Gradam MacNamee CLG le bronnadh ar Tuairisc.ie ‘a scríobh leathanach nua i stair na hiriseoireachta i nGaeilge’

Bronnfaidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail Gradaim Mhic Con Midhe 2016 ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Dé hAoine seo chugainn

Gradam MacNamee CLG le bronnadh ar Tuairisc.ie ‘a scríobh leathanach nua i stair na hiriseoireachta i nGaeilge’

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá gradam MacNamee le bronnadh ag CLG ar Tuairisc.ie as an gclúdach a dhéantar ar an suíomh seo ar chluichí na nGael.

Agus buaiteoirí ghradaim chumarsáide CLG 2016 á bhfógairt tráthnóna, dúradh gur “scríobhadh leathanach nua i stair na hiriseoireachta i nGaeilge” nuair a tháinig Tuairisc.ie ar an bhfód “díreach mar a rinneadh os cionn 40 bliain ó shin le bunú Raidió na Gaeltachta agus le teacht TG4 ina dhiaidh sin”.

Dúirt lucht CLG gur chuir Tuairisc.ie seirbhís spóirt agus nuachta laethúil ar fáil “nach raibh a leithéid feicthe cheana” agus go raibh an tseirbhís sin “fite, fuaite leis na hathruithe ollmhóra a tháinig ar na meáin nua chumarsáide agus shóisialta”.

Dúradh go raibh An Gradam Gaeilge á bhronnadh ar Tuairisc.ie seo de bharr an chúraim a dhéanann sé do chluichí Chumann Lúthchleas Gael “go náisiúnta agus go háitiúil” agus de bharr feabhas an tsaothair ag “an réimse leathan colúnaithe” a bhíonn ag soláthar don suíomh.

Bronnfaidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail Gradaim Mhic Con Midhe 2016 ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Dé hAoine seo chugainn.

Dúirt Ó Fearghail go raibh tábhacht níos mó ná riamh le réimse na cumarsáide i gcur chun cinn CLG agus gur cúis áthais dó go bhfuil an teicneolaíocht á cur ag obair ar leas na gcluichí.

“Déanaim comhghairdeas le buaiteoirí na bliana seo ar fad agus tá súil agam ní hamháin go dtabharfaidh an t-aitheantas seo spreagadh dóibh ach go dtabharfaidh sé spreagadh chomh maith do dhaoine eile a n-eiseamláir a leanúint,” a dúirt Ó Fearghail.

Dúirt Pádraic Ó Ciardha, Eagarthóir CLG Tuairisc.ie, go raibh na cluichí Gaelacha “ina ndlúthchuid” de sheirbhís Tuairisc.ie ó thús agus gur “údar misnigh” d’fhoireann an tsuímh an Gradam MacNamee.

Ghabh Eagarthóir Tuairisc.ie buíochas ar leith leis na hiriseoirí agus tráchtairí a chuireann ábhar ar fáil don suíomh.

“Táimid buíoch go háirithe de John Allen, Dara Ó Cinnéide agus Mártan Ó Ciardha agus a leithéidí as ábhar ar ardchaighdeán a chur ar fáil dúinn go rialta agus táimid buíoch leis dár ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín a chuireann pictiúir iontacha ar fáil dúinn, ní hamháin de na laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh ach d’ócáidí eile atá gar dár gcroí, ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán faoi chluichí CLG ar fáil i nGaeilge agus is mór an ní go n-aithníonn CLG an tábhacht a bhaineann lena leithéid,” a dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie.

I measc na mbuaiteoirí eile, tá Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir le Nuacht TG4 arb as an gCeathrú Rua i gConamara di. Tá duais buaite ag Ní Cheallaigh don chlár raidió a rinne sí do RTÉ faoin mbainisteoir iománaíochta, Davy Fitzgerald.

Ar Neil Loughran ón Irish News a bhronnfar Gradam Náisiúnta na Meán as alt dá chuid faoin iarpheileadóir le Contae an Dúin, Peter Withnell.

Bronnfar gradam saoil ar an iriseoir agus údar Donal Keenan.

Ar na buaiteoirí eile, tá Kerry’s Eye (Foilseachán Réigiúnda), Cumann Chlann na nGael, Ros Comáin (Suíomh Idirlín), John Mcllwaine (Grianghraf na Bliana), CLG Thír Eoghain (An Clár Oifigiúil is Fearr), CLG Mhuineacháin (An Foilseachán CLG is Fearr), CLG Bhiaille, Ciarraí, (An Foilseachán Club is Fearr) agus Armagh TV (An Togra Digiteach Nua is Fearr).