Gléas leighis deartha ag Éireannaigh mar mhalairt ar obráidí ‘bypass’

Taighdeoir ó OÉG ina húdar ar pháipéar ar earra leighis ceannródaíoch ar féidir é a úsáid chun fadhbanna croí a fhuascailt gan bacadh le hobráidí seach-chonair

Screen Shot 2015-09-29 at 21.07.18

Tá scata taighdeoirí, ceathrar Éireannach ina measc, tar éis paiste nua leighis a dhearadh a d’fhéadfadh daoine a bhfuil fadhbanna croí acu a úsáid in áit dul faoi scian agus obráid seach-chonair a bheith acu.

Tá Ellen Roche, céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i measc na dtaighdeoirí a dhear an paiste agus ba í príomhúdar an pháipéir Science Translational Medicine a phléann an cheist.

ellentroche_1414880548_68
An Dochtúir Ellen Roche

Chuir Roche an obair thaighde i gcrích le linn di bheith ag déanamh PhD in Ollscoil Harvard agus tá sí ag obair anois faoi stiúir an Ollaimh Peter McHugh in Ollscoil na Gaillimhe, mar a bhfuil sí ag déanamh taighde ar fhorbairt drugaí nua i gcomhair tinneas croí agus conas iad a chur ar fáil don phobal ar shlí níos éifeachtaí.

Cataitéar solúbtha a bhfuil solas UV ann, atá deartha ag na taighdeoirí. Is féidir é a chur isteach i bhfuileadán agus é a dhíriú ar an áit a bhfuil an croí fabhtach. Déantar dhá bhalún, atá ar chaon taobh den pholl, a shéideadh nuair a bhíonn an cataitéar istigh. Tá mar a bheadh scáthán ag ceann de na balúin sin agus díríonn sé sin an solas UV ó shnáthoptaic beag sa taobh istigh chun an paiste a ghreamú agus a chur ag obair.

Dúirt an Dochtúir Roche: “This system has proven successful in closing tissue defects in a number of experiments described in the paper. As well as correcting heart defects, the patch and the catheter can be used in a variety of situations – for example, abdominal hernia repair or peptic ulcer closure.”

Fág freagra ar 'Gléas leighis deartha ag Éireannaigh mar mhalairt ar obráidí ‘bypass’'