Tá gearrliosta Ghradaim Cheoil Nós 2017 fógartha ag an iris Ghaeilge agus vóta poiblí ann don ghradam ‘Féile na Bliana’.
Tá 11 banna agus ceoltóir san iomaíocht don ghradam ‘Banna/Ceoltóir na Bliana’, a bhronnfar ag oíche bhronnta na ngradam sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn. Ina measc siúd atá ainmnithe, tá an banna ceoil Kíla, a bheidh ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, a bhí ag casadh os comhair an Uachtaráin ar stáitse TG4 XX Oíche Shamhna.
Cuireadh níos mó ná 60 moladh chun cinn do na gradaim, atá á reáchtáil don dara bliain as a chéile le haitheantas a thabhairt do cheoltóirí comhaimseartha Gaeilge.
Bronnfar gradam i seacht rannóg éagsúla — Amhrán na Bliana, Albam na Bliana, Banna/Ceoltóir na Bliana, Nuíosach na Bliana, Albam Traidisiúnta na Bliana, Físeán na Bliana agus Féile na Bliana.
Tá ainmniúchán faighte ag Síle Denvir as Indreabhán i gCois Fharraige dá halbam Caithréim, atá san iomaíocht cheana féin d’Albam Traidisiúnta na Bliana ag Gradaim ‘The Ticket’ de chuid The Irish Times.
Tabharfar aitheantas ag Gradaim Nós 2017, freisin, don cheoltóir nua is fearr a tháinig chun cinn. Tá cúigear san iomaíocht don ghradam sin, ina measc buaiteoir Scléip Ghael Linn Sonny Ní Chathasaigh as an gCeathrú Rua i gConamara, agus Pádraig Jack, ceoltóir as Árainn, Co na nGaillimhe, a bhfuil a chéad singil Gaeilge eisithe aige le deireanas.
Tá deich bhféile Ghaeilge san iomaíocht don ghradam ‘Féile na Bliana’ agus is faoin bpobal an buaiteoir a roghnú. Is féidir vóta a chaitheamh don fhéile is fearr ar shuíomh Nós. Tá ceithre fhéile Ghaeltachta ar ghearrliosta na bliana seo; Traidphicnic an Spidéil, Féile na Gealaí, Féile na Bealtaine agus Swell Árainn Mhór. Tá mórfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna, san iomaíocht freisin.
Cuirfear deireadh leis an vóta poiblí ar an 12 Eanáir, seachtain sula mbronnfar na gradaim féin sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath. Tá ticéid ar díol do na gradaim faoi láthair ar shuíomh Nós freisin. Beidh ceolchoirm ann i ndiaidh bhronnadh na ngradam agus tá lucht Nós ag súil go ndíolfar na ticéid an-sciobtha mar a díoladh do ghradaim na bliana seo caite.
Ba iad Barbara Nic Dhonncha, láithreoir le 4FM, Ben Ó Faoláin, léirmheastóir ceoil Nós, Ciarán Ó Meachair, ceoltóir, Gráinne Holland, amhránaí, agus Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla, a chuir an gearrliosta le chéile.
Seo thíos na iomaitheoirí:
Banna/Ceoltóir na Bliana
Aeons
Boss Sound Manifesto
Dysania
Eve Belle
IMLÉ
JJ Ó Dochartaigh
Kíla
Rís
Séamus Barra Ó Suilleabháin
Seo Linn
Spats Colombo
Amhrán na Bliana
An Fhuil – Aeons le Séamus Barra Ó Súilleabháin
Ardaigh do Cheann – JJ Ó Dochartaigh
Bealtaine – Aeons
Bígí leis an Rí – Daire McBride
Brú do Bhealach Féin – Pádraig Jack
Craiceann agus Cnámha – Eve Belle
Críochfort – IMLÉ
Daoirse – An Bóthar
Dochar – Sonny Ní Chathasaigh
Dónall Dubh – Craos
Féach Anois a Stóirín – Grace Willis & cairde
Foirfe Liom – Matt Ó Baoill & Fiasco
Ladrainnín – Sive
Ní ag Cur i gCéill – Spats Colombo
Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
Caithréim – Síle Denvir
Na Mooneys – Na Mooneys
Onóir – Peadar Ó Riada
Stéibh Eile – Nan Tom Taimín
Nuíosach na Bliana
Aeons
Oisín Mac
Pádraig Jack
Sonny Ní Chathasaigh
Synead Toomey
Físeán na Bliana
An Cailín Rua – Ciarán & Caitlín le Cathal Ó Curráin
Bealtaine – Aeons
Cad Eile Le Rá – Rónán Ó Snodaigh
Críochfort – IMLÉ
Ladrainnín – Sive
Marie – Clann Snyder
Tús – Colm Ó Snodaigh
Féile na Bliana
Féile na Bealtaine, an Daingean
Féile an Droichid, Béal Feirste
Féile na Gealaí, Ráth Chairn
Fleadh Feirste, Béal Feirste,
Liú Lúnasa, Béal Feirste
Oireachtas na Samhna, Cill Airne
Puball Gaeilge Electric Picnic, An Sráidbhaile
Ravelóid sa Chathair, Baile Átha Cliath
Swell, Árainn Mhór
Traidphicnic, An Spidéal
Fág freagra ar 'Gearrliosta Ghradaim Cheoil Nós 2017 fógartha'