Gradaim Uí Chuanacháin le bronnadh i gcathair Chorcaí ar ghnólachtaí Gaelacha anocht

Tabharfar aitheantas amárach do ghnólachtaí i gcathair Chorcaí atá tar éis ‘bá agus tiomantas don Ghaeilge’ a léiriú i gcaitheamh na bliana

Gradaim Uí Chuanacháin le bronnadh i gcathair Chorcaí ar ghnólachtaí Gaelacha anocht

Tharraing an Flying Enterprise droch-cháil i measc lucht na Gaeilge ar ghnólachtaí Chorcaí níos luaithe i mbliana nuair a dúradh le fostaí dá gcuid nach raibh cead aige a bheith ag Gaeilgeoireacht agus é ag obair.

Bronnfar gradaim anocht, áfach, ar ghnólachtaí sa chathair a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc a bhfostaithe agus a gcuid custaiméirí.

Bronnfar Gradaim Uí Chuanacháin anocht ar ghnólacht i gcathair Chorcaí a bhfuil “bá agus tiomantas don Ghaeilge” léirithe aici le bliain anuas.

Beidh na Gradaim á mbronnadh in Óstán Metropole sa chathair mar chuid d’Oíche na nGael a bheidh á reáchtáil ag Gael-Taca Chorcaí san ionad céanna.

Is iondúil go mbronntar dhá ghradam, gradam na ngnólachtaí móra a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe iontu, agus gradam na ngnólachtaí beaga, a bhfuil naonúr nó níos lú fostaithe iontu. Bronnfar dhá ghradam eile i mbliana, áfach, do ghnólachtaí móra agus beaga nach raibh san iomaíocht do na príomhghradaim cheana.

Iarradh ar an bpobal gnólachtaí a mholadh do na gradaim níos luaithe i mbliana agus tá naoi ngnólacht anois istigh ar an gcomórtas.

Dúirt Peadar de Blúit ó Ghael-Taca Chorcaí go ndearnadh measúnú ar go leor gnéithe éagsúla de Ghaelachas na ngnólachtaí agus na buaiteoirí á roghnú.

“Bíonn meascán de gach rud a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge á mheasúnú agus na buaiteoirí á roghnú. Bímid ag féachaint ar chur chun cinn na Gaeilge sa ghnólacht féin agus timpeall na cathrach. An mbíonn comharthaíocht Ghaeilge acu? An mbíonn siad ag labhairt Gaeilge ar na meáin shóisialta? An bhfuil Gaeilge ag na fostaithe nó an bhfuil siad á foghlaim? An bhfuil leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil? An mbíonn fógraíocht á déanamh i nGaeilge acu? Cabhróidh rud ar bith mar sin leis na hiarratais,” a dúirt de Blúit. 

Tá Gradaim Uí Chuanacháin, a ainmníodh as Pádraig Ó Cuanacháin, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta Gael-Taca Chorcaí, á mbronnadh ar ghnólachtaí sa chathair le tuairim is 20 bliain anuas.

Beidh an ócáid bhronnta ar siúl anocht ag 8.00pm in Óstán an Metropole agus beidh Oíche na nGael ar siúl ó 9.30pm.

Is ceiliúradh bliantúil atá in Oíche na nGael ina dtugtar deis do chainteoirí Gaeilge i gCorcaigh teacht le chéile chun an teanga a cheiliúradh. Beidh an ceoltóir Corcaíoch Jimmy Crowley i láthair agus beidh sólaistí ar fáil freisin.

“Deis atá sa dá ócáid seo aithne a chur ar mhórphobal na Gaeilge i gCorcaigh, eolas a fháil ar ócáidí agus imeachtaí a bhíonn ar siúl trí mheán na Gaeilge sa chathair, agus cloisteáil faoina bhfuil beartaithe ag muintir Gael-Taca don bhliain amach romhainn. É sin ar fad agus neart ceoil agus craic chomh maith,” a dúirt de Blúit.