Tá Gradam Radharc, buaite ag an gclár faisnéise Torthaí na Daoirse a craoladh ar TG4.
Clár é Torthaí na Daoirse faoin stailc i siopaí Dunnes Stores sa bhliain 1984 mar agóid in aghaidh pholasaithe na Cinedheighilte san Afraic Theas.
Dhiúltaigh Mary Manning, oibrí 21 bliain d’aois a bhí ag obair i Dunnes Stores Shráid Anraí i mBaile Átha Cliath, oráistí Outspan ón Afraic Theas a láimhseáil i mí Iúil na bliana sin. Nuair a cuireadh Manning agus an deichniúr eile a sheas léi ar fionraí, tosaíodh an stailc.
Seo an dara huair as a chéile ar bhuaigh clár a rinneadh do TG4 príomhdhuais Radharc, gradam cuimhneacháin ar scannánóirí na sraithe ‘Radharc’ a chraoltaí ar RTÉ ó 1961 go 1996. Sagairt a bhí sa mheitheal a sholáthair an tsraith Radharc, na céadta clár faisnéise ar cheisteanna conspóideacha ó gach cearn den tír agus den domhan.
Dúirt Leas-Cheannasaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha ar Nuacht TG4 gur “mór ag TG4” an gradam iomráiteach a bheith buaite ag an stáisiún faoi dhó.
Fág freagra ar 'Gradam buaite ag clár TG4 faoi agóid in aghaidh na Cinedheighilte san Afraic Theas'