GEARÓID Ó TUATHAIGH: Má bhláthaíonn spiorad an athmhuintearais d’fhéadfadh go mbeidh Martin McGuinness aitheanta mar cheannródaí san athrú

Tá sé róluath bheith ag iarraidh breithiúnas meáite a thabhairt ar thábhacht Martin McGuinness i stair na hÉireann le 50 bliain anuas, ach is cinnte go mbeidh trácht air nuair a bheidh an ‘cogadh tríocha bliain’ agus na bearta síochána a lean á ríomh ag staraithe

GEARÓID Ó TUATHAIGH: Má bhláthaíonn spiorad an athmhuintearais d’fhéadfadh go mbeidh Martin McGuinness aitheanta mar cheannródaí san athrú

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

‘Insítear gach ní le haimsir’, a deirtear. N’fheadar. Is féidir gur taifead mantach, easnamhach a bheidh againn go ceann i bhfad (nó, fiú, go brách) ar ghnéithe áirithe nó ar eachtraí faoi leith den choimhlint mhíleata agus pholaitíochta sna Sé Chontae ó dheireadh na seascaidí go deireadh an chéid seo caite.

Go leor den obair ghránna a deineadh faoi rún – ag na fórsaí slándála agus ag grúpaí éagsúla paraimíleatacha – ar éigean a bheidh taifead cruinn, cuimsitheach uirthi coinnithe le haghaidh lucht taighde san am atá le teacht.

Ach, cibé chomh heasnamhach is a bheidh an taifead ar an ‘gcogadh’ sa Tuaisceart (agus ar an gcaoi inar tugadh chun críche é), níl amhras nach mbeidh áit thábhachtach – lárnach, fiú – ag Martin McGuinness sna cuntais a scríobhfaidh lucht staire ar an gcoimhlint amach anseo.

Níl aon amhras ná gur fhág Martin McGuinness a rian (agus sin go láidir) ar gach uile chasadh  i stair na Sé Chontae (agus ar an gceangal Angla-Éireannach i gcoitinne) le leathchéad bliain anuas, chóir a bheith: mar dhéagóir ar Thaobh an Bhogaigh nuair a thosnaigh an chorraíl agus mar óglach san IRA nuair d’iompaigh an chorraíl shóisialta i dtreo éirí amach míleata; mar dhuine  de dhrong cheannais an IRA ar feadh na mblianta nuair ba ghéire a bhí an choimhlint agus nuair ab fhuiltí an sléacht; mar bhall sinsearach de Shinn Féin agus de ghluaiseacht na poblachta nuair a thug na Sealadaigh faoin gcasadh cinniúnach ón míleatachas i dtreo na polaitíochta daonlathaí,  an cosán corrach,  ar a dtugtar ‘próiseas na síochána’, a chríochnaigh le Comhaontú Aoine an Chéasta; agus, sna deich mbliana deireanacha dá shaol, mar LeasChéad-Aire sa bhFeidhmeannas ó thuaidh, an struchtúr nua rialtais agus riaracháin inmheánaigh sna Sé Chontae, bunaithe ar chomhurraim agus roinnt na cumhachta idir an dá mhórphobal ansin.

Fáisceadh Martin McGuinness as an éagóir a deineadh ar náisiúnaithe na Sé Chontae ó thús na críochdheighilte i leith. Bhí fianaise nó comharthaí na héagóra sin thar a bheith follasach i nDoire agus McGuinness ag éirí aníos ann: leatrom ar Chaitlicigh maidir le tithíocht, cearta polaitíochta (cothroime vótála san áireamh), agus áiseanna sóisialta de gach cineál; gan trácht ar an siombalachas cumhachta a d’fhógair na fallaí arda, ónar shatail an cinseal Aontachtach ar an móramh náisiúnach ar ócáidí ceiliúrtha agus ag searmanais oifigiúla na cathrach.

Leis an éagóir sin a leigheas a chuir an Ghluaiseacht Cearta Sibhialta sa Tuaisceart chun oibre i dtosach. An bealach inar chinn an Rialtas agus na fórsaí slándála an ghluaiseacht sin a bhrú faoi chois, a thiomáin McGuinness óg isteach san IRA.

