Gradam Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar Bhrian Ó Baoill

Bronnfar gradam ar an scríbhneoir agus gníomhaí teanga as Indreabhán ag Ard-Fheis an Chonartha i gcathair na Gaillimhe oíche Dé Sathairn

Gradam Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar Bhrian Ó Baoill

Bronnfaidh Conradh na Gaeilge gradam speisialta ar an scríbhneoir agus an gníomhaí teanga, Brian Ó Baoill, as Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe, ag Ard-Fheis na heagraíochta i gcathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo.

Bronnfar ‘Gradam Chonradh na Gaeilge’ ar Ó Baoill, arb as Bealach an Doirín i Ros Comáin ó dhúchas é ach atá ina chónaí in Indreabhán le blianta fada, ag dinnéar na hArd-Fheise in Óstán Chuan na Gaillimhe Dé Sathairn.

Tá a shaol caite ag Ó Baoill, atá 87 bliain d’aois, ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. I 1969 scríobh sé An Bealach Rúnda, leabhar scéalta agus amhrán, nuair a chonaic sé go raibh easpa leabhar Gaeilge ann do pháistí. Ó shin i leith tá 28 leabhar scríofa aige, leabhair do pháistí, leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí, úrscéalta, drámaí, filíocht, leabhair thaistil agus aistriúcháin ón mBreatnais ina measc.

Ghlac sé páirt ghníomhach san fheachtas ar son bhunú stáisiún teilifíse Gaeilge sna 1980í agus chaith sé seal i bPríosún Theach Locháin i gContae an Chabháin nuair a dhiúltaigh sé fíneáil £50 a gearradh air a íoc mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Scaoileadh amach as an bpríosún é nuair a chuaigh cairde leis i mbannaí air.

Bhí sé ina rúnaí ar Chraobh Chonradh na Gaeilge i Londain, áit a raibh sé ina chónaí tamall agus é ag obair leis na comhlachtaí Unilever agus Plessey ann, agus bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha in Éirinn. Ceapadh ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge Cheanada anuraidh é.

D’oibrigh Ó Baoill ar son na Gaeilge i gCeanada sna blianta 1957-1959, agus bhíodh sé ag eagrú cruinnithe Gaelacha agus ag múineadh na Gaeilge do Ghael-Cheanadaigh. Tá dlúthcheangal aige i gcónaí le Gaeil Cheanada tríd an obair a dhéanann sé ar son Ghaeltacht Cheanada agus ar son Oireachtas na tíre sin.

Tá duaiseanna litríochta bainte amach aige dá shaothar ag Oireachtas na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge Cheanada agus ag Mòd na hAlban. Bronnadh Gradam Liteartha an Oireachtais air in 2011.

“Rinne Briain éacht oibre le hÓgchlubanna Chonamara, tráth go raibh club óige i ngach paróiste i nGaeltacht Chonamara, agus is le díograis agus le fuinneamh a chaith sé a chuid ama ar Choiste Gnó an Chonartha. Is mór againn Gradam Chonradh na Gaeilge a bhronnadh ar Bhrian mar aitheantas ar an tiomantas a léirigh sé don teanga i gcónaí,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha.

Dúirt sé freisin go bhfuil Ó Baoill “sáite i bhforbairt a phobail féin” i gCois Fharraige, áit ar thóg sé féin agus a bhean Beití a gclann, Ruairí, Niamh agus Dara. Phós Ó Baoill Beití Jones, arb as an mBreatain Bheag í, i 1964.

D’aistrigh an teaghlach go dtí an Teach Mór in Indreabhán i 1975.

Bhí baint ag Ó Baoill ar feadh na mblianta le Cumann Forbartha Chois Fharraige, le Comharchumann Sailearna, le Glór na Gaeilge agus le Club Óige Lurgan sa cheantar.

Chláraigh sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1951 agus tá sé ina bhall den eagraíocht ó shin i leith. Ghlac sé páirt freisin san fheachtas ‘Let the Language Live’ sna 1960í, feachtas a bhí an-ghar dá chroí. Ba é a bhunaigh an comórtas náisiúnta ‘Slógadh’ i 1970, nuair a bhí sé ag obair le Gael Linn.

Bhí baint aige freisin le bunú Scoil Neasáin i 1969, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha na scoile ar feadh tréimhse.

Tá Brian Ó Baoill fós ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus bíonn sé fós ag plé leis an scríbhneoireacht.

Osclóidh Alan Esslemont, Ardstiúthóir TG4, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go hoifigiúil tráthnóna amárach in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá.

Fág freagra ar 'Gradam Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar Bhrian Ó Baoill'

  • Mícheál Mac Aonghusa

    Tá an t-aitheantas seo tuillte go maith ag Brian.