Giob agus Geab – dhá phanda a bhfuil Gaeilge acu!

Speicis i mbaol an panda agus is teanga i mbaol í an Ghaeilge agus súil dá réir ag Glór na nGael go mbeidh sciob sceab ar Giob agus Geab, dhá phanda a bhfuil Gaeilge acu…

Screen Shot 2015-10-13 at 14.36.24

Is speicis i mbaol an panda agus is teanga i mbaol í an Ghaeilge – ach tá dhá phanda anois ann a bhfuil Gaeilge acu.

Giob agus Geab atá ar an dá phanda atá curtha ar fáil ag Glór na nGael agus €30 an ceann a chosnaíonn siad.

Tríocha abairt ar fad atá ag Giob agus Geab agus an trí mhórchanúint ar a dtoil acu (ní gá ach cnap a bhrú agus labharfaidh siad leat i do rogha canúint). Tá cúig rann do pháistí ag Giob agus Geab chomh maith.

Maíonn Glór na nGael go ndéanfadh “Giob agus Geab bronntanas fíorálainn agus éagsúil do pháistí óga don Nollaig nó ag am ar bith eile den bhliain”.

D’fhéadfadh sciob sceab a bheith fós ar Giob agus Geab atá le ceannach ar www.udar.ie.

Fág freagra ar 'Giob agus Geab – dhá phanda a bhfuil Gaeilge acu!'