Gino Bartali – rothaí an Resistenza agus cúrsa na staire

Níl scéal níos suimiúla faoin tionchar a bhíonn ag an spórt ar chúrsaí polaitíochta ná an ceann a bhaineann leis an mbua a bhain an tIodálach Gino Bartali amach sa Tour de France i 1948

Gino Bartali – rothaí an Resistenza agus cúrsa na staire

Fearacht na polaitíochta is ait ón spórt pobal ceantair nó náisiúin a fhágáil ag ithe as béil a chéile nó i ngreim píobáin a gcomharsan. Cúrsaí staire is minice is cúis leis. Féach mar atá go leor ó thuaidh den teorainn a bhíonn breá sásta nuair a thugann foireann rugbaí na hÉireann an bua leo ach a bheadh ag súil gur amhlaidh a bhuailfí foireann sacair na Poblachta. Cuir leis sin gur dóigh go bhfuilid ann ó thuaidh freisin a bheadh níos sásta dá mba é a mhalairt a thitfeadh amach.

Fear feasa a thabharfadh míniú réasúnta simplí ar na cúiseanna ar fad a bhaineann lena leithéid d’fhealsúnacht, ach tá a fhios ag na cloigne folmha fiú gur fada uainn an lá go mbeidh súil ag an bPolannach go mbuafaidh foireann as an nGearmáin, ag fear na hAirgintíne go mbuafaidh an Bhrasaíl, ag an Astrálach go mbuafaidh an Nua-Shéalainn ná ag aon duine seachas an Sasanach, go mbuafaidh siadsan aon rud.

Tig leis an naimhdeas a bheith chomh láidir céanna taobh istigh de thír agus níl scéal níos suimiúla faoin tionchar a bhí ag an spórt ar chaidreamh an phobail agus ar chúrsaí polaitíochta ná an ceann a bhaineann leis an mbua a bhain an tIodálach Gino Bartali amach sa Tour de France i 1948, rud dar le go leor, a sheachain cogadh cathartha ina thír dhúchais.

An Risorgimento a thugtar ar an bpróiseas faoinar aontaíodh na stáit éagsúla i leithinis na hIodáile i dtús agus i lár an 19ú céad, nuair a bhí oirthuaisceart na tíre faoi cheannas Impireacht na hOstaire. Ach fiú le teacht an aontais bhí deighilt mhór sa tír eatarthu siúd a bhí ar thaobh na láimhe deise agus ar thaobh na láimhe clé ó thaobh na polaitíochta.

Threisigh sin le teacht an Chogaidh Mhóir – sóisialaigh agus Caitlicigh ag iarraidh go bhfanfaí glan ar an trodaíocht agus náisiúnaithe ag iarraidh a bheith páirteach inti, rud a thabharfadh seans dóibh cuid den talamh a bhí fós faoi cheannas na nOstarach a fháil ar ais. Tugann an stair le fios dúinn nach maith a chuaigh an cogadh sin, ná go deimhin an Dara Cogadh Domhanda do na hIodálaigh.

Idir eatarthu, tháinig réimeas Mussolini agus na Faisistithe. Le linn an chogaidh, rinne na Gearmánaigh ionradh ar an tír agus faoin mbliain 1948 nuair a rinne Gino Bartali a ghaisce, bhí an Iodáil níos deighilte ná a bhí sí riamh, cé go raibh córas an daonlathais i réim sa tír le dhá bhliain.

Ní raibh cúrsaí spóirt gan scoilteadh ach an oiread.

Ba é Fausto Coppi an rothaí eile ba cháiliúla san Iodáil le linn réimeas Bartali agus bhí an-iomaíocht eatarthu – ba le pobal tuaithe dheisceart na tíre, Caitlicigh den chuid ba mhó, a bhain Bartali. Ba as an tuaisceart do Coppi, a liostáil san arm le linn an chogaidh agus a d’fhág an bhean a phós sé ina dhiaidh, gur mhair sé go hoscailte le bean phósta eile.

