Gearrliosta Ghlór na nGael fógartha le haghaidh 2015

Breis agus 100 grúpa a bhí páirteach i gcomórtas na mbailte Gaelacha

Screen Shot 2015-11-19 at 17.55.38

Fógraíodh gearrliosta Ghlór na nGael 2015 inniu i ndiaidh do mholtóirí bheith i mbun breithiúnais le coicís anuas. Mhol Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, iarrachtaí na gcoistí uilig a ghlac páirt i gcomórtas na mbailte Gaelacha i mbliana agus dúirt sé gur léir do na moltóirí go raibh obair na Gaeilge “ag dul ó neart go neart” sna bailte a bhain áit amach ar na gearrliostaí.

“Is comórtas é seo. Mar sin, tá orainn gearrliosta a scagadh as níos mó ná 100 grúpa a bhí páirteach agus is cúis áthais dom anois na coistí seo a ainmniú don dara babhta moltóireachta, a bheidh ar siúl idir an Déardaoin an 26 Samhain agus an Domhnach an 29 Samhain,” a dúirt Mac Gabhann.

Seo a leanas gearrliosta na mbailte a ainmníodh inniu:

Coistí le daonra níos lú ná 10,000: Glór Uachtar Tíre, Caisleán Uidhilín, Co an Dúin; Glór Carn Tóchair; Cárn Tóchair, Co Dhoire; Glór Locha Riach, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.

Coistí le daonra níos mó ná 10,000: Cairde Teo, Ard Mhacha; Cultúrlann Uí Canáin, Doire; Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara.

Coistí Gaeltachta: Comharchumann Chois Fharraige, Co na Gaillimhe; Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Dún na nGall; Comhlucht Forbartha na nDéise, Co. Phort Lairge.

 

Fág freagra ar 'Gearrliosta Ghlór na nGael fógartha le haghaidh 2015'