Gobnait Ní Mhuineacháin ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tagann Ní Mhuineacháin i gcomharbacht ar a deartháir, an Teachta Dála do Chorcaigh Thiar Thuaidh, Aindrias Ó Muineacháin

Udaras1

Tá an Comhairleoir Contae Gobnait Ní Mhuineacháin ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne go raibh Ní Mhuineacháin, arb as Cúil Aodha di, ainmnithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar bhord an Údaráis.

Mairfidh a tréimhse ar an mbord go dtí an 9 Feabhra 2017.

Screen Shot 2016-06-01 at 17.17.09

Tháinig Ní Mhuineacháin i gcomharbacht ar a deartháir Aindrias Ó Muineacháin ar Chomhairle Contae Chorcaí nuair a toghadh chun na Dála é in olltoghchán na bliana seo.

D’fhág toghadh Aindriais Uí Mhuineacháin go raibh folúntas chomh maith ar Bhord an Údaráis agus tá an folúntas sin líonta anois ag a dheirfiúr.

Is oibrí cúram sóisialta í Gobnait Ní Mhuineacháin.

Bhí a hathair, Donal, ina Theachta Dála chomh maith.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne go raibh áthas air an ceapachán a fhógairt.

“Níl amhras ar bith orm ach go rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna a léiríonn an comhalta go mór chun sochair d’Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta sa tréimhse amach romhainn,” a dúirt an tAire Kyne.

Fág freagra ar 'Gobnait Ní Mhuineacháin ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • padraig

    go sábhála Dia sinn (féin)