Gerry Adams, Daoine Óga agus scamaill sa spéir – Na tvuíteanna is fearr i ndiaidh scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Ba é Páipéar 1 a bhí á dhéanamh ag mic léinn na hArdteiste tráthnóna agus tuairimí idir mhaith agus olc acu faoin scrúdú a cuireadh os a gcomhair

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Thug mic léinn na hArdteiste faoi Gaeilge (Páipéar 1) tráthnóna agus fiú sular thosaigh an scrúdú, is léir go raibh deacrachtaí ag daoine leis an bpáipéar.

Ghuigh Gerry Adams beannachtaí na maidine ar gach duine as Gaeilge agus mheabhraigh sin do mhac léinn amháin gar a iarraidh ar an Teachta Dála, cé gur tugadh an chluas bodhar don iarratas.

Faoin am ar tháinig gach duine amach ón scrúdú, ba léir go raibh tromlach na ndaltaí sásta leis, go háirithe le rogha na n-aistí.      

Dar ndóigh, bhí daoine óga ann nár thaitin sé chomh mór sin leo…

..ach bhí ar a laghad scoláire amháin a thuig buntáistí na teanga.  

Fág freagra ar 'Gerry Adams, Daoine Óga agus scamaill sa spéir – Na tvuíteanna is fearr i ndiaidh scrúdú Gaeilge na hArdteiste'

  • Breathnóir

    Nach mór an trua nach raibh duine ar bith acu ag tvuíteáil i nGaeilge, chomh maith le bheith ag tvuíteáil faoin Ghaeilge?