Gortuithe ag cur as d’fhoireann na hÉireann agus iad ag iarraidh stop a chur le Sasana

Tiocfaidh Iain Henderson, Kieran Marmion agus Jared Payne isteach ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar Shasana an Satharn seo sa chluiche deireanach i gCraobh Sé Náisiún na bliana seo

Gortuithe ag cur as d’fhoireann na hÉireann agus iad ag iarraidh stop a chur le Sasana

Imreoir na hÉireann, Kieran Marmion. INPHO/James Crombie

Agus aghaidh á tabhairt acu ar Shasana an Satharn beag seo, tá trí athrú déanta ag príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann Joe Schmidt ar an bhfoireann a chaill in aghaidh na Breataine Bige seachtain ó shin.

Tá Iain Henderson, Kieran Marmion agus Jared Payne tugtha isteach ag Schmidt agus Éire ag iarraidh stop a chur le hiarracht Shasana an Grand Slam a bhuachan san Aviva.

Gortuithe is cúis le péire de na hathruithe agus é fógartha ag Schmidt nach raibh fáil aige ar Conor Murray ná ar Rob Kearney. Bhí ar Murray an pháirc a fhágáil in aghaidh na Breataine Bige de bharr gortú gualainne agus Marmion atá tagtha isteach ina áit.

Gortú glúine atá ag cur as do Rob Kearney agus Jared Payne a thógfaidh a áit siúd mar lánchúlaí.

Ag streachailt a bhí Éire sa síneadh amach i gcluiche na seachtaine seo caite agus in iarracht é sin a leigheas, tá Henderson tagtha isteach in áit Devin Toner sa dara líne. Ceapadh go raibh an-seans ag Peter O’Mahony áit a bhaint amach ar an bhfoireann agus na fadhbanna sin le réiteach, ach d’fhan Schmidt dílis dá imreoirí sa líne chúil, Seán O’Brien, CJ Stander agus Jamie Heaslip.

Tá dhá athrú eile i measc na n-ionadaithe. Agus Conor Murray imithe, tá deis tugtha do Luke McGrath ó Chúige Laighean. Tá Andrew Conway tagtha isteach ar an mbinse chomh maith agus é deimhnithe cúpla lá ó shin gur bhris Tommy Bowe a chos nuair sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige.

Tá Craobh na Sé Náisiún buaite cheana féin ag Sasana agus iad ag triall anois ar an Grand Slam don dara bliain as a chéile.

Tá dea-scéal faighte ag príomhchóitseálaí Shasana Eddie Jones go bhfuil biseach tagtha ar Billy Vunipola. Tá an tosach réidh le tosú ina chéad chluiche i gcomórtas na bliana seo.

Foireann na hÉireann:

15. J Payne

14. K Earls

13. G Ringrose

12. R Henshaw

11. S Zebo

10. J Sexton

9. K Marmion

1. J McGrath

2. R Best (captaen)

3. T Furlong

4. D Ryan

5. I Henderson

6. CJ Stander

7. S O’Brien

8. J Heaslip

Ionadaithe:

16. N Scannell

17. C Healy

18. J Ryan

19. D Toner

20. P O’Mahony

21. L McGrath

22. P Jackson

23. A Conway

Fág freagra ar 'Gortuithe ag cur as d’fhoireann na hÉireann agus iad ag iarraidh stop a chur le Sasana'