‘Go raibh maith agaibh! Beidh spionn maith orm an chuid eile den lá’ – Arlene Foster an-tógtha lena céad ócáid ‘Gaeilge’

Thug ceannaire an DUP cuairt inniu ar Our Lady’s Grammar School ar an Iúr agus ghabh sí buíochas as Gaeilge le foireann na scoile as an bhfáilte a cuireadh roimpi

‘Go raibh maith agaibh! Beidh spionn maith orm an chuid eile den lá’ – Arlene Foster an-tógtha lena céad ócáid ‘Gaeilge’

‪Ceannaire an DUP le linn a cuairte ar Our Lady's Grammar School ar maidin. Pictiúr: @StepWalkTV‬/Twitter

Tá ráite ag Arlene Foster gur bhain ‘tógáil croí’ leis an gcéad ócáid ar an turas teanga atá beartaithe aici chun aithne níos fearr a chur ar lucht na Gaeilge agus ar chultúr na Gaeilge.

Thug ceannaire an DUP cuairt inniu ar Our Lady’s Grammar School ar an Iúr agus ghabh sí buíochas as Gaeilge le foireann na scoile as an bhfáilte a cuireadh roimpi.

Le linn na cuairte, labhair Foster le baill foirne agus le tríocha dalta ón scoil agus chuir na daltaí ceol agus míreanna drámaíochta i nGaeilge ina láthair.

Thug Foster le fios gur bhain ‘tógáil croí’ leis an ócáid agus go bhfágfadh an chuairt go mbeadh ‘spionn maith’ uirthi an chuid eile don lá. Bhí sí an-tógtha chomh maith leis an mbronntanas a thug lucht na scoile di.

Le linn a cuairte ar an scoil i gcontae an Dúin, dúirt ceannaire an DUP nár cheart “faitíos” a bheith ar éinne plé le cultúir eile.

“There is nothing to be feared from engaging with another culture, in fact I think it’s a sign of strength if you engage with another culture that’s not your own.”

Tá sé i gceist ag ceannaire an DUP bualadh le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó POBAL amárach.

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

“Tá fonn orainn meas a léiriú ar an teanga agus go deimhin tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne mar chuid de, agus chuige sin, as seo go ceann tamaill bhig, tá fúm a bheith ag plé agus ag éisteacht le daoine a thagann ó chúlra Gaeilge, daoine nach bhfuil lorg pholaitíocht aon pháirtí orthu ach a bhfuil grá dáiríre acu don teanga agus nach n-úsáideann í mar uirlis pholaitiúil chogaíochta,” a dúirt sí.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart. Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge. “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt ceannaire an DUP an mhí seo caite go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an tAcht Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá ceist na teanga lárnach chomh maith faoi láthair sna cainteanna atá ar bun ó thuaidh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar '‘Go raibh maith agaibh! Beidh spionn maith orm an chuid eile den lá’ – Arlene Foster an-tógtha lena céad ócáid ‘Gaeilge’'

  • Noel O Coileain

    Tosach maith,leath na hoibre. Comhartha maith gur feidir dul chun cinn a dheanamh.