Gluaiseacht phobail de dhíth ó thuaidh freisin – faoi rud ar bith

Ardú meanman do dhaonlathaigh ab ea an oiread sin daoine neamhpháirtí a bhí gníomhach i bhfeachtas an reifrinn; nár bhreá an rud a leithéid de rannpháirtíocht i dTuaisceart Éireann - faoi rud ar bith

Pictiúr: Sasko Lazarov/ Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/ Photocall Ireland

B’iontach an radharc é. Daoine ó chuile aicme agus aoisghrúpa gafa le feachtas, iad toilteanach cion fathaigh a dhéanamh ar mhaithe le cúis. Gan dabht, bhí an chúis ábhartha; bhain sé lena saol féin, le saol a bpáistí, a ngarchlann, nó a gcomharsan. Níor cheist theibí í a thuilleadh agus tugadh freagra fial.

Ag faire aduaidh, ba dheacair gan a bheith in éad. Tuigim nach barántas ar bith é an rannpháirtíocht i bhfeachtas an reifrinn go dtarlóidh a mhacasamhail go rialta ná go minic. Dúshlán na bpolaiteoirí é dóthain suime a mhúscailt in ábhair eile chun cuid de na daoine sin, ar a laghad, a choinneáil gníomhach. Cibé ní faoin bPoblacht, ba dheacair gluaiseacht phobail den uile chineál agus aois a shamhlú i dTuaisceart Éireann. Ach nar bhreá an rud é?

I bhfianaise na caithréime sa reifreann ó dheas, tá lucht feachtais an phósta chomhghnéis ag cur brú ar na páirtithe i Stormont glacadh leis sula gcuirfidh rialú cúirte iachall orthu é a dhéanamh. Is é Tuaisceart Éireann anois an t-aon réigiún in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe a shéanann ceart pósta do dhaoine aeracha. Bíonn tinreamh mór ar imeachtaí ar nós Gay Pride ach mar sin féin is mionlach beag iad. Is beag seans go bhfuil sochaí nó polaitíocht Thuaisceart Éireann in inmhe feachtais den tsort a bhí sa deisceart agus an oscailteacht agus saoirse ó dhaorbhreithiúnachas a bhain leis.

Chuir an deighilt sheicteach bac ar ghluaiseachtaí pobail faoi bhochtanas sa tseanaimsir. Bhíodh sean-cheardchumannaithe ag déanamh gaisce blianta ó shin gur tugadh muintir na Seanchille agus muintir na bhFál (Protastúnaigh agus Caitlicigh) le chéile ar mhairseálacha in aghaidh an bhochtanais sna tríochadaí. Mheabhraíodh daoine eile dóibh gur chuir na páirtithe polaitíochta deireadh leis an ngluaiseacht trasphobail sin nuair a d’imir siad an cárta seicteach.

Murab ionann agus an deisceart mar a raibh na páirtithe ar fad i bhfábhar Tá sa reifreann (fiú ma bhí baill aonair ar leith ina choinne), tá polasaithe na bpáirtithe i Stormont ag teacht salach ar a chéile. Níl an leagan amach i leith homaghnéasacht bunaithe ar an deighilt sheicteach, per se. Ar láimh amháin tá an Eaglais Chaitliceach ar aon phort leis an DUP agus ar an láimh eile is é an DUP an t-aon mhórphairtí i Stormont atá dubh dóite in éadan an phósta chomhghnéis. Tá Sinn Féin, an SDLP agus Alliance ar a shon cé go mbíonn líon beag de bhaill an SDLP agus alliance “as láthair” gan míniú ag am vótála. Tugann an UUP vóta saor dá theachtaí ach tá a bhformhór i gcoinne cead pósta do dhaoine aeracha.

Léirigh suirbhé cupla bliain ó shin go raibh 59% de phobal Thuaisceart Éireann i bhfábhar an phósta chomhghnéis. Malairt shuntasach idir an pobal agus an pairtí is mó, an DUP, a bhaineann leas as veto i Stormont chun stop a chur le haitheantas oifigiúil gan trácht ar bhille. Nuair a chuirtear san áireamh an chaint ainmheasartha ó bhaill den DUP ag damnú homaghnéasacht, cén seans go gcuirfeadh gnáthdhaoine iad féin i mbealach na maslaí is iad i mbun feachtais?

Déarfar go bhfuilim ag dul i muinín steiréitíopaí (agus críochdheighilteachas) ach deir tuaisceartaigh an méid seo a leanas liom: ‘Ní dual don tuaisceartach a bheith chomh hoscailte, béalscaoilte leis an deisceartach. Níl sé de nós ag daoine a rún a sceitheadh. Bheadh tionchar ag an deighilt sheicteach ar an éisteacht a gheobhfadh “réalta”. Thabharfadh náisiúnaithe aird ar an Iar-Uachtarán, Mary McAleese, cuir i gcás, ach gheobhadh sí an chluas bhodhar ó aontachtaithe.

B’fhéidir go bhfuil sé sin ar fad fíor. Ach b’fhéidir freisin go bhfuil an pobal ag athrú – díreach mar a d’athraigh an pobal ó dheas i bhfad sul má ritheadh an reifreann. Beidh slógadh ag éileamh ceart pósta do dhaoine aeracha, leisbiacha, trasinscneacha agus déghnéasacha i mBéal Feirste i lár na míosa seo chugainn. Chomh maith le homaghnéasaigh, is iondúil go bhfreastalaíonn heitrighnéasaigh ar na léirsithe sin ina sluaite.

Tabharfaidh an tinreamh leide dúinn cén lion daoine a bheadh sásta tacú leis an éileamh go poiblí. Drochsheans gur reifreann a bheadh i gceist ach áiteamh agus cath bolscaireachta. An mbeadh siad toilteanach a dhul níos faide ná freastal ar shlógadh, a bheith gníomhach i bhfeachtas agus a dhul i ngleic leis an gconspóid ar bhonn pearsanta? Sin céim mhór ach cheal dea-thola ó pholaiteoirí, is faoin bpobal a bheidh.

Fág freagra ar 'Gluaiseacht phobail de dhíth ó thuaidh freisin – faoi rud ar bith'