Gerry Adams, an tvuít sin agus an chontúirt a bhaineann leis an mbréagstair

Rud amháin is ea comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir ár stair agus stair chiníocha eile, rud eile ar fad is ea a bheith ag goid staire uathu agus a bheith ag déanamh ár gcuid féin di...

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland
Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland

Tá sé ar cheann de mhórfhíricí an tsaoil seo go mbíonn briollamas cainte gan dealramh ag polaiteoirí. Gheobhair raiméis uathu chomh siúráilte is a gheobhair cac ó asal. Bhí sé ina chogadh dearg an tseachtain seo caite idir Danny Healy-Rae, Gregory Campbell agus Jim Allister chun Craobh Bhladhgar na Seachtaine a thabhairt leo, ach má bhí, dhein fear na féasóige filí caocha dóibh ar fad. Seo chugainn Gerry Adams agus a ghiolc maslach ciníoch.

Ní dóigh liom gur fear ciníoch é Gerry, ach ní féidir aon chosaint a dhéanamh ar úsáid an téarma úd, is cuma cén saghas comhthéacs atá i gceist nó cén saghas argóna nó comparáid atá á dhéanamh. Shamhlóinn go mbeadh Adams le ceangal dá n-úsáidfeadh éinne an téarma ‘taig’ nó ‘paddy’ nó ‘mick’ agus iad ag cur síos air féin. Ní hamháin go raibh an téarma a d’úsáid sé tarcaisneach, ach ba mheasa ná sin an chomparáid liobarnach, lochtach agus fabhtach a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh idir sclábhaithe gorma Mheiriceá agus Caitlicigh na Sé Chontae. Ní hamháin gur leamh an leithscéal a ghabh sé, ach thriail sé é féin a chosaint le bréagstair, le bolscaireacht agus le hargóintí gan puinn bunúis stairiúil ag baint leo.

Ba é an pointe a bhí á dhéanamh aige ná go raibh streachailt na gCaitliceach ó thuaidh go dtí seascaidí an chéid seo caite ar aon dul leis an tslí ar caitheadh leis na milliúin sclábhaithe gorma sa Domhan Úr nó gur cuireadh deireadh le córas na sclábhaíochta sa bhliain 1865. Argóint is ea é seo atá chomh háiféiseach is go ndéanann sé beag is fiú, ní hamháin do shaol na bhfear gorm faoin sclábhaíocht ach den bhfíorleatrom a bhíothas a dhéanamh ar Chaitlicigh faoin Stát Oráisteach chomh maith.

Is cinnte go raibh cosúlachtaí móra idir cás na gCaitliceach sa Tuaisceart agus cás na ndaoine gorma i ndeisceart na Stát Aontaithe ag an am céanna. Bhí leatrom á dhéanamh ar an dá ghrúpa maidir le cúrsaí tithíochta, fostaíochta agus cultúrtha. Stát Protastúnach do Phrotastúnaigh amháin a bhí i dtuaisceart na hÉireann, agus stáit gheala do dhaoine geala a bhí i ndeisceart na Stát Aontaithe. Fuair gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt spreagadh agus inspioráid ón ngluaiseacht Cearta Sibhialta thall, ba mhinic na teaicticí céanna in úsáid acu araon, agus ba rímhinic an díoltas céanna ag na fórsaí slándála orthu. Ciníochas agus Seicteachas – is é an dá mhar a chéile é.

Ach ní hionann sclábhaíocht agus leatrom. Fuadaíodh suas le 12 milliún duine ón Afraic agus deineadh sclábhaithe dóibh i Meiriceá Thuaidh agus Theas. Maoin a bhí iontu, le díol agus le ceannach, gan aon cheart daonna féin spéir acu.

Agus é ag iarraidh é féin a mhíniú tharraing Adams (agus Martina Anderson MEP) chuige ceann de na hargóintí is tromchúisí agus is dainséaraí atá á úsáid faoi láthair, is é sin go raibh Éireannaigh ina sclábhaithe chomh maith sa domhan nua agus gur caitheadh leosan ar shlí i bhfad níos measa ná mar a caitheadh leis na sclábhaithe gorma.

Tharraingíodar chucu figiúirí agus ráitis ó fhoinsí amhrasacha chun an argóint a dhéanamh. Sclábhaithe ab ea Éireannaigh sa Domhan Nua, 300,000 duine acu, 100,000 leanbh ina measc, a seoladh ó Éirinn le lámh láidir, go raibh cláir phóraithe ann do mhná Éireannacha chun sclábhaithe ar ardchaighdeán a chruthú, gurbh amhlaidh na sclábhaithe gorma agus na searbhóntaí fé dhintiúr ó Éirinn.

Ní hamháin gur léamh míchruinn ar an stair é seo, ach léamh dainséarach é leis. Tá an argóint seo á húsáid ag grúpaí ciníocha agus ag forchiníochaithe geala, go háirithe sna Stáit Aontaithe, le cur i gcoinne mhianta agus ghluaiseachtaí na bpobal gorm. Léiríodh é seo go beacht in dhá chonspóid le déanaí – an chonspóid fé bhratach na Cónaidhme agus an ghluaiseacht ‘Black Lives Matter’. Bhí féith ag rith trí argóintí na bhforchiníochaithe – go raibh Éireannaigh ina sclábhaithe chomh maith agus nach mbíonn siadsan ag tabhairt amach faoi agus ag tarraingt aird ar an stair seo fé mar a bhíonn gluaiseachtaí cearta na ndaoine gorma, ag déanamh leithscéil dá bhfadhbanna. “The Irish got over it, why can’t you people?” In ionad streachailt na nÉireannach a úsáid chun tuiscint, trua agus taise a léiriú don phobal gorm, cuirtear cosa fén streachailt sin d’fhonn an pobal eile a leagan agus a ísliú.

