Géillte ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go bhfuil baill foirne in ‘ísle brí’ mar gheall ar aistriú oifige

Mar fhreagra ar litir ghearáin, thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, le fios gur thuig sé míshásamh na foirne faoi thuairisc a cuireadh faoi bhráid an bhoird ar dhearcadh na foirne faoi bhogadh go ceannáras nua ar Shráid Amiens

Géillte ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go bhfuil baill foirne in ‘ísle brí’ mar gheall ar aistriú oifige

Tá sé admhaithe ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go bhfuil ísliú meanman cothaithe san eagraíocht ag an chonspóid faoi aistriú a ceannárais ó Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens.

Thug Seán Ó Coinn an méid seo le fios i bhfreagra a thug sé ar litir ghearáin a sheol roinnt ball foirne chuige ar an 6 Márta. Bhain an litir ghearáin le tuairisc a cuireadh faoi bhráid bhord an Fhorais maidir le tuairim na foirne faoin aistriú oifige. Bhí baill foirne míshásta go ndúradh sa tuairisc sin go raibh cruinniú páirtnéireachta an-dearfach leis na ceardchumainn faoin aistriú oifige agus gur thacaigh siad leis an gcur chuige. Dúradh sa litir ghearáin nach raibh sé seo cruinn agus gur chuir SIPTU litir faoi bhráid an Phríomhfheidhmeannaigh ar an 17 Feabhra a rinne cur síos ar na fadhbanna sábháilteachta agus slándála a mheas a gcuid ball a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an cheannáras nua. Dúirt SIPTU gur mheas a gcuid ball gur ísliú stádais don teanga agus don eagraíocht a bheadh san aistriú freisin.

Dúradh sa litir ghearáin ó na baill foirne gur eascair an cruinniú páirtnéireachta ón ghearán a tháinig ó SIPTU. Sa litir chuig an Phríomhfheidhmeannach, dúradh nach raibh an tuairisc a cuireadh faoi bhráid an bhoird cruinn sa mhéid is gur tugadh le fios go raibh roinnt mhaith den fhoireann i gCearnóg Mhuirfean an-dearfach faoi bhogadh go Sráid Amiens. Maítear sa litir nach raibh sé seo ag teacht leis an méid a dúradh ag cruinniú ar an 14 Nollaig nuair nár chuir ach beirt bhall foirne in iúl go mbeidis ‘neodrach’ faoin bhogadh. Dúradh fosta sa litir ghearáin go raibh an scéal faoi bhogadh go tuaisceart na cathrach ag cothú ísle brí i measc bhaill foirne an Fhorais agus go rabhthas buartha gur fhaomh an Bord an plean aistriú go Sráid Amiens ‘bunaithe ar thuairisc mhíthreorach’.

Mar fhreagra ar an litir ghearáin seo, thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, le fios gur thuig sé míshásamh na foirne faoin insint sa tuairisc a cuireadh faoi bhráid an bhoird ar dhearcadh na foirne faoin aistriú oifige. D’admhaigh sé go raibh an chonspóid ag cothú ísliú meanman san eagraíocht. Cé go bhfuil cumarsáid inmheánach ar cheann de na tosaíochtaí atá aige, mheas an Príomhfheidhmeannach go gcaithfeadh sé a bheith iontach cúramach faoi na cáipéisí a scaipfí ar an fhoireann siocair go raibh eolas á sceitheadh chuig na meáin chumarsáide faoin chonspóid.

Deir Seán Ó Coinn go n-aithníonn sé go huile agus go hiomlán nach bhfuil an méid a dúradh sa tuairisc faoi dhearcadh dearfach a bheith ag baill foirne i leith an aistrithe cruinn. Ghabh sé leithscél le SIPTU faoi sin ach deir sé gur mhíthuiscint ionraic a bhí ann seachas iarracht dallamullóg a chur ar an bhord. Sula ndearna an Bord a gcinneadh gur cheart aistriú go Sráid Amiens, d’inis an Príomhfheidhmeannach dóibh go raibh formhór na mball foirne i gCearnóg Mhuirfean in aghaidh an aistrithe. Mar sin, ní raibh aon amhras ar chomhaltaí an bhoird faoi dhearcadh na foirne agus an cheardchumainn i leith an aistrithe sular ghlac siad a gcinneadh.

Deir sé gur iarr an bord ar an Ardbhainistíocht dul i ngleic le húdair imní na foirne agus leis an ísle brí a chothaigh an chonspóid i measc na foirne. Mar fhocal scoir, dúirt an Príomhfheidhmeannach go n-aithníonn sé go bhfuil deacrachtaí cumarsáide ag cothú míshuaimhnis i measc na foirne agus go bhfuil rún aige dul i ngleic leo sin.

Maidir leis na hoifigí úra ar 63-66 Sráid Amiens tuairiscíodh ar Nuacht TG4 gur léas 20 bliain a bheidh i gceist go dtí 1 Aibreáin, 2037. Meastar go n-íocfar cíos bliantúil €615,000. Ardú é seo ar an chíos iomlán €350,000 atá á íoc ar 7 Cearnóg Mhuirfean agus oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidric, áit a bhfuil An Gúm lonnaithe.

Fág freagra ar 'Géillte ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go bhfuil baill foirne in ‘ísle brí’ mar gheall ar aistriú oifige'

  • Gav Devitt

    Drochmheas ag uasaicme na Gaeilge ar mhuintir thuaisceart na cathrach.
    Foireann an Fhorais ro ardnosach le bogadh. Ba choir naire a bheith orthu.

  • Gearóidín P

    Ardú ó €350,000 go €615,000, d’oifig nach bhfuil an fhoireann sásta le? Cur amú airgead stáit agus foireann in ísle brí? Praiseach ceart déanta ag an Ardbhainistíocht is cosúil!
    Agus cad as atá an ardú seo le teacht? An amhlaigh go mbeidh na Ceanneagraíochtaí/grúpaí eile/pobal na gaeilge thíos leis ó thaobh maoiniú de? Mo náire sibh S Ó Coinn agus Boird FnG!

  • Róisín

    An ceart ar fad ag Gav. Níor cheart do Sheán Ó Cuinn géilleadh do snobs an Fhorais. Tá sé ag éirigh a bheith oscailte ach leakáileann an fhoireann na haon rud

  • Tomai O Cleirigh

    Tá caint ar beagnach dhá oiread cíos a chaitheamh ar oifig nua (maoiniú atá go mór de dhíth san earnáil dheonach gaeilge) agus tá daoine anseo ag plé ‘snobbery’? Ní thuigim cad atá i gceist agat Gav agus Róisín, an bhfuil sibh tar éis seo a léamh nó an bhfuil sibh ró-ghafa le caitheamh anuas ar bhaill foirne na heagraíochta leis na figiúirí a thuisint?

  • Gail

    Tá sibh ró-ardnósach le bogadh go dtí de north side