GEARRSCÉAL don NOLLAIG: Traein na Nollag…

Údar áthais dúinn an gearrscéal nua seo leis an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a fhoilsiú

GEARRSCÉAL don NOLLAIG: Traein na Nollag…

An bhfuil ní ar bith ar domhan níos fearr ná a bheith ag filleadh abhaile don Nollaig? 1973. Cathair Chorcaí. Sráid Phádraig ina slabhra solais ildaite san iarnóin. Daoine ag brostú sall is anall ag siopadóireacht. Áthas orm a bheith ag fágáil na cathrach mar sin féin. Is ag amanta mar seo a mhothaíonn tú i do choimhthíoch in áit nach í d’áit dhúchais í. Mé ag santú an tí iargúlta ar thaobh an chnoic os cionn na farraige. Bheadh coinnle sna fuinneoga ann, doras ar oscailt agus tine mhór móna ar lasadh ar an tinteán. Bheadh scéalta le ríomh agamsa agus bheadh mo chluasa ar bior do na mionscéalta logánta agus don chúlchaint neafaiseach. Agus bheadh neart le hól is le hithe don mhac léinn síor-ocrach seo.

An traein plódaithe. An t-ádh dearg orm suíochán a fháil. Lucht na tuaithe ba mhó agus a bhformhór acu faoi ualach málaí troma siopadóireachta. An rud is measa faoin traein ó Chorcaigh go Trá Lí ná go mbíonn ort athrú chuig traein eile i Mala, traein ó Bhaile Átha Cliath de ghnáth, a bhíonn taobhthrom torrach le paisinéirí níos minice ná riamh.

Arís fuaireas suíochán. Suite trasna uaim bhí bean fhionn, mheánaosta a raibh spéaclaí frámaí óir á gcaitheamh aici. Cuid mhaith smididh ar a haghaidh. Cuma an tsaibhris uirthi. A ceann sáite i leabhar aici. Across the Bitter Sea le hEilís Dillon. Pictiúr d’fhear uasal ar mhuin capaill agus de bhean uasal álainn tamall uaidh agus iad araon ar an bhfaiche os comhair Tí Mhóir. Thugas suntas do theideal an leabhair agus don mbean ina gúna fada dearg agus don chuma imníoch a bhí ar a haghaidh. Ní raibh ag éirí rómhaith idir í féin agus fear an chapaill dhoinn, shílfeá!

Ní raibh An Ráth Mhór ach díreach fágtha againn nuair a thosnaigh an clampar meisciúil ag teacht inár dtreo. Beirt fhear óg agus an inchinn sa leathcheann acu. Fear óg mór téagartha ba ea duine acu, cóta mór de chraiceann na gcaorach á chaitheamh aige, cóta a d’fheidhmigh mar bhlaincéad go minic dó, déarfainn, ón gcuma chaite, bhrocach a bhí air. Bhí aghaidh chomh dearg le coileach air agus chuirfeadh an sciolladh garbh teanga uaidh sceimhle ar Shátan féin. Ina theannta bhí slataire beag d’fhear óg a bhí fós sna déaga, cheapfá, go dtí go bhfaighfeá amharc ar a cheannaghaidh bhagrach, chríonna. Gabairdín olla gréisceach salach á chaitheamh aige siúd. Iad beirt ólta, naigíní fuisce ina lámha acu agus toitíní ina mbéil. Thángadar chomh fada linne agus stopadar i gceartlár an charráiste.

“Cá bhfuil an beár?” d’fhiafraigh an fear óg mór in ard a chinn is a ghutha.

Níor fhreagair éinne.

“An f****n bodhar atánn sibh?” a bhéic sé arís i dtuin láidir Chorca Dhuibhne.

“Lean oraibh ar an mbealach a bhfuil sibh ag dul,” d’fhreagair seanfhear a bhí trasna an bhealaigh uainn gan a chloigeann a ardú.

“Níl f**ál sa tír seo,” arsa an slataire go nimhneach, “ach bligeaird agus bithiúnaigh!”

“An ceart ar fad agat, a Eoin,” arsa an fear eile leis, “agus is maith is eol domsa é sin. Chuir an brealsún d’athair atá agam an ruaig orm as an bhfeirm agus thug gach aon rud dom dheartháir, leadhb leisciúil gan mhaith.”
Thóg sé slog mór as an naigín agus ba bheag nár fholmhaigh sé é.

“Seoladh mise sall go Londain chun fáil réidh liom ionas ná beadh na comharsana ag caint fúm. B’in mar a caitheadh liom is níor tugadh táille an bháid dom fiú.”
D’fhéach sé go fiáin ar gach éinne a bhí fairis agus chúb gach éinne chuige féin, mé féin san áireamh.

“Agus an créatúr seo,” ar seisean agus é ag tagairt dá chompánach, “tugadh bata agus bóthar dó siúd mar an gcéanna as Ard Fhearta de bharr gur ghoid sé cairt an mhúinteora oíche chun dul go dtí rince i dTrá Lí. Ná fuil an ceart agam, Eoin?”

