‘Géarghá’ le grúpa idir-rialtasach a bhunú leis na teangacha Ceilteacha a chosaint ón mBreatimeacht

Bhí Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge i measc na gcainteoirí ag cruinniú de choiste Gàidhlig Pharlaimint na hAlban ag ar pléadh an bhagairt a bhaineann leis an mBreatimeacht don Ghaeilge agus do theangacha Ceilteacha eile

‘Géarghá’ le grúpa idir-rialtasach a bhunú leis na teangacha Ceilteacha a chosaint ón mBreatimeacht

Tá a dtacaíocht tugtha ag Conradh na Gaeilge don éileamh atá déanta ag Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN) go mbunófaí “mar ábhar práinne” grúpa idir-rialtasach sna tíortha Ceilteacha chun an Ghaeilge agus teangacha eile a chosaint ón “mórbhagairt” a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Moltar go mbeadh ionadaithe ó rialtas na hÉireann agus ó fheidhmeannas an Tuaiscirt ar an ngrúpa idir-rialtasach chomh maith le hionadaithe ó rialtais na hAlban agus na Breataine Bige agus ó Chomhairle Chorn na Breataine. Bheadh ballraíocht ar an ngrúpa chomh maith ag eagraíochtaí teanga neamhbhrabúis.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a labhair i bParlaimint na hAlban inné, go gcaithfeadh rialtais seasamh le pobail na dteangacha Ceilteacha i bhfianaise an Bhreatimeachta.

“Beidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht do phobal na Gaeilge agus na dteangacha Ceilteacha eile, idir fhoghlaimeoirí teanga agus chainteoirí líofa araon, agus seasann Conradh na Gaeilge leis na pobail sin.

“Ní mór do na rialtais ábhartha a dhéanamh amhlaidh agus grúpa idir-rialtasach a bhunú leis na pobail teanga seo a chosaint láithreach.”

Dúirt Conradh na Gaeilge go mbeifí ag obair “go dian” i gcomhar le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN) agus na rialtais éagsúla le “cearta teanga” phobail na dteangacha Ceilteacha a chosaint agus le hAcht Gaeilge “ceartbhunaithe” a thabhairt isteach ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Géarghá’ le grúpa idir-rialtasach a bhunú leis na teangacha Ceilteacha a chosaint ón mBreatimeacht'