Grá sa Ghaeltacht agus an múnstad Gaelach aimsir na teorann crua

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Gaiscí an Giro d’Italia, Ceiltigh chaithréimeacha agus cuimhní geala Gaeltachta a spreag an Saighdiúir chun pinn an tseachtain seo

Grá sa Ghaeltacht agus an múnstad Gaelach aimsir na teorann crua

Chapeau! Tom Dumoulin, buaiteoir an 100ú Giro d’Italia. Shíl mé go raibh a chosa nite an tseachtain seo caite nuair a stop Dumoulin go tobann ar an ród sin roimhe. Bhí sé giota maith chun tosaigh ar na rothaithe eile ó thaobh ama de ach thapaigh siad an deis ionsaí a dhéanamh air agus é dá rothar.

Agus cúis a stoptha? ‘Natural break; a thugann siad air i gcúrsaí rothaíochta. Bíonn na tráchtairí ag iarraidh an t-ábhar a phlé faoi dhiscréid, is é sin, gan tabhairt le fios go bhfuil réalta rothaíochta i ndiaidh éirí den rothar le, bhuel, le huisce a scaoileadh. Feiceann tú na ceamaraí ag díriú ar an réalta – an bhfuil poll sa bhonn aige; an bhfuil sé tinn? – go dtí go n-aithníonn siad go tobann cad é atá ar siúl agus go bhfuil an réalta lena phumpa a thaispeáint don tsaol mhór.

Ba é Dumoulin a tharraing caint ar an ábhar arís eile, an geansaí bándearg air agus é ag stopadh go tobann cois an bhealaigh mhóir, ag caitheamh a chuid éadaí de faoi dheifir agus ceamaraí uilig an giro ag stánadh air go dtí gur thuig siad cad é a bhí le tarlú.

‘Múnstad’ a thug muidne sa Chumann Gaelach ar an nós; gnás Gaelach an mhionbhusa agus na buachaillí i ndiaidh barraíocht Harp nó Tennants a ól agus muid ag taisteal siar chun na Gaeltachta. (Ní raibh múnstad ag na mná uaisle, ar ndóigh. Níor sheas siadsan taobh an bhealaigh mhóir. Chuaigh siad chun an leithris mar ba cheart.)

Bhí gá leis, ar ndóigh, nó bhí an mionbhus chomh mall le coiste na marbh agus thógfadh turas as Béal Feirste go Dún na nGall uaireanta móra fada. Leoga, bhí teorainn ‘chrua’ in Éirinn an t-am sin fosta agus is minic a d’éirigh turasóirí Sasanacha fiosrach faoi bhaicle buachaillí as Béal Feirste bheith ag triall ar Dhún na nGall le chéile. Chuir sé sin moill ar an trasnú in amanna agus chuir leis an fhonn chun múnstaid.

Á, caidreamh na hóige, dúshlán an léinn, caint na ndaoine, grá sa Ghaeltacht, an múnstad gan an maglia rosa.

Foireann iontach Ceilteach

Comhghairdeas ó chroí le fear Charnlaí, Brendan Rodgers, agus a fhoireann iontach Ceilteach. Chuir na Ceiltigh an dlaoi mhullaigh ar shéasúr an-bhreá ag an deireadh seachtaine agus bua acu i gCorn na hAlban. Bhí an tsraith agus Corn na Sraithe buaite acu roimhe sin agus d’éirigh leo an séasúr a thabhairt chun críche gan oiread agus cluiche a chailleadh in Albain.

Sea, tig leat ceist a chur faoi fhiúntas shacar na hAlban. Ar chóir go mbeadh cead ag BBC Alba ‘buaicphointí’ a thabhairt ar mhórán cluichí a chraolann siad as an tsraith sin? Tuigim duit – ach ná habair liom i ndáiríre go bhfuil caighdeán na peile i bPríomhroinn Shasana nó in La Liga nó sa Bundesliga thar mholadh beirte ach an oiread. Tá dornán maith foirne acu uilig ach tá lear mór foirne ina measc nach bhfuil láidir agus a chaithfeas bheith glic.

Is éacht é séasúr a imirt gan cluiche a chailleadh – is cuma liomsa mura mbíonn ann ach peil Ghaelach faoi bhliain déag nó peileadóirí gairmiúla.

An féidir le Rodgers éachtaí eile a dhéanamh anois? Is maith go bhfuil na Ceiltigh á mbuanú féin sa bhaile ach an féidir leo ionradh a dhéanamh ar an Eoraip? Teastaíonn rómáns. Ba dheas Ajax a fheiceáil i gcluiche ceannais Shraith na hEorpa, iarfhoireann an laoich sin Johan Cruyff. Chaill siad, is fíor, in éadan Man U Mourinho ach, ar a laghad, bhí an geansaí clúiteach sin le feiceáil agus tógann an méid sin féin an croí. Beidh Juve, seanfhoireann uasal eile, againn in éadan Real Madrid ar ball.

Beidh gach aon duine de lucht leanúna na gCeilteach ag súil le héachtaí úra ar pháirceanna na hEorpa – agus greim docht daingean a choinneáil ar gach aon ghradam sa bhaile.

Chan mórán é!

Peil smeil!

Doire 0.11; Tír Eoghain 0.22. Tá an iomaíocht in Ulaidh imithe in ísle ísle ísle brí! Peil smeil!

Fág freagra ar 'Grá sa Ghaeltacht agus an múnstad Gaelach aimsir na teorann crua'