Géilleann Trump don Stát Dorcha, ach an cúis cheiliúrtha an méid sin?

Níor chuir tráchtaire measúil ar bith in Éirinn i gcoinne an ionsaithe ar an tSiria, agus thug na meáin chéanna a bhíodh ag caitheamh anuas go fíochmhar ar Donald Trump moladh mór dó

Géilleann Trump don Stát Dorcha, ach an cúis cheiliúrtha an méid sin?

Nílim cinnte an bua nó a mhalairt atá i gceist, ach gan an céad lá féin caite sa Teach Bán aige, ghéill Donald Trump don ‘Stát Dorcha’ i Meiriceá agus rinne ionsaí neamhdhleathach ar bhunionad míleata sa tSiria.

An Stát Dorcha?  ’Sea, sin iad na fórsaí faisnéise, na tráchtairí míleata, na meáin, agus – níos tábhachtaí ná rud ar bith eile –an chomhghuaillíocht idir lucht míleata agus lucht tionscal, na daoine a cheannaíonn is a dhíolann airm agus a dhéanann brabús as cuimse dá bharr.

Cuimhnigh, freisin, nár chuir tráchtaire measúil ar bith in Éirinn i gcoinne an ionsaithe ar an tSiria, agus gur thug na meáin chéanna a bhíodh ag caitheamh anuas go fíochmhar ar Trump moladh mór dó as diúracáin a cur ag obair i gcoinne réimeas Assad.

Níl aon amhras ach go raibh brú mór ó thaobh na bolscaireachta de ar Trump nuair a dúirt comhghuaillithe ISIS sa cheantar Idlib gur úsáid réimeas Assad airm cheimiceacha ina gcoinne.

Ar ndóigh níor bacadh le haon scrúdú ó aon dream neodrach le fáil amach ar bhuamáil ón aer ba chúis leis an dochar a rinneadh san ionsaí nó arbh é a tharla gur buaileadh stóras airm de chuid ISIS – faoi mar a buaileadh le deireanas i Mosul.

Bhí na Rúisigh agus réimeas Assad araon diongbháilte gur ón talamh a rinneadh an dochar.  Nach mbeadh sé ciallmhar mar sin scrúdú a dhéanamh?  Ach ní oirfeadh scrúdú dá leithéid do na reibiliúnaigh nó dá lucht tacaíochta sa Tuirc, san Araib Shádach ná sa Chatar.

Bhí Trump faoi bhrú láidir mar gheall ar ar gheall sé le linn an fheachtais toghcháin maidir le síocháin a dhéanamh leis an Rúis agus gan athrú réimis a chur i gcrích sa tSiria.

Dúradh go raibh sé faoi bhois an chait ag na Rúisigh agus tá an chuma ar an scéal gur cruthúnas é an t-ionsaí ar Shiria gur ghéill sé faoi dheireadh don bhrú agus don cháineadh.

Ach is fiú breathnú ar an gceist seo.  Caitheadh 59 diúracán leis an mbunionad, a deirtear, ach níor éirigh ach le 23 díobh sin an sprioc a bhaint amach. Smart bombs? Céard a tharla don chuid eile?

Rinneadh dochar beag do go leor den ionad, deirtear, agus maraíodh roinnt daoine – sibhialtaigh ina measc, ar ndóigh.  Dúirt na Meiriceánaigh gur ón ionad seo a tháinig na buamaí ceimiceacha.  Ach nárbh ait mar sin nach ndearnadh aon dochar ceimiceach de bharr an ionsaithe?

Ní foláir go raibh lucht an réimis iontach éifeachtach ag glanadh aon rian ceimiceach ar bith as an mbealach roimh an ionsaí, é sin nó ní raibh a leithéid d’arm ann in aon chor. An fiú an scéal seo a fhiosrú?

Rud amháin atá ar eolas againn ná go raibh, agus go bhfuil i gcónaí, ról tús áite ag an mbunionad seo sa gcogadh in aghaidh ISIS (nach bhfuil Trump in ainm is a bheith ag troid in aghaidh ISIS freisin?)

Agus is eol dúinn gur ón mbunionad seo a tháinig eitleáin a leag scairdeitleán de chuid na nIosraelach cúpla seachtain ó shin.

Tá ceist eile le cur faoin eachtra.

Le fíordhéanaí a cuireadh tús le cainteanna idir an réimeas agus fórsaí atá ina choinne ach nach bhfuil páirteach le hISIS. Bua taidhleoireachta d’Assad go raibh a leithéid ar siúl, cé gur buille marfach do ISIS féin é, don Araib Shádach agus do Dhubhstát Mheiriceá.

An bhfuil sé inchreidte go gcuirfeadh Assad an bua sin i mbaol trí arm ceimiceach a úsáid i gcath atá réasúnta imeallach anois fad is a bhaineann sé leis an bpictiúr mór?

Ach tá an Stát Dorcha sásta.  Beidh cead a gcinn acu feasta filleadh ar na sean-mhodhanna cogaidh a chleacht na Meiriceánaigh le blianta fada anuas.

D’fhógair an Rúis agus an Iaráin in éineacht go mbeidh freagra coiteann uathu le chéile ar aon iarracht a leithéid a dhéanamh feasta.

Agus mar bharr ar an donas, tá loingeas Mheiriceá curtha chun farraige ar chósta na Cóiré Thuaidh! Tá a fhios ag an saol, ní hamháin go bhfuil airm núicléacha ag an gCóiré Thuaidh ach go mbeadh siad sásta iad a úsáid má dhéantar ionsaí orthu (fiú más scrios iomlán na Cóiré Thuaidh is Theas agus scrios na Seapáine freisin a bheadh mar thoradh ar a leithéid).

Céard a dhéanfaidh na Sínigh má tharlaíonn cogadh núicléach taobh leo?

Tá a fhios againn go bhfuil a bpolasaithe trádála agus eile leis an Iarthar á scrúdú go cúramach ag na Sínigh faoi láthair, ach de réir mar atá tíortha an Iarthair ag teacht le chéile faoi bhrat an Chomhphobail Idirnáisiúnta agus G7, feicfidh muid, b’fhéidir, an chuid eile den domhan ag teacht le chéile ina gcoinne, an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas (na stáit Brics).

B’fhéidir gur ceiliúradh beagáinín róluath a bhí ar bun ag na meáin anseo.