Gradaim All-Star 2014 fógartha

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na roghanna is conspóidí ar fhoireann All-Star 2014, a fógraíodh ar maidin

 

Kieran Donaghy celebrates scoring a goal 21/9/2014
An raibh Donaghy ar an bpáirc sách fada chun gradam a bhuachan? ©INPHO/Morgan Treacy

Tá na Gradaim All-Star Peile do 2014 fogartha maidin inniu agus, ar ndóigh, is iad buaiteoirí Chraobh na hÉireann, Ciarraí, atá i gceann an tslua agus cúig ghradaim acu. As na hainmniúcháin eile, tá cheithre cinn faighte ag Dún na nGall agus trí cinn buaite ag imreoirí Átha Cliath agus ag Maigh Eo.

Foireann All-Star 2014:

Cúl báire

Paul Durcan (Dún na nGall)

Líne Lánchúil

Paul Murphy (Ciarraí) Neil McGee (Dún na nGall) Keith Higgins (Maigh Eo)

Líne Leathchúil

James McCarthy (Baile Átha Cliath) Peter Crowley (Ciarraí) Colm Boyle (Maigh Eo)

Lár na Páirce

Neil Gallagher (Dún na nGall) David Moran (Ciarraí)

Líne Leaththosach

Diarmuid Connolly (Báile Átha Cliath) Michael Murphy (Dún na nGall) Paul Flynn (Báile Átha Cliath)

Líne Lánthosach

James O’Donoghue (Ciarraí) Kieran Donaghy (Ciarraí) Cillian O’Connor (Mayo)

 

NA PRÍOMHCHEISTEANNA

1. Cá bhfuil Aidan O’Mahony?

Aidan O'Mahony 21/9/2014
Nach raibh gradam tuillte ag Aiden O’Mahony? ©INPHO/Morgan Treacy

An ceann is mó a léimeann amach anseo ná rogha James McCarthy in áit Aidan O’Mahony sa líne leathchúil. Bhí daoine ag gearán gur don líne seo a ainmníodh O’Mahony seachas don líne lán-chúil, ach tá údar clamhsáin níos mó anois ag daoine agus áit aige ar an bhfoireann ar chor ar bith. Dealraíonn sé gur chaill O’Mahony áit ar an bhfoireann toisc go rabhthas buartha go mbeadh an iomarca Ciarraígh ar an bhfoireann dá dtabharfaí gradam dó.

 

2. Ryan McHugh, Aidan O’Shea agus Donnchadh Walsh?

Donnchadh Walsh and Aidan O'Shea come face to face 24/8/2014
Aidan O’Shea (ar chlé) agus Donnchadh Walsh (sa lár) Níl éinne den bheirt acu ar fhoireann na bliana seo. ©INPHO/Morgan Treacy

Tá cúis áitimh ag baint freisin leis an rogha imreoirí sa líne leaththosach. Is é seo an áit a raibh an iomaíocht is géire do ghradaim na bliana seo. Go deimhin níos geire fós a bhí an iomaíocht nuair cinneadh Michael Murphy a aistriú siar ina measc. Is cinnte go raibh an-bhliain ag an mbeirt as Átha Cliath, Connolly go háirithe, ach is deacair a thuiscint cén chaoi nach bhfuair duine as Ryan McHugh, Aidan O’Shea agus Donnchadh Walsh áit ar an bhfoireann.

 

3. Ar raibh dóthain imeartha ag Donaghy i mbliana chun gradam a thuilleamh?

Ansin tá cás Donaghy ann. Nuair a bhog na roghnóirí captaen Dhún na nGall amach go dtí an líne leaththosach, bí cinnte gur ar mhaithe le áit á chruthú do lánthosach Chiarraí a bhí sé. Tá ceann faighte aige anois ach an bhfuil sé tuillte aige? Gan amhras, bhí sé tharr barr sa cúpla cluiche deireanach, ach níor imir sé oiread is soicind amháin dá chontae go dtí nach raibh fanta sa chéad cluiche leathcheannais ach deich nóiméid deireadh

Gan dabht, ba cheart go mbeadh béim níos mó ar na cluichí tábhachtacha agus na Gradaim All-Star á ndáileadh, ach céard faoi na himreoirí sin a bhain ard-chaighdeán amach le linn na bliana ar fad? Mar atá ráite cheana againn, chaill triúr imreoirí a bhí ar fheabhas sa líne leaththosach ó thús deireadh an séasúir áit ar an bhfoireann mar gur aistríodh Michael Murphy siar. Nach mbeadh sé níos cirte agus níos córa áit a thabhairt do Murphy sa líne lánthosach agus gradam a thabhairt do dhuine acu – McHugh, O’Shea nó Walsh?

 

 

Fág freagra ar 'Gradaim All-Star 2014 fógartha'