Gradam GAA.ie don ‘imreoir is fearr’ buaite ag peileadóir as Conamara

Roghnaíodh lánchúlaí ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe, Seán Andy Ó Ceallaigh, mar Pheileadóir na Seachtaine ar shuíomh GAA.ie

Gradam GAA.ie don ‘imreoir is fearr’ buaite ag peileadóir as Conamara

Seán Andy Ó Ceallaigh ag croitheadh lámh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn roimh chluiche ceannais na hÉireann Dé Sathairn seo caite. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chaill peileadóirí Faoi-21 na Gaillimhe cluiche ceannais na hÉireann Dé Sathairn seo caite, ach is beag locht a bhí ar a lánchúlaí, Seán Andy Ó Ceallaigh as Leitir Móir i gConamara.

Thuill taispeántas Uí Cheallaigh ardmholadh ó shin agus tá tuilleadh aitheantais faighte anois aige agus Peileadóir na Seachtaine GAA.ie buaite aige.

Vóta poiblí a bhíonn i gceist leis an gcomórtas a reáchtálann CLG agus cé gurb iad foireann Bhaile Átha Cliath a thug an lá leo ar an Tulach Mhór an tseachtain seo caite, is léir go ndeachaigh taispeántas lánchúlaí na Gaillimhe i bhfeidhm go mór ar lucht leanta na peile. Triúr a bhí ar an ngearrliosta ag CLG agus mheall an fear Gaeltachta níos mó vótaí ná an bheirt eile, Eoin Murchan agus Brian Howard as Baile Átha Cliath.

Go deimhin fuair Ó Ceallaigh os cionn leath de na vótaí a caitheadh ar na meáin shóisialta d’Imreoir na Seachtaine GAA.ie. 3,529 vóta (56%) a fuair Ó Ceallaigh, i gcomparáid le 1,393 (22%) do Murchan agus 1,351 (22%) do Howard.

Con O’Callaghan, atá ar fhoireann shinsir Bhaile Átha Cliath, a bhí á mharcáil ag Ó Ceallaigh sa chluiche ceannais agus cé gur aimsigh O’Callaghan cúl sa dara leath, fuair fear na Gaillimhe an ceann is fearr ar a chéile comhraic.

Drochlá d’fhoireann na Gaillimhe a bhí ann, ach b’údar dóchais dá lucht tacaíochta taispeántas an lánchúlaí agus é á fhéachaint le duine de na h-imreoirí óga is fearr sa tír. Agus é faoi agallamh i ndiaidh an chluiche, dúirt bainisteoir na Gaillimhe, Gerry Fahy, go raibh taispeántas Uí Cheallaigh, “chomh maith le taispeántas ar bith eile” dá bhfaca sé riamh ó imreoir CLG.

Tá fadhbanna ag foireann shinsir na Gaillimhe le roinnt blianta anuas le hionad an lánchúlaí agus is go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag an lucht bainistíochta ar fhear Naomh Anna Leitir Móir as seo amach.

Idir an dá linn, chuaigh sárthaispeántas Uí Cheallaigh i gcluiche ceannais na seachtaine seo caite i bhfeidhm go mór ar idir iriseoirí agus iarimreoirí.

Fág freagra ar 'Gradam GAA.ie don ‘imreoir is fearr’ buaite ag peileadóir as Conamara'

  • Lábhrás ó confhaola

    Tá mé fíor bródúil as Séan Andy ó céallaigh as an éicht atá déanta ág an féar. is as céantar ná nóiléan mé féin agus cumann péile Naomh Anna as an éacht atá déanta ag an cumann agus lé cúna dé tá lád Óg éile atá ag imirt gó mínóir An Gaillimh agus sín é
    máitis éoin báiréad as léitir méallain

    Húp