Dála go leor eile dá chomhaois sa phobal Caitliceach ag an am, bhraith McGuinness go raibh cos ar bolg á imirt ar a phobal féin agus gur rímhithid dóibh cur ar a son féin, le forneart dá mba gá. Bhí mianach ceannaire ann, agus níorbh fhada go raibh gradam agus údarás aige san IRA: ba bhall é den bhuíon bheag toscairí ó ghluaiseacht na poblachta ar dhein Rialtas na Breataine iarrachtaí idirghabhála leo sna seachtóidí.  Ní raibh aon amhras ar lucht na meán sna blianta sin ná gur duine údarásach i ngluaiseacht na poblachta é Martin McGuinness.

Ní fios go baileach cén t-údarás nó tionchar a bhí ag McGuinness laistigh de ghluaiseacht na poblachta (go háirithe ar an eite mhíleata) ó lár na seachtóidí go dtí deireadh na nóchaidí, nuair ba liodán dorcha é liosta na n-uafás agus na mbeart gránna ag paraimíleataigh de gach straidhp (agus ag na fórsaí slándála). Coimhlint ab ea í a d’fhág go leor teaghlach faoi bhrón agus a d’fhág créachta nimhneacha go forleathan sa phobal.

Ach, is léir go raibh tionchar cinniúnach ag McGuinness ar an díospóireacht agus ar an athmhachnamh laistigh de ghluaiseacht na poblachta, a bhí ag bailiú nirt faoi dheireadh na n-ochtóidí, maidir le feidhm agus éifeacht an fheachtais mhíleata chun an bhunaidhm pholaitíochta (‘athaontú na hÉireann’) a bhaint amach. Ar ndóigh, bhí idirghabhálaithe agus ceannairí polaitíochta eile páirteach – de réir a chéile – sa phróiseas áitithe agus athmhachnaimh seo, as ar shíolraigh an sos lámhaigh i 1994 agus, tamall ina dhiaidh sin, comhaontú Aoine an Chéasta, 1998. Agus, bhí cúinsí seachtracha (ar fud an domhain) ag athrú faoi dheireadh an chéid, agus ceannairí ghluaiseacht na poblachta ó thuaidh ag dul in aois agus i gcríonnacht. 

Cibé ról nó tionchar a bhí aige sna comhráite agus san idirbheartaíocht a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta (agus na leasuithe air le beagnach scór bliain anuas) mar thoradh orthu, níl dabht ar bith ach gurbh é McGuinness an duine ba mhó a chinntigh go gcuirfí téarmaí an Chomhaontaithe sin i bhfeidhm, go háirithe sna deich mbliana a chaith sé ina LeasChéad-Aire san Fheidhmeannas, in éineacht le hIan Paisley i dtosach agus lena chomharba i gceannas an DUP, Peter Robinson, ina dhiaidh sin.

Tá teistiméireachtaí ó chuile chúinne de ghort na polaitíochta (in Éirinn, thuaidh is theas, agus sa Bhreatain) go raibh bua speisialta aige daoine a chur ar a suaimhneas, bealach tuisceanach, cuideachtúil aige, a chuaigh i gcion ar an bpáirtí a raibh sé ag plé leis, dá mhéid bearna na hidé-eolaíochta eatarthu, dá mhéid dianbhreith a chéilí comhraic ar a raibh déanta nó ceadaithe aige agus é ina bhall den IRA.

Is léir ó gach tuairisc air go raibh cúirtéis nádúrtha ag baint leis. Níor bheag iad na buanna pearsanta sin mar armlón polaitíochta nó taidhleoireachta ag duine ar bith. Ar ndóigh, níor mheall sé chuile dhuine sna deich mbliana deireanacha sin: bhíodar ann a cháin McGuinness go láidir go dtí an deireadh. Ní cóir go gcuirfeadh an cáineadh sin iontas ná olc ar éinne. Daoine agus teaghlaigh a d’fhulaing go dóite le linn na coimhlinte, ní fhéadfaí bheith ag súil leis go mbeadh siad uilig fial le moladh nó le maithiúnas do McGuinness, fiú ar lá a bháis.

Tá sé róluath bheith ag iarraidh breithiúnas meáite a thabhairt ar ról ná ar thábhacht Martin McGuinness i stair na hÉireann le leathchéad bliain anuas. Ach is cinnte go mbeidh trácht air, nuair a bheidh an ‘cogadh tríocha bliain’ sa Tuaisceart á phlé ag staraithe amach anseo.

Beidh trácht air, chomh maith, nuair a bheidh na bearta éagsúla réitigh i dtreo na síochána faoi chaibidil. Agus, má aibíonn spiorad an athmhuintearais laistigh de phobal na Sé Chontae sna blianta atá amach romhainn, d’fhéadfadh go mbeidh Martin McGuinness aitheanta mar cheannródaí san athrú cultúir sin.