Gearrliosta Dhuais Filíochta Dhubhghlas de hÍde fógartha

Bronnfar an duais ar an mbuaiteoir ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí i Ros Comáin ag deireadh na míosa seo, cúpla míle ón áit ar rugadh chéad uachtarán na hÉireann

Strokestown House

Tá sé dhán le ceathrar filí ar ghearrliosta Dhuais Dhubhghlas de hÍde a fógraíodh inniu. Bronnfar an duais ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí i gContae Ros Comáin ag deireadh na míosa.

‘Tiocfadh an Samhradh’ le Louis de Paor, ‘Solas Sràide’ agus ‘Yves’ le Marcas Mac an Tuairnèir, as Inbhir Nis, ‘Mo Mhallacht Ort’ le hAedín Ní Ghadhra, agus ‘Scragall Stáin’ agus ‘Breith’ le Doireann Ní Ghríofa a bhuaigh áit ar an liosta.

Eagraítear an comórtas in ómós do Dhubhghlas de hÍde, chéad uachtarán na hÉireann agus comhbhunaitheoir Chonradh na Gaeilge a rugadh i nDún Gar i Ros Comáin sa bhliain 1860, áit nach bhfuil ach cúpla míle ó Bhéal na mBuillí.

Bíonn comórtas filíochta Béarla, comórtas véarsaíochta grinn i gcuimhne ar Percy French, comórtas filíochta do scoileanna agus go leor comórtas eile mar chuid den fhéile, atá á reáchtáil ó 1999.

Bronnfar duais €500 ar bhuaiteoir na rannóige Gaeilge agus cúig dhuais thánaisteacha €100 ar na hainmnithe eile. Déanfaidh Eiléan Ní Chuilleanáin an mholtóireacht ar an gcomórtas i mbliana. Léifidh na filí a gcuid dánta ag Strokestown Park House oíche Dé Sathairn 30 Aibreán agus fógrófar an buaiteoir ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Gearrliosta Dhuais Filíochta Dhubhghlas de hÍde fógartha'

  • alan

    Ní thuigim conas a roghnaítear na ‘bua-dhánta’ sin….cá bhfuil filíocht Liam UÍ Mhuirthile mar shampla? Sár-fhile a scrígh ‘Fuíll Feá’ agus ní heol do na breithúna sin gurb ann di fiú……cén léitheoireacht a rinne said agus cén cháilíocht, cad iad na critéir atá acu?

  • file

    Alan – cuireann filí isteach ar an chomórtas seo, is é sin, seolann siad dán nó cúpla dán nár foilsíodh riamh isteach mar iarratas. Ní breithiúnas ar na leabhair filíochta uilig a foilsíodh i mbliana atá sa chomórtas, mar atá i gcomórtas an Oireachtais, abair.