú huair le cúig bliana anuas.

Bhí amhras ann an mbeadh captaen Dhún na nGall in ann aon pháirt a ghlacadh i mbabhtaí díbeartha an chomórtais agus drochghortú ag cur as dó ach d’fhill Murphy ar an bhfoireann níos scioptha ná mar a bhíothas ag súil leis chun spreagadh a thabhairt dóibh. Ba iad Cill Charthaigh rogha mhór na coitiantachta i gcluiche ceannais an chontae i mí Dheireadh Fómhair ach ní raibh siad in ann Murphy a stopadh agus 1-5 a d’aimsigh sé le cinntiú go mbeadh an lá le Gleann tSúilí .

Ba í Dolores Mhic Géidigh, bean chéile Shéamuis, a bhronn an gradam ar Murphy ag ócáid in Óstán na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall.

Agus é ag labhairt le donegalsportshub.com i ndiaidh an bhronnta, dúirt Murphy gur dhuais speisialta a bhí ann dó agus gur mhaith an rud é onóir a thabhairt do Shéamus agus gur spreag an craoltóir é chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

“Thagadh sé chugam i gcónaí ag fiosrú, ‘Cad é mar atá do chuid Gaeilge?’ agus déarfainn nach raibh sí sách maith dó fós ach, in ómós dó, ba mhaith liom beagán feabhais a chur uirthi anois.”

Bhí ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, i láthair ag an mbronnadh chomh maith agus labhair sí faoin ngradam agus faoin ócáid.

““Bhí ócáid iontach speisialta againn anseo anocht, cé go raibh sé brónach agus muid ag cuimhniú go láidir ar Shéamus, dlúthchuid den fhoireann, atá ar lár.  Ba le hómós do Shéamus a thionscain muid an gradam seo, agus le haitheantas a thabhairt dona thiomantas do Chumann Lúthchleas Gael, go háirithe anseo ina chontae dúchais.  Tréaslaím a ghradam le Michael Murphy, tá sé tuillte go maith aige, agus cuireann sé leis go mór go raibh aithne mhaith aige ar Shéamus.

“Is í an Earagail a spreag an dearadh don ghradam.  Mar go raibh a chroí go hiomlán ina cheantar dúchais ag Séamus, chinn Redmond [Herrity, dealbhóir an ghradaim] go mba cheart an gradam a dhéanamh as cloch eibhir Dhún na nGall, agus fuair sé cead speisialta cloch a thógáil ón Earagail dó.”

Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh bronnta den chéad uair agus aitheantas tugtha do Mhichael Murphy'