Glibín, Ribín agus clár nua Fíbín

Saol Faoi Shráid is teideal don tsraith nua pupadóireachta Gaeilge atá cruthaithe agus léirithe ag an gcompántas Fíbín le haghaidh TG4. Labhair Tuairisc.ie le Darach Ó Tuairisg ón gcomhlacht léirithe, Fíbín, faoin togra nua.

fibín

Dírithe ar leanaí atá idir trí bliana d’aois agus sé bliana d’aois, insítear i Saol Faoi Shráid scéal bheirt phuipéad, Glibín agus Ribín.

Tá cónaí ar an mbeirt i gcroílár na cruinne, sa spás amuigh, ach seo leo ag taisteal timpeall ina n-árthach lá agus brúnn duine acu cnaipe nár cheart a bhrú!

An chéad rud eile, titeann a spáslong anuas ón spéir agus turlaingíonn faoi thalamh – nó ‘faoi shráid’ le bheith níos cruinne faoi.

Castar trí fheithid ansin orthu: Cicí, Rocco agus Dris, atá ina gceoltóirí agus, i bhfocail an léiritheora, Darach Ó Tuairisg, atá bunaithe ar “sean-glam rock band”!

Is é an chaoi a mbíonn Glibín agus Ribín ag foghlaim ó na ceoltóirí seo agus ag cur eolais ar an saol dá mbarr.

Is “rud iontach” é go bhfuil TG4 ag déanamh infheistíochta ar thograí áitiúla ar nós Saol Faoi Shráid, a dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir an chompántais Fíbín, agus é ag caint le Tuairisc.ie.

Is “trí thimpiste” a thit sé féin isteach leis an bpuipeadóireacht:

“Iarradh orm freastal ar chúrsa puipeadóireachta a bhí á reáchtáil ag Telegael, Údarás na Gaeltachta agus TG4 le haghaidh sraith teilifíse darb ainm ‘Na hoobs’ agus roghnaíodh triúr ón gcúrsa sin agus bhí mise ar dhuine acu.

“Tháinig Fíbín as sin i ndáiríre, cé nach bhfuil sa bpuipeadóireacht ach gné amháin den obair a dhéanann muid”, a dúirt sé.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thug Darach agus a chriú an bóthar orthu féin ag déanamh seónna puipeadóireachta ó cheann ceann na tíre. Ar camchuairt dóibh i mBéal Feirste naoi mbliana ó shin, tháinig an BBC chucu ag iarraidh orthu sraith teilifíse a dhéanamh le haghaidh daoine óga i nGaeilge.

Bhí cor gan choinne sa scéal, ámh, agus b’éigean an togra a chaitheamh in aer nuair a cailleadh duine d’fhoireann BBC go tobann le taom croí agus ní raibh a chomharba ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis. Má b’éigean, ní dhearnadh aon mhórdochar:

“Chas mé le fear darb ainm Kevin O’Boyle agus thosaigh muid ag dearadh na gcarachtar”.

Is as sin a tháinig an smaoineamh i gcomhair Saol faoi Shráid agus thosaigh Darach agus a chriú ag teacht le chéile agus ag forbairt an smaoinimh leis an aimsir.

Mhínigh sé do Tuairisc.ie go bhfuil roinnt mhaith daoine tar éis a bheith bainteach leis an togra agus go mbaineann a bhformór le ceantar Chonamara, rud a bhfuil sé an-bhródúil as.

Go deimhin, is é a thuairim féin gur tábhachtaí i bhfad go mbeadh gasúir áitiúla le cloisteáil agus le feiceáil ag glacadh páirte i dtograí mar seo seachas táirgí ón taobh amuigh a thabhairt isteach agus guthú a dhéanamh orthu.

Ceadaíodh buiséad €1 mhilliún don tsraith seo agus tá i gceist ag an gcriú sraith eile a dhéanamh amach anseo.

Idir an dá linn, áfach, chomh maith le bheith le feiceáil ar TG4 go han-luath, tá Aip agus Leabhar á fhorbairt ag Fíbín do scoileanna na tíre a chabhrós le tuismitheoirí agus le páistí araon teacht isteach ar an gclár agus a oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as.

Ní hamháin sin ach déanfaidh siad seó beo le linn Sheachtain na Gaeilge 2015 agus ag iad ag tabhairt chamchuairt na tíre sa Mhárta.

Beidh clár speisialta de Shaol Faoi Shráid á chraoladh Oíche Nollaig i rith an lae ar TG4, ag a naoi a chlog ar maidin ar dtús agus ansin ag a trí a chlog tráthnóna.

Craolfar arís é Lá Nollag ag a deich a chlog ar maidin.

Cloisfear leagan álainn de ‘Oíche Chiúin’ á rá sa chéad chlár ag aíonna speisialta, mar aon le roinnt amhráin nuachumtha, agus beidh deis ag na gasúir páirt a ghlacadh ann freisin.

 

Fág freagra ar 'Glibín, Ribín agus clár nua Fíbín'