‘Gníomh ciniciúil gan tairbhe é cearta teanga a ghealladh gan córas éifeachtach’ – an t-iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin

Seán Ó Cuirreáin tar éis labhairt amach go poiblí faoi chúrsaí teanga den chéad uair ó d’éirigh sé as a chúram mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na Gaeilge

Commis_Day_2-9346

Tá Seán Ó Cuirreáin tar éis labhairt amach faoi chúrsaí cearta teanga den chéad uair ó d’éirigh sé as a phost mar Choimisinéir Teanga.

Dhá bhliain sa lá inniu, ar an 24 Feabhra 2014, d’éirigh Ó Cuirreáin as a phost mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na Gaeilge.

Níor labhair Ó Cuirreáin go poiblí faoina chinneadh éirí as ná faoi cheist na Gaeilge ó shin, ach in alt nua do Tuairisc.ie déanann sé cáineadh láidir ar chur chuige an stáit ó thaobh na teanga de.

“Go simplí, feictear dom gur gníomh ciniciúil gan tairbhe é cearta teanga a ghealladh don phobal nó na cearta sin a dhaingniú le dlí mura bhfuil córas éifeachtach i bhfeidhm le cinntiú gur féidir géilleadh do na cearta sin; níl sin ann faoi láthair,” a deir Ó Cuirreáin san alt leis a fhoilseofar amárach i rannóg 1916-2016 Tuairisc.ie.

Deir an t-iar-Choimisinéir Teanga go bhfuilimid “ag druidim níos giorra…lá i ndiaidh lae” don uair go mbeidh an “Béarla éigeantach” i bhfeidhm sa státchóras.

Deir sé go bhfuil an scéal amhlaidh mar go bhfuil ranna éagsúla rialtais ag rá nach bhfuil aon ghá dóibh poist a aithint go mbainfeadh riachtanas Gaeilge leo, agus toisc go bhfuil airí rialtais ag maíomh gur ‘ar bhonn deonach’ a chuirfidh a ranna seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.

“Níl de bhrí le baint as an méid sin ach gur tuilleadh imeallú ar an nGaeilge a tharlóidh i gcóras riaracháin phoiblí an Stáit.

“I ndeireadh an lae mura bhfuil dóthain foirne le líofacht i nGaeilge sa státchóras nó mura bhfuil bealach ann lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag fostaithe Stáit a d’fhreastalódh ar phobal na Gaeltachta, is fánach an ní é a bheith ag caint ar chor ar bith ar chearta teanga,” a deir Ó Cuirreáin san alt a fhoilseofar amárach ar Tuairisc.ie.

Dar leis an iar-Choimisinéir Teanga go bhfuil “dul chun cinn déanta ag teanga na nGael i réimsí áirithe den saol” ach go bhfuil sí “níos measa as ná riamh” sa chóras riaracháin phoiblí agus gan “aon léargas ar fáil faoi láthair nach mar sin a fhágfar í”.

“Ar ndóigh, tá fostaithe stáit ann a thacaíonn go mór le cás na teanga ach tá siad imeallaithe agus is mionlach iad.

“Os a choinne sin, tá siad linn fós, na daoine sin ar thagair an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn dóibh tráth, mar ‘those for whom the Irish language isn’t half dead enough’.

“Táthar ann freisin a chreideann go bhfuil leigheas simplí ar chás na Gaeilge don chuid sin den phobal a roghnódh an teanga sin a úsáid: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í!’”, a deir Ó Cuirreáin.

San alt a scríobh sé mar chuid de shraith alt atá á fhoilsiú ag Tuairisc.ie i gcomhar le Éire 2016 –An Teanga Bheo, deir an an t-iar-Choimisinéir Teanga gur “mór” idir meon an stáit i leith na Gaeilge in 2016 “agus an mhian…a bhí go daingean i gcroí an Phiarsaigh d’Éire ‘saor agus Gaelach’”.

Is é Seán Ó Cuirreáin an t-aon Ombudsman i stair an Stáit a d’éirigh as a chúram mar agóid i gcoinne pholasaí an rialtais.

Agus a chinneadh éirí as á fhógairt aige thug Ó Cuirreáin “briolla bhrealla, mugadh magadh agus bréaga” ar iompar an Rialtais i leith na Gaeilge agus ar ionramháil an Stáit ar cheist na teanga. Ní raibh sé féin ag iarraidh a bheith “mar chuid den chur i gcéill”, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Gníomh ciniciúil gan tairbhe é cearta teanga a ghealladh gan córas éifeachtach’ – an t-iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin'