Ba é an cinneadh faoi dheontas ‘Gaeltachta’ buille maraithe na muice do Stormont agus toghchán ar na bacáin

Buille maraithe na muice do Stormont ab ea an cinneadh faoi scéim Gaeltachta Líofa óir bhí lucht tacaíochta Shinn Féin chomh corraithe sin go mb’éigean don cheannaireacht aird a thabhairt orthu. Ach is é an toghchán an chuid is lú de...

Ba é an cinneadh faoi dheontas ‘Gaeltachta’ buille maraithe na muice do Stormont agus toghchán ar na bacáin

‘Táthar gafa rófhada le filleadh ar an status quo.’ B’in í an abairt ba thromchúisí i ráiteas Martin McGuinness inar fhógair é go raibh sé ag éirí as oifig mar LeasChéad-Aire Stormont agus nach n-ainmneodh Sinn Féin duine ina ionad. Ní hamháin go raibh fear Shinn Féin ag fógairt go raibh deireadh leis an Tionól níos lú ná bliain tar éis toghcháin, ach bhí foláireamh á thabhairt aige go mbeadh roinnt na cumhachta i Stormont i mbaol mór i ndiaidh na vótála.

Agus Stormont fágtha gan aon Chéad-Aire ná LeasChéad-Aire ag cinneadh Shinn Féin, bhí Státrúnaí na Breataine, James Brokenshire, ag impí ar na páirtithe fuascailt a aimsiú idir seo agus Dé Luain seo chugainn. É sin nó bheadh air toghchán a ghairm, a dúirt sé.

Tá na páirtithe féin ag ullmhú do thoghchán i mí an Mhárta.

An amhlaidh nárbh fhéidir a leithéid a sheachaint? Ceapadh roimh Nollaig go raibh rún ag an DUP agus Sinn Féin iarracht a dhéanamh i rith na laethanta saoire chun margadh a dhéanamh le déileáil leis praiseach na scéime fuinnimh inathnuaite a bhunaigh Arlene Foster mar Aire Fiontair in 2012. Thóg sé i bhfad níos faide ar an DUP agus Sinn Féin a thuiscint go raibh an pobal imithe le báiní mar go n-imeodh £490 milliún le haer an tsaoil taobh istigh de thréimhse fiche bliain toisc gan aon srianta a bheith curtha ar íocaíochtaí faoin scéim.

Séideadh in aer cibé entente cordiale a bhí idir an dá pháirtí, áfach, nuair a chuir an tAire Pobal Paul Givan, DUP, scoláireachtaí Gaeltachta Líofa ar ceal. Ní raibh i gceist ach £50,000, ach rinne an cinneadh dochar as cuimse. Masla  siombalach ab ea é.

Chaithfeadh Sinn Féin a bheith bodhar agus dall gan fearg a lucht leanúna a thabhairt faoi deara. Buille maraithe na muice ab ea beart Givan – bhí náisiúnaithe trí chéile feargach ach bhí lucht tacaíochta Shinn Féin chomh corraithe sin go mb’éigean don cheannaireacht aird a thabhairt orthu.

Bhí ionadaithe buartha cheana féin faoin titim ar a vóta anuraidh; ghoill sé chomh mór sin orthu go ndeachaigh lucht stocaireachta ó dhoras go doras i ndiaidh an toghcháin ag fiosrú cad chuige nár chaith daoine vóta. Bhí a laige agus a bhí Sinn Féin agus an lámh in uachtar a bheith ag an DUP ard ar liosta na gcúiseanna a tugadh.

Faoi Nollaig, agus ag tús na bliana seo, bhí an ghuagacht i measc lucht tacaíochta Shinn Féin follasach. As sin a d’eascair a n-éileamh doshannta go seasfadh Arlene Foster i leataobh ar feadh míosa fad is a dhéanfaí an chéad chuid d’imscrúdú faoi chonspóid RHI. Bhí fiosrú poiblí á éileamh ag páirtithe an fhreasúra agus iad suite de gur cheart do Foster seasamh i leataobh go dtí go dtiocfadh deireadh leis an bhfiosrú. Ní raibh Sinn Féin chomh dian leis an bhfreasúra, ach ba chuma.

