Léirmheas: Ór gan phromhadh

LÉIRMHEAS - Géaraíonn an ghruaim an greann agus géaraíonn an greann an ghruaim. I gcás an scannáin nua Gold, tá léim an dá bhruach caillte.

 Tá an tsraith teilfíse chaithréimeach Game of Thrones i mbarr a réime i láthair na huaire agus uisce le fiacla lucht leanta an chláir ar fud an domhain is iad ag feitheamh go mífhoighneach leis an gcéad ghála eile. Tá aisteoirí na sraithe ina réalta agus d’áiteodh éinne gurb í Masie Williams, i ról an chailín mhisniúil, cheanndána, Arya Stark, duine de laochra agus bunchlocha na sraithe.

Is mór an ghaisce do scannán Éireannach réalt atá faoi rath agus faoi bhláth a mhealladh chun comhghuaillíochta. Seo an dara geábh ar an scáileán mór aici agus más aon chomhartha é a taispeántas anseo tá saol breá aisteoireachta roimpi.

Mar sin féin, caithfidh sí a bheith san airdeall go mb’fhéidir go mbeidh sé ana-dheacair an t-aistear chun coinlíochta a dhéanamh. Cuir ceist ar Haley Joel Osment faoi – ach sin port do lá éigin eile.

Seo an tarna scannán lánfhada ó Niall Heery (a sholáthraigh an scríbhinn in éineacht lena dheartháir), agus an chéad saothar leis ó 2006.

I dtosach an scannáin, címid Ray (David Wilmot – Calvary, The Clinic, agus The Guard) ag féachaint ar tholg atá caite ar thaobh an bhóthair. Tugann sé leis é agus ceanglaíonn de bharr na cairte é. Seo an chéad éachtaint againn ar an saol truamhéalach atá á chaitheamh aige.

Ina dhiaidh sin tugtar le fios dúinn go ndein sé iarracht lámh a chur ina bhás féin tráth agus nach bhfuil a iníon feicthe aige le dhá bhliain déag anuas.

D’fhéadfadh na téamaí sin a bheith mar mháithreacha le scannán a thabharfadh go machnamhach faoin bhféinmharú agus ról an athar i dteaghlaigh scartha, ach is scannán grinn atá in ainm is a bheith anseo, a deirtear linn, agus déantar iarracht an greann is an ghruaim a nascadh le chéile go ciotach.

Géaraíonn an ghruaim an greann agus géaraíonn an greann an ghruaim. Sa chás seo, tá léim an dá bhruach caillte. Go deimhin, ní raibh na hiarrachtaí grinn iontu féin thar mholadh beirte .

I gcaitheamh an scannáin bíonn Ray ag gabháil timpeall leis an tolg ceangailte de bharr na cairte. Bhí seo in ainm is a bheith greannmhar is dócha, ach is amhlaidh go raibh rian na seafóide air.

Tá meitheal cumasach aisteoireachta bailithe. Is breá liom féin James Nesbitt ach anseo tá carachtar leamh idir lámha aige agus fágtar é in áit na leathphingne do chuid mhaith den scannán.  Déanann Kerry Condon a cúraimí go slachtmhar ach tá sí ag strácáil léi idir an greann agus an ghruaim. Is aisteoir cumasach é Wilmot ach mhothaíos éiginnteacht agus mearbhall sa charachtar, é  truamhéalach nóimint amháin agus amaideach/greannmhar nóimint eile.

Déanann Williams cuid mhaith den scannán a iompar agus tugann sí taispeántas den scoth uaithi. Éiríonn léi teacht i dtír ar chanúint Bhleá Cliath go cumasach cé go dtéann sé ar bhóiléigear uirthi ar uairibh. Go deimhin féin imíonn an scannán é féin ar bhóléigear.