Do scéal féin a insint i do ghlór féin…níl sé chomh héasca sin!

Caithfidh scríbhneoir a bheith san airdeall ar a léann sé nuair a bhíonn sé i mbun pinn! Fearacht canúintí, bíonn glórtha scríbhneoirí eile tógálach...

books-690219_1280

Seans maith gurb é an rud rúndiamhrach sin ar a dtugtar ‘glór’ an coincheap is teibí ar fad sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Ní glórtha na gcarachtar amháin a bhíonn i gceist ach glór an scríbhneora féin go háirithe: an je ne sais quoi sin a ligeann dúinn a aithint ar an bpointe boise gur údar áirithe seachas údar ar bith eile a scríobh an sliocht atá os ár gcomhair.

Oscail leabhar de chuid Hemingway agus feicfidh tú céard atá i gceist agam. Muise, oscail leabhar ar bith ó pheann Mhichíl Uí Chonghaile agus feicfidh tú céard atá i gceist agam: is leor abairt nó dhó a léamh agus bíonn a fhios agat cé a scríobh.

An í rithim na n-abairtí is cúis leis seo? Rogha an fhriotail? Nó rúndiamhair éigin nach nochtfar ach dóibh siúd a mbíonn an t-ádh leo?

‘Glór’ dá chuid féin a aimsiú, sin é an chloch is mó a bhíonn ar phaidrín an scríbhneora óig, an pota óir ag bun an tuar ceatha. Go minic, déanann an scríbhneoir atá ag tosú amach aithris ar ghlór údair éigin eile mar chuid d’iarracht glór údarásach a fhorbairt dó féin nó di féin. Bíonn cuma amaideach, nó mínádurtha, ar an toradh. Tá a fhios agam céard faoi a bhfuilim ag caint: tá sé déanta agam féin.

Is í an fhírinne, ar ndóigh, ná go dtagann gach duine – bíodh fonn air nó uirthi peann a chur le pár nó ná bíodh – ar an saol le glór sainiúil dá chuid féin. Ach ós rud é go mbíonn ár nglór féin ár mbodhrú ón uair go mbíonn ár gcéad smaoineamh againn, fearacht ár gcanúna féin, ní aithnimid é ná ní fhaighimid aon bhlas air; ceapaimid go bhfuil sé chomh leamh le huisce.

Ceann de na glórtha is mó dár chuir faoi dhraíocht mé riamh ná glór Jamaica Kincaid, orthaí asarlaíochta a mheabhródh scríbhneoireacht na mná seo ó oileán Antigua do dhuine. Dá mbeinn tar éis teacht ar leabhar dá cuid cúig bliana déag ó shin, is cinnte go mbeadh uaireanta fada an chloig curtha amú agam agus mé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar a glór. Nach méanar dom nár léigh mé í go dtí le gairid!

Ach fiú an scríbhneoir a mbíonn muinín aige as a ghlór féin, tharlódh go dtiocfadh sé faoi anáil glór scríbhneora éigin eile i ngan fhios dó féin má bhíonn an glór sin an-láidir. Fearacht canúintí, bíonn glórtha tógálach!

Cúpla mí ó shin, agus mé i mbun eagarthóireachta ar úrscéal nua de mo chuid, thug mé faoi deara go raibh tionchar an scríbhneora Ghearmánaigh-Rómáinigh Herta Müller le brath ar chuid de na caibidil i lár m’úrscéilse: tharla go raibh The Land of Green Plums á léamh agam nuair a bhí an chéad dréacht de na caibidlí sin idir lámha agam. Bhí orm dul siar ar na caibidlí sin arís is arís eile chun pé rud a mheabhródh Müller a bhaint amach; ní hamháin nár oir a stíl don scéal a bhí á scríobh agamsa beag ná mór, ach bhí cuma chiotach ar na caibidlí a bhí i gceist le hais na gcaibidlí eile sa leabhar.

Uair éigin eile, bhí gearrscéal idir lámha agam. A luaithe is a chaith mé súil ar an úrscéal The Black and the Silver leis an údar Iodáileach Paolo Giordano, thug mé faoi deara go raibh tionchar mór millteach ag a ghlór siúd ar mo ghlór féin. D’athraigh rithim agus fiú réim mo chuid scríbhneoireachta.

Dá mhealltaí leabhar Giordano, leag mé uaim é ar an bpointe boise. Theastaigh uaim mo scéal féin a chríochnú i mo ghlór féin.

Gan dabht, caithfidh scríbhneoir ar bith scríbhneoirí eile a léamh. Ach bíonn air a bheith cúramach!

Fág freagra ar 'Do scéal féin a insint i do ghlór féin…níl sé chomh héasca sin!'