Dhiúltaigh Foster as éadan seasamh ar leataobh. Ghlacfadh sí le himscrúdú nó fiosrú ach b’in é. D’fhág cur chuige neamhghéilliúil Foster, easpa muiníne an phobail i Stormont i bhfianaise na conspóide agus an brú a chuir a lucht leanúna féin orthu nach raibh an dara rogha ag Sinn Féin. Bhí míshástacht a vótóirí le brath ar an liodán gearán a bhí ag Martin McGuinness faoin DUP. Ina measc, bhí a naimhdeas don Ghaeilge agus an drochmheas atá acu uirthi, a ndiúltú don phaireacht ghradaim agus sotal Arlene Foster.

Measadh anuraidh go raibh ré nua sheasmhach ar na bacáin faoi cheannas Foster, comharba ar Peter Robinson agus Ian Paisley. Ina ionad sin, níor mhair a tréimhse mar Chéad-Aire bliain féin. Chothaigh a pearsantacht, a dolúbthacht agus a maíomh gurb ise Céad-Aire (aonair) Thuaisceart Éireann an-chuid fadhbanna. Chuir mórtas an pháirtí  as ‘neart’ Arlene mar cheannaire aontachtach leis an gclaonadh san DUP chun iad féin a iompar mar pháirtí rialtais aonair, iad ar nós cuma liom faoi dheismireachtaí roinnt na cumhachta. Threisigh sé ar mhíshuaimhneas lucht leanúna Shinn Féin go raibh an páirtí ag ceadú don DUP satailt orthu.

Cén breithiúnas a bheidh ag toghthóirí air seo? Meastar gur feachtas brúidiúil atá i ndán dúinn, agus an cárta oráisteach agus an ceann glas san imirt cheana féin. Diúltú do thoradh thoghcháin na bliana seo caite is ea an tsáinn, a deir an DUP, agus iad ag caint mar a bheadh ábhar reifrinn ann. Beidh siad ag iarraidh Sinn Féin ‘a choinneáil as an gcéad áit’.

Laghdófar líon na suíochán ó 108  go 90. Caillfidh daoine aitheanta suíochán dá bharr, ach meastar fós gurb iad an DUP agus Sinn Féin a bheidh mar phríomhpháirtithe an athuair. Beidh na fadhbanna céanna ann ansin. Beidh an róchaiteachas ar an scéim fuinnimh fós sa treis, ach, níos measa fós, beidh deighilt mhór i gcónaí ann idir an DUP agus Sinn Féin faoi cad is brí le roinnt na cumhachta.

Caithfear a dhul i mbun margála chun Feidhmeannas a bhunú. An mbeidh coinníollacha nua ann? Cé a áiteoidh ar an DUP nach féidir glacadh a thuilleadh leis an status quo ar thug McGuinness droim láimhe leis? Ní bheidh an obair ach ina tús nuair a bheidh an vótáil thart.

Fág freagra ar 'Ba é an cinneadh faoi dheontas ‘Gaeltachta’ buille maraithe na muice do Stormont agus toghchán ar na bacáin'

  • Colmán

    Tá an dóchas ann nach bhfaighidh an DUP go leor vótaí le “achainí ar bhonn ábhar buartha” a ardú sa Tionól rud a chiallódh nach dtiocfadh leo cosc a chur ar reachtaíocht nach dtaitníonn leo, cuir i gcás an phósadh aon-Ghnéis. Tá tromlach na bpáirtithe agus an phobail ar son an phósta aon-ghnéis ach rinne an DUP blocáil ar aon iarracht chun dlí a thabhairt isteach a cheadófaí é. Tá 30 suíochán ag teastáil chun “achainí ar bhonn ábhar buartha” a éileamh agus is é an DUP an t-aon pháirtí sa Tuaisceart le níos mó ná 30 suíochán acu. Agus líon na suíochán ag laghdú tá dóchas ann go n-athróidh seo. Ní éireoidh leis an DUP níos mó vótairí a mhealladh mar sin brathann cúrsaí ar an méid daoine a thagann amach le vóta a chaitheamh ar an lá, na vótairí míshásta (disenchanted) chun cúrsaí a athrú agus vóta a chaitheamh ar na páirtithe eile, Sinn Féin, SDLP, Green Party, Alliance, UUP srl.