‘Gné thábhachtach de chultúr Thuaisceart Éireann is ea an Ghaeilge’ – 49% den phobal

Léiríonn suirbhé 2013/14 ar úsáid, eolas agus tuiscint na Gaeilge go bhfuil beagnach leath den phobal den tuairim gur gné tábhachtach de chultúr an Tuaiscirt í an Ghaeilge

Graphic NI

Tá 49% de phobal Thuaisceart Éireann den tuairim gur gné thábhachtach de chultúr an Tuaiscirt í an Ghaeilge. Léiríonn torthaí an tsuirbhé a rinneadh thar thréimhse dhá bliain, 2013-14, go bhfuil tuiscint ar an nGaeilge ag 15% den phobal. Is méadú é sin ar an 13% a thug le fios go raibh tuiscint acu uirthi sa suirbhé a rinneadh i 2011/12.

D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta tuarascáil ar an suirbhé leanúnach teaghlaigh ar úsáid, eolas agus tuiscint na Gaeilge ar maidin.

Ba Chaitlicigh den chuid is mó (73%) a bhí den tuairim gur croíchuid de chultúr Thuaisceart Éireann í an teanga. Bhí 47% d’aindiachaithe agus 31% de Phrotastúnaigh ar aon tuairim leo.

Léiríodh sna torthaí gur Caitlicigh is mó (30%) a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus gur ag Protastúnaigh atá an tuiscint is lú uirthi (3%). Chomh maith leis sin, ba sna ceantair dhaibhre a bhí an tuiscint is fearr ag an bpobal ar an teanga (19%). Ní raibh tuiscint ach ag 13% de phobal na gceantar saibhre ar an teanga. Méadaíodh an líon sin ó 8% dhá bhliain ó shin. Tháinig méadú ar líon na ndaoine a a raibh tuiscint acu uirthi i gceantair uirbeacha freisin, ó 11% i 2011/12 go 15% i 2013/14. Níor tháinig athrú ar bith ar staistisicí a bhain le grúpaí agus ceantair eile.

Is mó Gaeilge atá ag an aos óg (17%) ná mar atá ag an dream atá os cionn cúig bliana is dhá scór d’aois (13%).

Ní thuigfeadh ach 1% de phobal an Tuaiscirt clár teilifíse nó raidió a chraolfaí i nGaeilge. Bheadh 2% in ann treoracha a thabharfaí ar an tsráid a leanacht agus bheadh 6% in ann focail agus nathanna simplí ar nós “Dia duit!”, “Caidé mar atá tú?” agus “Go raibh maith agat a Cheann Comhairle” a thuiscint.

Rinneadh cumas sa Ghaeilge scríofa, labhartha agus léite a mheas.

Fuarthas go léamh na Gaeilge ag 7% de dhaoine fásta, scríobh na Gaeilge ag 5% agus Gaeilge labhartha ag 10%.

Tá cumas léite leabhair nó nuachtáin ag 1% den phobal, cumas léite litreach ag 2% agus cumas léite carta poist ag 3%. Tá 2% eile de dhaoine fásta in ann comharthaíocht shimplí ar nós “Cosc ar thobac” a léamh.

Is féidir le beirt as céad duine comhrá casta Gaeilge a bheith acu ar ábhar ar bith. Is féidir le ceathrar as céad abairtí shimplí ar nós “ba mhaith liom cupán tae” a rá agus is féidir le 4% eile nathanna beaga ar nós “Go raibh maith agat” a rá.

Thug 5% de dhaoine fásta go bhféadfaidís ríomhphost casta a scríobh i nGaeilge. Thug 2% le fios go bhféadfaidís cárta poist simplí a scríobh agus 2% go mbeidís in ann focail shimplí a scríobh.

Tá an Ghaeilge ina teanga bhaile ag 4% den phobal agus labhraíonn 4% eile ar bhonn sóisialta í. Ní raibh eolas ar fáil faoi líon na ndaoine a raibh an Ghaeilge ina teanga oibre acu.

Rinne an Lár-Ionad Suirbhéanna i nGníomhaireacht Staitisticí Thuaisceart Éireann an suirbhé ar theaghlaigh ar fud Thuaisceart Éireann. Bhí 3,751 duine páirteach i suirbhe na mblianta 2013/14 agus cuireadh agallamh orthu sin a bhí os cionn 16 mbliana d’aois amháin (“daoine fásta”).

Úsáidfear an t-eolas a bailíodh sa suirbhé seo agus beartais rialtais á scríobh.