Gradam ‘Lóchrann’ le bronnadh ar Mhicheál Ó Muircheartaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Bronnfar buanGhradam ‘Lóchrann’ Údarás na Gaeltachta ar an gCiarraíoch clúiteach ag Comórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Gradam ‘Lóchrann’ le bronnadh ar Mhicheál Ó Muircheartaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil Gradam ‘Lóchrann’ Údarás na Gaeltachta le bronnadh ar an gcraoltóir aitheanta Micheál Ó Muircheartaigh. Is ag Comórtas Peile na Gaeltachta, atá á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh an deireadh seachtaine seo chugainn, a bhronnfar an gradam ar an gcraoltóir iomráiteach as Dún Séann i gCorca Dhuibhne.

Tá an t-aitheantas seo á thabhairt d’Ó Muircheartaigh as an tacaíocht ar leith atá tugtha aige do Chomórtas Peile na Gaeltachta, do na cluichí Gaelacha trí chéile, don Ghaeilge agus don chultúr Gaeltachta.

Thug Ó Muircheartaigh os cionn 60 bliain ag tráchtaireacht ar chluichí CLG ar RTÉ. D’éirigh sé as in 2010 ach bíonn sé fós le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Luan i rith an tsamhraidh agus na cluichí móra á bplé aige.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur “cúis áthais agus bróid” don eagraíocht a bheith ag déanamh urraíochta ar an ngradam, go háirithe agus é á bhronnadh “ar cheann de laochra móra na Gaeltachta agus na tíre, ár gcara dílis, Micheál Ó Muircheartaigh”.

“Tá ríméad orainn go bhfuil sé roghnaithe ag Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta chun an t-aitheantas speisialta seo a fháil i bhfianaise an méid atá déanta aige chun an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ar fud na tíre agus ar fud an domhain go deimhin.

“Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta arís i mbliana urraíocht a dhéanamh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta mar a rinneamar ó bhliain a bhunaithe siar sna seascaidí,” a deir Ó Cúláin.

Bunaíodh Gradam Lóchrann in 2013 agus bronntar é gach bliain é ar dhuine a bhfuil gaisce déanta acu maidir le cúrsaí spóirt a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta a roghnaíonn buaiteoir an ghradaim atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Is é an t-ealaíontóir Pádraic Reaney, as Conamara, a dhear agus a rinne an gradam.

Fág freagra ar 'Gradam ‘Lóchrann’ le bronnadh ar Mhicheál Ó Muircheartaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta'

  • micheal

    bhi lochrann ag Diogenes cho maith, b’fhe’ go mbainfeadh Micheal an fheidhm cheanna as sa tir seo