Glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais maidir le maolú na Gaeilge

Fáilte curtha ag Aire na Gaeltachta roimh chinneadh na Comhairle Eorpaí glacadh leis an bplean faoina bhfuil sé i gceist cur leis an méid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge

28/2/2012 European Union Flags

Tá glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón AE nó go rachaidh maolú na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.

I mí Iúil d’fhógair an Rialtas go mbeifí ag éileamh go gcuirfí siar cúig bliana dáta éagtha maolú na Gaeilge sa AE seachas deireadh a chur láithreach leis.

Ciallaíonn maolú na Gaeilge nach gá don AE na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i dteangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta fáilte tráthnóna roimh chinneadh na Comhairle Eorpaí glacadh le plean an Rialtais faoina bhfuil sé i gceist cur leis an méid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge as seo go ceann cúig bliana.

Agus fáilte á cur aige roimh an gcomhaontú, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh sé “iontach tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre d’institiúidí an AE”.

“Cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach ó bhí 2007 ann, cuireann an Rialtas fáilte roimh an chur chuige a chomhaontaigh an Chomhairle inniu chun na catagóirí reachtaíochta atá le haistriú a mhéadú agus leanúint le méadú réamhghníomhach an eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE,” a dúirt McHugh.

Dúirt an tAire go mbeadh an Rialtas “ag obair go dlúth leis an Choimisiún Eorpach agus leis na hinstitiúidí AE eile” chun a chinntiú go mbeadh dóthain aistritheoirí Gaeilge ann chun tabhairt faoin obair a bheidh le déanamh as seo go ceann cúig bliana.

 

Thíos tá an clár ama do mhéadú céimnitheach na reachtaíochta atá le haistriú go Gaeilge.

 

Achtanna

 

Dátaí
Treoracha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017
Cinntí glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018
Treoracha glactha ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020
Rialacháin glactha ag an gComhairle Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

 

Cinntí glactha ag an gComhairle nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020
Rialacháin glactha ag an gCoimisiún Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

 

Treoracha glactha ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021
Cinntí glactha ag an gCoimisiún nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

 

Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais maidir le maolú na Gaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Moladh mór tuillte ag an Aire McHugh beag beann ar gach polaitíocht.
    Anois is fúinn, pobal na Gaeilge, atá sé an deis iontach seo a thapú.

  • Fearn

    Aon seans go gcomhlíonfar an “plean” seo?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “iontach tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre d’institiúidí an AE”

    Is trua nach bhfuil an Ghaeilg ina theangaigh iomlán oibre in institiúidí na hÉireann.

  • Seán Mag Leannáin

    Is dea-scéal é seo gan aon dabht agus aontaím go bhfuil moladh tuillte ag an Aire McHugh. Ach caithfimid a chinntiú go gcuirfear an plean i gcrích.