An chéad ainm a rith isteach i m’intinn nuair a léigh mé míniúcháin Adams ná Liam Hogan (@limerick1914 – is fiú é a leanúint). Scoláire agus taighdeoir neamhspleách é Hogan atá ina chadhan aonair le blianta beaga anuas agus é ag iarraidh an fhírinne fé “sclábhaithe Éireannacha” a scaipeadh agus cur i gcoinne na bréagstaire agus na bolscaireachta atá á roinnt go forleathan ar líne fé láthair. D’aithin sé an treocht áirithe seo agus scaipeadh na mbréag fé “Sclábhaithe Éireannacha”, agus thug sé fén scéal a cheartú. Léirigh sé gur tuairim agus 10,000 Éireannach (ní 300,000) a bhí ina searbhóntaí fé dhintiúr sa Domhan Úr, agus go raibh coinníollacha oibre agus maireachtála thar a bheith olc acu. Ach léirigh sé chomh maith go raibh idirdhealú millteach idir searbhónta agus sclábhaí, go raibh scata Éireannach ina n-úinéirí sclábhaithe agus go raibh builín á dhéanamh ag lucht gnó in Éirinn as tionscadal na sclábhaíochta. Deir Liam go raibh ciníochas frith-Éireannach láidir go maith sna Stáit Aontaithe ar feadh i bhfad, ach gur dhein Éireannaigh agus a sliocht leatrom ar an gcine ghorm chomh maith. Ní rud dubh agus bán an stair; bíonn dhá insint ar gach scéal. Ní puinn buíochais atá á fháil ag Liam; ní maith leis na grúpaí seo go bhfuil a ‘stair’ á bhréagnú aige.

Tá stair thragóideach againn in Éirinn, lán le leatrom, ciníochas, seicteachas, cogaí, imirce, gortaí, teirce, gannchúis agus uireasa. Ach ba dheas liom a cheapadh go bhfuilimid mar náisiún tar éis dul ar aghaidh ón bhfealsúnacht ar ar thug an tOllamh Liam Kennedy Mopery air – an creideamh a bhíonn ag Éireannaigh uaireanta gur sinn an Most Oppressed People Ever.

Rud amháin is ea comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir ár stair agus stair chiníocha eile. Rud eile ar fad is ea a bheith ag goid staire uathu agus a bheith ag déanamh ár gcuid féin di.

Fág freagra ar 'Gerry Adams, an tvuít sin agus an chontúirt a bhaineann leis an mbréagstair'

  • Colmán

    Scríobhtar an stair d’fhonn an ghlúin atá anois ann a mhúnlú. Is é sin le rá go gcaithfidh an stair a bheith ag teacht le cibé atá na húdarais ag iarraidh ort a chreidiúnt. D’athscríobh na athbhreithniúchóirí stair na hÉireann ó bhun mar ba mhaith leis an rialtas go mbeadh níos mó tradáil ar siúl idir Éirinn agus an Bhreatain. Rinne rialtas Fine Gael/Labour stair an Éirí Amach a athscríobh sa dóigh agus nach mbeadh an bua ag Sinn Féin sna toghcháin. Ní hamháin sin ach Chur siad an stair ar ceal mar ábhar éigeantach don teastas sóiséarach. Chonaic muid fiú an Irish Times ag baint na focail “Sinn Féin” amach as an ceannteideal “Sinn Féin Rebellion” i gceann de na nuachtáin stairiúla a d’éisigh siad ar na moillibh. Is cuma le lucht satire cé acu an fíor nó bréagach go raibh sclábhaithe Éireannacha ann sa Chairíb is mó aird atá acu ar an díospóireacht atá ag tarlú i Meiriceá faoi láthair. Amharc mar a úsáidtear an dara chogadh domhan mar chosaint ar an arm sa lá atá inniu ann. Mar a dúirt Daithí is iomaí léamh atá ar an stair ach b’fhéidir gur cheart go mbeadh sin mar cheannteideal ar an alt é féin.

  • alan

    nach sclábhaithe i gcónaí sinn?

  • Séamas Mac Coitir

    Maidir leis an alt cumasach le Daithí de Mórdha sa chás seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé tugtha faoi deara agam le fada an lá, go bhfuil sé de nós ag polaiteoirí i gcoitinne, scailéathan áiféiseach as cuimse a dhéanamh ar mhaithe leo féin! Tá a fhios acu go maith nach bhfuil a leithéid de rud ann dóibh agus drochphoiblíocht, agus is ag tarraingt uisce chun a muilte féin a bhíonn siad go hiondúil!

  • Pól

    ach ní féidir aon chosaint a dhéanamh ar úsáid an téarma úd, is cuma cén saghas comhthéacs atá i gceist nó cén saghas argóna nó comparáid atá á dhéanamh’
    …. sin sort cinsireacht, ab ea? Ráiteas áiféach, ar a laghad. Béidir gur ‘is fuath liom Gerry Adams’ a bhí ar intínn an úadar. Cad a bheidh le scríobh ag iriseoirí sa tr seo nuair a rachfaidh Gerry ar an bpinsin?