Geit bainte ag Boohoo as lucht faisin!

Rith an ráis leis an gcomhlacht faisin ar líne fad is atá laghdú ar an mbrabach ag Next, H&M, Debenhams agus Marks and Spencer

Geit bainte ag Boohoo as lucht faisin!

Tugadh poiblíocht shuntasach sa Financial Times le linn na seachtaine don mhiondíoltóir ar líne, Boohoo a dhíolann feisteas faiseanta ar phraghsanna ísle. Níorbh é cinneadh Boohoo, atá lonnaithe i Manchain Shasana, suim airgid £100,000 a bhronnadh ar an gciste tacaíochta dóibh siúd a maraíodh nó a gortaíodh san uafás a tharla nuair a pléascadh buama ag ceolchoirm Ariana Grande sa Manchester Arena, a tharraing aird orthu.  Bá é an dul chun cinn dochreidte atá déanta ag an gcomhlacht i gcúrsaí gnó i dtréimhse ghearr a mheall súil na meán.

Tháinig méadú 51% ar dhíolaíocht agus méadú 97% ar bhrabach Boohoo le bliain anuas.

Rinneadar brabach £31 milliún ar dhíolaíocht £295 milliún agus ní hiontas ar bith go gcuirfeadh infheisteoirí agus lucht an airgid oiread suime iontu agus a chuirfeadh lucht faisin. Thart ar £6 milliún de bhrabach ar dhíolaíocht £60 milliún a bhí ag an gcomhlacht cúig bliana ó shin.

Bhí modh oibre ar leith ag Boohoo ón uair a bunaíodh an comhlacht sa mbliain 2006 ach tá feabhas agus forbairt leanúnach tagtha air sin in imeacht na mblianta. Bhunaigh siad a straitéis gnó ar an múnla a bhí ag Zara sa Spáinn – éadach nuadheartha a sholáthar go sciobtha ar phraghas réasúnta agus gan ach roinnt seachtainí a fhágáil idir an dearadh a bheith déanta agus na táirgí a bheith ar fáil sna siopaí.

Cuireann Boohoo thart ar 100 dearadh nua éadaigh ar an margadh gach lá den tseachtain agus iad ag díriú go speisialta ar dhaoine a cheannaíonn ábhair ar nós t-léinte (€6) nó gúnaí (€11) saora.

Cinntíonn an comhlacht nach dtéann siad sa seans rómhór lena gcuid táirgí trí chóras a úsáid ar a dtugtar ‘test and repeat’. Faoin gcóras seo cuirtear líon an-teoranta do gach ball éadaigh, thart ar 300 sampla, ar díol ar dtús. Coinnítear súil ghéar ar chomh sciobtha agus a dhíoltar na táirgí seo agus ní tháirgtear ar an mórchóir ansin ach na cinn sin, thart ar an tríú cuid, is mó éileamh nó is sciobtha a díoladh. Déantar neamhaird den dá thrian eile.

Faoi chóras oibre Boohoo, bíonn a gcuid dearaí nua ar an margadh acu laistigh de choicís san áit go dtógann an obair sin idir 4-6 seachtaine ar chomhlachtaí eile. Go deimhin, tá siad chun cinn anois ina gcuid oibre ar Zara féin, an dream ar bhunaigh siad a múnla orthu an chéad lá riamh.  I dtuarascáil gnó faoi thionscal an fhaisin a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúradh go mbeadh tábhacht an-mhór feasta le déantúsaíocht sciobtha. ‘Fast fashion is becoming ultrafast fashion,’ a dúradh.

Is cuid lárnach den phlean gnó ag Boohoo freisin a chinntiú gur gar dá mbaile, sa Bhreatain, a dhéantar cuid mhór den déantúsaíocht, rud a laghdaíonn go mór an mhoill agus an costas iompair.

Gné eile den chur chuige atá acu ná úsáid an-leathan a bhaint as na meáin shóisialta lena chinntiú go bhfuil siad i dtiúin leis an bpobal óg ar a bhfuil siad ag freastal.

Agus an dul chun cinn mór seo á dhéanamh ag Boohoo tá laghdú ag teacht ar an mbrabach atá a dhéanamh ag comhlachtaí traidisiúnta. Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go mbeadh laghdú ar an mbrabach ag Next, H&M, Marks and Spencer agus Debenhams.

Is cosúil go bhfuil rith an ráis faoi láthair leis na miondíoltóirí ar líne agus tá méadú suntasach ar dhíolachán Asos agus Missguided freisin le bliain anuas.

 

Fág freagra ar 'Geit bainte ag Boohoo as lucht faisin!'