Go raibh suaimhneas síoraí ag Joe John Mac an Iomaire – bhí ‘Stradivarius ina ghlór’

Fuarthas an drochscéal inné go raibh Joe John Mac an Iomaire (Joe John Pháidín), fear uasal agus fonnadóir den scoth as Cill Chiaráin, tar éis bháis

Go raibh suaimhneas síoraí ag Joe John Mac an Iomaire – bhí ‘Stradivarius ina ghlór’

Screen Shot 2015-10-26 at 14.14.15

Bhí macalla na n-amhrán ag freagairt ar ais as na gleannta.  Ba bhreá uaidh iad a chasadh.  Glór glan, ceolmhar, soiléir. Amhránaí Mhám Éan – Joe John Mac an Iomaire.

Bhí sé ar thaobh an chnoic seo ag oilithreachtaí agus pátrúin ó rinneadh athbheochan ar imeachtaí Mhám Éan sna hochtóidí. ‘Caoineadh na dTrí Mhúire’ agus amhráin eaglasta eile dá gcasadh aige; ba dheacair Mám Éan a shamhlú dá uireasa.

Tharla sé ag teacht anuas aríst an sliabh i dtreo Shraithe Salach an lá sin gur casadh orm é. Bhí a iníon, Fionnuala, agus a gasúir siúd ina chuideachta.

‘Bail ó Dhia ort ach is iontach an anáil atá agat le haghaidh na n-amhrán th’éis na strapadóireachta suas an cnoc sin’, arsa mise leis.

Tá míle siúil ann in éadan na mbeanna.

‘Ar ndóigh, is deas an rud é a dhéanamh,’ a deir Joe.  ‘Beidh mé na ceithre scóir an chéad bhliain eile’.

Ní shamhlófá go deo an uair sin go raibh Joe ag bordáil ar 80 bliain. Ní raibh sé tugtha uaidh tada mórán in imeacht na mblianta. Déarfá go mba fear é a raibh blianta fada faoi bhláth i ndán dó.

Ach sílim go raibh aistear an tsamhraidh sin ar cheann de na huaireanta deireanacha a dtug Joe aghaidh ar Mhám Éan.

An Domhnach seo caite, tráth a mbeadh sé ag réiteach le dhul chuig an Oireachtas sna blianta a caitheadh, bhásaigh Joe John Mac an Iomaire in Oispís na Gaillimhe. Bhí sé aon bhliain amháin le cois na gceithre scóir.

Ba as Ros Dugáin i gCill Chiaráin i gConamara é Joe John Pháidín. Ansin a d’fhoghlaim sé na hamhráin ina ghasúr agus ina fhear óg; bhí an mianach ann ón gcliabhán agus chur sé barr slachta ar an gcumas sin ag dul thart ag cuartaíocht agus ag éisteacht leis an gcaint agus leis na foinn. Dúradh faoi fhonnadóir eicínt go raibh ‘Stradivarius ina ghlór’ agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Joe.

Bhuaigh sé Comórtas Sean-Nós na bhFear ag an Oireachtas i 1968 agus i 1978. Ansin thug sé leis Corn Uí Riada i 1975 i mBaile Átha Cliath agus i 1977 i nGaoth Dobhair.

Ceapadh Joe ina fhonnadóir cónaitheach sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don bhliain 2013.

Má tá a leithéid de rud agus ‘Réalt’ sa sean-nós, bhí Joe ina measc.  Ach, má bhí féin, b’fhurasta a dhul chomh fada leis agus fiafraí dó an gcasfadh sé cúpla amhrán ag ócáid ina cheantar féin. I gCarna anuraidh, tháinig sé chuig ceolchoirm i gcuideachta Danny Ó Flatharta, a sheanchara, atá anois i dTexas le fada an lá. Chas sé go hálainn an oíche sin.

Chuaigh Joe ar thurais go Boston, go Portland agus go háiteacha eile i Meiriceá – é féin agus Jackie Mac Donncha. Bhíodh a gcomharsa ón tseanaimsir, Peige Ní Chlochartaigh, i mBoston i gcónaí ag iarraidh iad thabhairt anonn chuig na himeachtaí Gaelacha ansin.

Cé gur mar gheall ar a chumas fonnadóireachta is mó a chuimhneofar air i bhfad agus i ngearr – beidh ainm Joe John luaite le tionscal na feamainne i gConamara i gcónaí. Chaith sé blianta fada ag obair don chomhlacht Arramara Teo. Is é an post a bhí aige ná bheith ag imeacht anonn agus anall le cósta i gConamara agus in iarthar Mhaigh Eo mar theagmhálaí le lucht bainte feamainne.

Shocraíodh Joe cén uair a dtabharfaí ualaigh feamainne isteach agus dhéanfaí socruithe faoin uair a bhféadfaí leagan ar an mbaint. Bhíodh daoine ag brath ar an airgead agus ba jab é a bhí sách deacair le láimhsiú. Bhí Joe stuama agus tuisceanach agus bhí ómós dó agus meas air i mbun a chuid oibre.

Bhíodh Joe ar fhoirne iomartha Arramara Teo freisin ina óige agus bainteach le himeachtaí eile i gCill Chiaráin.

Dhá bhliain díreach go ham seo a bhásaigh a bhean chéile, Rita (Devine), go tobann agus iad beirt réitithe le dhul amach an doras chuig an Oireachtas.

Ba mhór an buille é sin; bhí cuid den chroí bainte as teach suáilceach. Rinne Rita níos mo ná a cion féin sa bpobal ó tháinig sí ansin chun cónaithe as Baile Átha Cliath th’éis di féin agus Joe pósadh. Ba mhaith ó Rita amhrán a chasadh freisin.

Choinnigh Joe agus a dheartháir, Colm, orthu ansin i Ros Dugáin ó bhásaigh Rita – ag coinneáil na feilme go breá slachtmhar agus ag fás na nglasraí. Ba ghnaíúil iad.

Fágann Joe John beirt chlainne ina dhiaidh –  Fionnuala, atá ag obair i mBaile Atha Cliath, agus Ciarán, atá ag obair san Eoraip. Fágann sé garchlann, deirfiúr agus deartháir.

Cónaíonn a dheartháir Colm agus a dheirfiúr Bríd Uí Chadhain i gCill Chiaráin.  Tá go leor daoine muintireacha eile ann freisin agus cairde i bhfad agus i ngearr a aireos uathu go mór é.

Go raibh suaimhneas síoraí ag Joe John Mac an Iomaire agus céad slán leis.