“Tá, a Thaidhg,” d’fhreagair an fear eile, “agus ní hé gur chraiseáil mé é ná aon ní den tsórt. D’fhágas thar n-ais os comhair a thí é ag a trí a chlog ar maidin agus gan mharc air. Ach má dhein bhí na Gardaí ag cnagadh ar mo dhoras ar maidin agus mo mháthair ag dul timpeall an tí agus an liathbhuí uirthi. Tógadh go dtí stáisiún na ngardaí i dTrá Lí mé agus b’in deireadh liomsa. Gan i ndán dom ach an bád bán. Is fuath liom na f****r . . .”
Ghearr an fear mór isteach air.

“. . . agus mo sheanleaid ar leaba a bháis in ospidéal an Daingin anois. Níl fhios agam an aithneoidh sé mé nó ná aithneoidh agus is cuma liom.”
Tháinig tocht air.
Ghoil sé.
Lig scread as a reodh gach deoir fola i do chuislí.
Ansin chiúnaigh sé arís.

“Téanam ort, a Eoin, agus beidh deoch againn sa bheár. Tá tart uafásach orm. Téanam ort, a bhuachaill . . .”

D’imíodar leo ag eascainí agus ag mallachtaigh os ard.

Leag an bhean a bhí suite trasna uaim an leabhar a bhí á léamh aici síos ar an mbord.

Chroith sí a ceann go gruama.

D’fhéach sí idir an dá shúil orm.

Tháinig lagmhisneach orm. Bheadh orm éisteacht le racht uaithi siúd anois agus í ag caitheamh anuas ar dhrochiompar agus ar dhroch-chaint na beirte a bhí imithe as an gcarráiste, a nguthanna feargacha, meisciúla fós le clos i bhfad uainn.

Nuair a labhair sí bhain sí stangadh asam.

“Na fir óga bhochta sin! Nach mbeadh trua an domhain agat dóibh? Ní raibh á labhairt acu ach an fhírinne ghlan. An aon ionadh é go bhfuil siad in umar na haimléise? Caite amach as a dtír dhúchais féin gan trua gan trócaire ag tuismitheoirí cruálacha. Na créatúir!”

D’fhéach mé uirthi le hionadh.

“Agus bheadh na tuismitheoirí céanna chun tosaigh ar gach éinne eile ag dul chun Comaoineach ar an altóir gach Domhnach.”

Chroith sí a ceann arís.

“Mo náire iad! Fimínigh agus filistínigh iad gach uile dhuine acu agus a gcuid comharsan ina dteannta. Bheadh aithne mhaith agamsa ar leaideanna bochta mar iad a bhí farainn anois beag. Is minic a chím thall i Londain iad. Imithe ar an drabhlás ag ól ó mhaidin go hoíche. Agus cé a thógfadh orthu é is gan duine ná deoraí ar a gcúram. Iad tréigthe ag a muintir agus ag a dtír dhúchais féin.”

Bhí cuma na feirge ar a ceannaithe míne, snoite.

Lig sí osna chléibh.

D’ardaigh sí an leabhar arís agus chlúdaigh a haghaidh taobh thiar de. Fógraíodh go mbeadh an traein ag druidim i dtreo Chill Airne go luath.

D’fhéachas amach an fhuinneog ach ní fhéadfainn tada a fheiceáil ach m’aghaidh féin ag stánadh thar n-ais orm.

Mise a lig osna an babhta seo.

Bheinn i dTrá Lí go gairid i ndiaidh a sé a chlog agus bheadh mionbhus ó Bhréanainn ag fágáil na Cearnóige istigh sa bhaile mór roimh a seacht. Ansan bheinn ar mo bhealach siar . . siar . .

Oíche Nollag ag Aifreann na Gine bheadh an séipéal plódaithe. Bheadh daoine ann ó chian is ó chóngar agus iad faoi gheasa ag an ócáid, ag an atmaisféar agus ag an gcór ag canadh:

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,

Aoirí ar dtús chuala ‘n scéal;

Alleluia aingeal ag glaoch,

Cantain shuairc i ngar is i gcéin.

Críost an Slánaitheoir Féin 

Críost an Slánaitheoir Féin.

Thiocfadh tocht ar dhaoine áirithe agus shilfidís deoir nó dhó, go háirithe na himircigh a bhí tagtha abhaile don Nollaig.

Mar imirceach inmheánach thiocfadh tocht orm féin de m’ainneoin.

Ní ar mo shon féin ach ar son na bhfear óg ar deineadh éagóir orthu.

Fág freagra ar 'GEARRSCÉAL don NOLLAIG: Traein na Nollag…'

  • Seosamh Ó Riain

    Scéal simplí atá sách suimiúil, insinte le stíl dheas, eifeachtach.

    Nollaig shona daoibh go léir.