Grá agus gruaim le Leonard Cohen i Mín an Chladaigh

I Mín an Chladaigh fadó, tháinig ceol Leonard Cohen i gcabhair ar Philip Cummings a bheidh i gcónaí buíoch dó

Grá agus gruaim le Leonard Cohen i Mín an Chladaigh

Ní fhaigheann Leonard Cohen an leathchuid den dea-chlú atá ag dul dó. Tá mé ag éisteacht leis faoi láthair agus mé ag scríobh, agus má tá an ghairm ‘file’ tuillte agus feiliúnach d’amhránaí nua-aimseartha ar bith, tá sé tuillte agus feiliúnach dósan. Tá tuiscint, meas agus fios a ghnóthaí aige le focail atá in easnamh ar fhile nó dhó nach n-ainmneoidh mé as múineadh maith.

Ar ndóigh, b’fhile é Cohen sular thosaigh sé ar an cheol (d’aithin sé nach raibh airgead ar bith ag dul leis an fhilíocht) – agus anois cluinim an scairt mhagaidh ó chúl an ranga ag rá nach bhfuil ceol ar bith aige, go bhfuil guth aige mar screadadh cait. Agus b’fhéidir go bhfuil (agus b’fhéidir go won’t), ach dála Dylan agus Tom Waits, ní bhíonn an éifeacht chéanna ag a chuid amhrán má chanann duine le béal binn iad. Is cuid lárnach dá stíl é an guth céanna – ceart go leor, scanraigh sé mo dheartháir óg uair amháin sa tseomra codlata nuair a dhúisigh a ghuth domhain é, ach ní thógfainn sin air – agus tá a thaithí ar an tsaol le cluinstin go soiléir ann.

Dála an scéil, chuala mé taifeadadh de WB Yeats ar an raidió, agus tá guth uafásach aige agus é ag léamh a chuid filíochta os ard, é ag cur bréagthábhachta agus bréagfhuaimniú le gach siolla, beagnach. Ach ní bhaineann an guth d’fhiúntas a dhánta. Ba cheart gurbh amhlaidh an cás le Cohen, ach tá sé amuigh air go bhfuil sé leadránach, gur ábhair ghruama a bhíonn aige i gcónaí agus go bhfuil rud éigin cearr leat má bhíonn tú ag éisteacht leis – music to slit your wrists to, mar a deir an nath cainte i mBéarla.

Ach éist leis seo, sílim go bhfuil rud éigin cearr leat má chuireann an ceol isteach chomh mór sin ar do mhothúcháin. Éistim le ceol áthasach ó am go ham, ach ní chuireann sé áthas orm, agus tá an rud céanna fíor faoi cheol brónach. Ba cheart go mbeadh lárphointe daingean suaimhnis istigh sa duine, tearmann ina bhfuil sé compordach (ní áthasach ná brónach), agus nach mbeadh rudaí beaga suaracha, mar shampla an ceol atá ar an raidió, in ann cur isteach ar an tearmann sin. Mar sin, nuair a éistim le Leonard Cohen, ní hé go bhfuil mé faoi ghruaim ach is amhlaidh go bhfuil dúil agam ina chuid amhrán.

Bhuail mé le Cohen den chéad uair i Mín an Chladaigh. Ceolchoirm phríobháideach a bhí ann; ní raibh sa tseomra ach mé féin agus an cailín a raibh súil agam uirthi ag an am. Ní raibh Cohen féin i láthair, ach sa mhéid go raibh muid ag éisteacht leis ar théipthaifeadán. (Nach bhfuil an Ghaeilge ag éirí iontach cosúil leis an Ghearmáinis maidir leis na chomhfhocail fhada a théann ar aghaidh is ar aghaidh?)

Ba i nGaoth Dobhair fosta a chonaic mé an focal Gaeilge ab fhaide a bhí feicthe agam go dtí sin, ar chomhartha siopa ar Ard na gCeapairí. Siopa Geallghlacadóireachta a bhí ann, agus chuir sé sna trithí gáire mé. Ar an phointe eile sin, d’iarr mé ar bheirt de mhuintir na háite – arís, ní ainmneoidh mé iad as múineadh maith – cad é an chiall a bhí leis an logainm sin Ard na gCeapairí idir an Bun Beag agus na Doirí Beaga. Dúirt siad liom gur sin an áit ar ghnách le bunadh na háite a bhí ag triall ar an ché i mBun Beag scíste a ghlacadh agus a gcuid ceapairí a ithe. Má tá an t-eolas cruinn ag duine ar bith de na léitheoirí, bheinn an-bhuíoch as é a fháil.

Anois, seans go raibh baint ag suim an chailín i gceol Cohen le mo suim s’agamsa a mhúscailt ann, agus baint eile ag ábhar na n-amhrán a bhí ag trácht ar an ghrá don chuid is mó, ach d’fhan mé dílis dó ó shin agus níor lig sé síos mé. Smaoiním air mar Beckett an cheoil, an bheirt acu ag trácht ar ábhair thromchúiseacha mar an bás, an creideamh, an caidreamh agus uaigneas an duine aonair, ach, agus tá seo tábhachtach, tá acmhainn ghrinn ag an bheirt acu agus tá sé le sonrú ina gcuid saothar.
Gabh agus éist leis an amhrán Closing Time le Cohen muna gcreideann tú mé. She’s a hundred but she’s wearing something tight, an líne is fearr liom féin ón amhrán sin.

Ach ar ais go dtí an seomra sin i bPort Uí Churráin agus mé i mo dhéagóir. Cé go raibh súil agam ar an chailín, agus suim aici ionam fosta, níor éirigh linn an chéad phóg a chur i gcrích go fóill agus bhí sé ag teannadh le deireadh an chúrsa. Sa deireadh, d’éirigh an cailín mífhoighneach agus dúirt sí go raibh sí ag imeacht. B’ansin a tháinig Leonard i gcabhair orm, agus beidh mé i gcónaí buíoch dó. Agus í ar thairseach an dorais, luaigh mé teideal amhráin dá chuid a bhí ar an téip a thug sí ar iasacht dom.

Hey that’s no way to say goodbye, arsa mé.

Ní raibh gruaim ar bith le sonrú ina dhiaidh sin.

– Tá an colún seo ar fáil i Dar Liom le Philip Cummings (Coiscéim, 2008)