Ar an taobh eile den scéal, thacaigh Bartali leis an Resistenza, a throid i gcoinne na nGearmánach agus na bhfaisistithe. D’iompair sé teachtaireachtaí ar a son agus sular bhásaigh sé i mbliain na mílaoise tháinig sé chun solais gur thug sé dídean ina theach féin do theaghlach Giúdach a bhí ar a dteitheadh ó na Gearmánaigh.

Bartali a bhuaigh an Giro d’Italia i 1946, an chéad uair a raibh iomaíocht ar an rás ó 1940, nuair a bhuaigh Coppi, a ghlac an choróin agus an geansaí bándearg ar ais i 1947.

Bhí an Tour de France freisin ar ais faoi lánseol faoin am seo agus é tuartha go láidir gur ag Coppi a bheadh an bua i rás 1948. Ach ar chúis éicint, shocraigh seisean nach dtiocfadh sé san iomaíocht.

I dtús an rása bhuaigh Bartali trí cinn de staideanna, ach, faoin am go raibh trí ceathrú na hiomaíochta déanta,  bhí sé tite ar gcúl agus é sa seachtú háit.

Lá sosa ab ea an Satharn, an 14 Iúil 1948. Fad a bhí na rothaithe ag ligean a scíthe i Cannes tháinig an scéala as cathair na Róimhe go raibh mac léinn óg as an tSicil tar éis trí urchar a chur i gceannasaí an Pháirtí Chumannaigh, Palmiro Togliatti, a d’fhág díbheo é.

Bhí an Iodáil i mbaol cogaidh chathartha. Gaireadh stailceanna agus cruinnithe agóide ar fud na tíre agus faoin am ar labhair an tAire Gnóthaí Baile i dteach na parlaiminte lá arna mhárach, bhí cúig dhuine dhéag marbh i gcaismirtí agus na céadta gortaithe. Go fiú i dtír ina raibh cleachtadh maith ar mhíshuaimhneas agus ar achrann pobail, ní fhacthas a leithéid cheana.

Ghabh oibrithe armtha uachtarán an chomhlachta Fiat mar ghiall i Turin. Déanadh ionsaithe ar phóilíní agus ar carabinieri, go háirithe sa tuaisceart, blocáladh bóithre, gearradh línte teileafóin agus sa Róimh déanadh iarracht áras an Phríomh-Aire a ghabháil.

Nuair a leag Gino Bartali a thóin ar dhiallait a rothair arís i Cannes ar an 15 Iúil 1948, bhí farasbarr 21 nóiméad ag an bhFrancach a bhí ar cheann an Tour, Louison Bobet, air. Lá fuair, feannta a bhí ann inar chaith na hiomaitheoirí os cionn 10 n-uaire an chloig ag taisteal 274 ciliméadar.

Ní raibh aon samhail ag Bartali ach fear buile. Rinne sé neamhaird den aimsir, de na sléibhte agus de na gleannta agus tuairiscítear go raibh folcadh glactha san óstán aige faoin am ar chríochnaigh Bobet – a bhí os cionn 19 nóiméad chun deiridh air.

Lá arna mhárach, ghlac Bartali seilbh ar an ngeansaí buí agus nuair a chríochnaigh an Tour de France i bPáras seachtain dár gcionn, bhí tús os cionn 26 nóiméad aige ar an té ba ghaire dó agus seacht staid buaite aige.

Cé nach bhfuil aon chruthúnas air, tuairiscíodh go láidir ag an am agus creidtear fós gur chuir Príomh-Aire na hIodáile, Alcide de Gasperi, glaoch gutháin ar Bartali i Cannes an oíche ar goineadh an ceannasaí Cumannach agus gur iarr sé air an rása a bhuachan ‘ar son na hIodáile’.

Ní féidir a shéanadh go ndearna sé sin, ach níl sé chomh héasca céanna a dhéanamh amach cén tionchar a bhí ag an mbua sin a stair a thíre.