Gradaim Uí Ógartaigh le bronnadh an tseachtain seo chugainn agus 12 comhlachtaí ar an ngearrliosta

Tá 12 gnólacht i gcathair na Gaillimhe istigh ar Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh agus duaiseanna le gnóthachtáil i gcúig rannóg éagsúla

Gradaim Uí Ógartaigh le bronnadh an tseachtain seo chugainn agus 12 comhlachtaí ar an ngearrliosta

Ionadaithe na ngnólachtaí atá istigh ar Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Bronnfar Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradaim a bhronntar ar ghnólachtaí i gcathair na Gaillimhe a chuireann an Ghaeilge chun cinn, in Óstán Bhóthar na Trá Dé Luain seo chugainn.

Tá 12 gnólacht ar ghearrliosta na nGradam agus súil acu gradam a bhaint amach i gceann de na cúig rannóg atá ann i mbliana. Bronnfaidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, na gradaim don mhiondíoltóir is fearr, don ghnólacht turasóireachta agus fáilteachais is fearr, don soláthar seirbhísí is fearr, chomh maith le gradam i gcatagóir “na gcomhlachtaí eile” agus an mórghradam féin.

Bronnfar pacáiste fógraíochta €2,000 sa Galway Advertiser, príomhurraitheoir na nGradam, ar an ngnólacht a thabharfaidh leo an phríomhdhuais sin, chomh maith le pacáiste fógraíochta ar TG4 agus sraith ceardlanna gnó. Bronnfar pacáistí gnó €2,000 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí uile, chomh maith le dealbh speisialta.

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, Noel Larkin, gearrsliosta Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh níos luaithe i mbliana. Dúirt Declan Varley, eagarthóir an Galway Advertiser, príomhurraitheoir an chomórtais, go bhfuil “roinnt mhaith gnólachtaí éagsúla” ar an ngearrliosta i mbliana.

“Tá Gaillimh athraithe ag na gradaim trí léargas a thabhairt dúinn ar an draíocht a bhaineann leis an nGaeilge. Tá an-áthas ar an Galway Advertiser tacaíocht a thabhairt don Ghradam mar go luíonn sé isteach lenár meon féin. Tá na gnólachtaí ar fad a ghlacann páirt sa Ghradam ag déanamh a gcion féin le cur le huathúlacht na Gaillimhe agus molann muid go hard sibh as bhur n-iarrachtaí. Go n-éirí go geal libh.”

 “Tá roinnt mhaith gnólachtaí éagsúla ar an nGearrliosta i mbliana, ó ‘Stiléir Poitín’ go dtí Spás Oibre Comhionaid agus rud amháin comónta acu ar fad – tá siad uile tar éis glacadh go fonnmhar leis an dátheangachas ina gcuid gnólachtaí. Tabharfar deis dóibh an oíche sin a gcuid iarrachtaí dátheangacha a chur i láthair agus a cheiliúradh le slua mór aíonna, chomh maith lena gclann, lena gcairde agus lena gcomhghleacaithe gnó,” a dúirt Varley.

Tá na gnólachtaí uilig atá istigh ar an gcomórtas á meas faoi láthair ag an gceathrar moltóirí atá roghnaithe ag Gaillimh le Gaeilge. Is iad sin an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil an Ghnó in UCD, Sonya Nic Lochlainn, Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha le hÚdarás na Gaeltachta, Clíona Ní Mhurchú, Bainisteoir Réigiúnach Top Oil, a thug leo an Gradam anuraidh, agus Tony Barret, Stiúrthóir WestBIC.

Tá tábhacht ar leith ag baint le bronnadh Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana ó tharla go bhfuil an eagraíocht teanga ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe. Tá Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh 15 bliain ar an bhfód i mbliana.

“Bíonn muid ag tnúth go mór leis an ócáid seo chuile bhliain mar go dtugann sí deis dúinn an obair mhór dhátheangach atá déanta ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí na cathrach a thaispeáint agus a cheiliúradh. Is díol suntais an éagsúlacht mór gnólachtaí a ghlacann páirt sa Ghradam, chomh maith leis an bhfiuchadh foinn agus an fuinneamh diongbháilte a chruthaítear agus gnó dátheangach á chruthú acu.

“Is cinnte go dtugann sé ardú croí agus misneach d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge. Spreagann sé muid cur le húsáid na Gaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann agus a cáil mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a threisiú tuilleadh,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge.

Gearrliosta Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2017:

An chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:

Ionad na Faiche Móire

Mary’s Fish

Sweeney Oil

Thomas Woodberrys

An chatagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:

Clayton Hotel Galway

The Connacht Hotel

Catagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Cross Street Dental

Lorg Media

Catagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Carey Developments

Micil Poitín

PorterShed

Siopa Leabhar Uí Chionnaith