Géarleanúint na bhfear homaighnéasacha sa tSeisnia

Tá drochmheas ar an homaighnéasacht i gcultúr na Rúise, ach ní dhéantar géarleanúint ná céasadh ar dhaoine aeracha ansin go rialta

Géarleanúint na bhfear homaighnéasacha sa tSeisnia

De réir tuairisc a d’fhoilsigh an páipéar Novaya Gazeta (Новой газете) sa Rúis an tseachtain seo caite, tá an rialtas ag déanamh géarleanúna ar na fir homaighnéasacha i bPoblacht na Seisnia. Deir an tuairisc gur gabhadh céad fear agus gur maraíodh triúr. Séanann rialtas na Seisnia an scéal. Dúirt urlabhraí thar ceann an rialtais gur deargbhréag atá sa tuairisc. Dúirt sé nach bhfuil fir homaighnéasacha ar marthain i bPoblacht na Seisnia ar chor ar bith.  Arsa an t-urlabhraí céanna; ‘dá mbeadh a leithéid ann, bheadh an ruaig curtha orthu le fada, in áit nach féidir éalú uaidh, mar níl aon ghlacadh lena leithéid sa tír…’.

Níor leor séanadh an rialtais leis an scéal a mhúchadh. Foilsíodh cuid den eolas i Russia Today agus sa New York Times. Is í Ekaterina Sokirianskai bainisteoir an International Crisis Group sa Rúis, agus labhair sí le nuachtán an Guardian i Sasana. Thug sí le fios go raibh tuairiscí cloiste aici ó Grozny, príomhchathair na Seisnia, agus ó áiteacha eile. Na fir a gabhadh, is cosúil go bhfuil siad idir 16 agus 50 bliain d’aois.  Bhí pictiúir ar na meáin shóisialta a raibh póilíní na Seisnia le feiceáil go so-aitheanta iontu, agus fir éagsúla i ngreim acu. Níor leor sin leis an scéal a chruthú, ach is leor an fhianaise atá ann, idir na tuairiscí agus na pictiúir, le gur féidir a bheith cinnte go bhfuil bunús leis.

Is cuid de limistéir na Rúise atá sa tSeisnia go foirmeálta, agus tá riar na tíre fágtha faoi Ramzad Kadyrov. Tá dearcadh docht, fíorchoimeádach ag údaráis na Seisnia ar chúrsaí gnéis agus ar chúrsaí moráltachta faoi riail Kadyrov. I ndeireadh na bliana 2016, bhí tuairiscí ann faoi na ‘póilíní bainise’ a bhí an rialtas a chur ar bun. Is éard a bhí i gceist ná feitheoireacht a dhéanfadh na póilíní ar bhainis a bhí á caitheamh in áit phoiblí, lena chinntiú nach raibh damhsa graosta ag tarlú ann, ná daoine ag damhsa leis an dara páirtí, ná meisce ná drabhlás á gcleachtadh ann.

Is Moslamaigh atá i bhformhór na ndaoine i bPoblacht na Seisnia. Maidir leis na dlíthe atá i bhfeidhm ann ar an saol sóisialta, is meascán iad de dhlí Ioslam agus dianleagan de na nósanna traidisiúnta atá sa tír. Moltar do na mná iad féin a ghléasadh go cuibhiúil. Ceadaítear do na fir níos mó ná bean nó beirt a phósadh.

Ní fios cén t-údar a bhí leis an bhfogha a thug na húdaráis faoi na fir homaighnéasacha an uair seo. Is rud é a pleanáladh go soiniciúil de réir cosúlachta. Scaipeadh scéal ar na meáin shóisialta go raibh cruinniú tacaíochta le bheith ann, agus is ann a gabhadh cuid mhór den chéad fear atá á gcoinneáil sa ngéibheann faoi láthair. Ní fios céard atá i ndán dóibh.

Tá drochmheas ar an homaighnéasacht i gcultúr na Rúise, ach ní dhéantar géarleanúint ná céasadh ar dhaoine aeracha ansin go rialta. Tá clubanna aeracha i gcuid de chathracha móra na Rúise, Moscó agus Cathair Pheadair ina measc. Fós féin, is mionlach faoi amhras atá sa bpobal aerach, mórán mar ab ea i dtíortha an iarthair go dtí le deireanas, Éire ina measc.

D’fhéach GayRussia.ru le ‘máirseálacha mórtais’ a eagrú sa Rúis mí Mhárta seo caite, agus séanadh a chead sin orthu. Tá sé i gceist ag Nikolay Alekseev, urlabhraí ar chúis an phobail aeraigh sa Rúis, an cás a thabhairt os comhair Chúirt Eorpach Chearta an Duine.

Seacht mbliana ó shin, d’fhógair an nuachtán Novaya Gazeta nach gcuirfidís iriseoir ar bith dá gcuid go dtí an tSeisnia arís mar is amhlaidh a bhí iriseoirí á bhfeallmharú sa tír. Ainneoin na contúirte, thug siad an scéal seo chun follais, áfach.

Fág freagra ar 'Géarleanúint na bhfear homaighnéasacha sa tSeisnia'