Géarchéim Stormont: Is faoi Rialtas na Breataine atá an chéad bheart eile…

Agus an SDLP i ndiaidh vótáil in éadan fionraíocht dheonach an tionóil i Stormont, is faoi Rilatas na Breataine anois atá an imirt…

 

David_CameronAn raibh dul amú ar David Cameron, Príomh-Aire na Breataine nuair a bhí sé ag caint ar Stormont ag Tráth na gCeist i Westminster inné? Nó an raibh sé ar bhealach séimh, deisbhéalach ag tabhairt smitín faoi bhun na cluaise do Nigel Dodds, DUP?

Ag trácht ar an tsáinn reatha i Stormont agus ar bhall de Shinn Féin a bheith á cheistiú ag póilíní don fhiosrú ar dhúnmharú Kevin McGuigan, d’iarr Dodds ar an bPríomh-Aire aontú leis gur ar Shinn Féin seachas éinne eile ba cheart pionós a ghearradh. D’fhreagair Cameron gur léir go raibh drochbhail ar Stormont, gur mhallacht ar an tsochaí iad eagraíochtaí paraimíleatacha agus gur cheart iad a scor ar gach taobh.

Ansin dúirt sé: “As someone who sat on the Opposition Benches and watched while the peace process was put together and the power-sharing arrangements were put in place, it was one of the most inspiring things that I have seen as a human being, and a politician, to see politicians put aside their differences, put aside concerns about appalling things that had happened in the past, and decide to work together.”

D’achainigh sé ar pháirtithe Thuaisceart Éireann breith san athuair ar an spiorad iontach sin a chuidigh leo a theacht ar reiteach sa chéad áit.

Cuimhnímis, a dúirt sé, ar uaisleacht an phróisis agus na bprionsabal a bunaíodh – agus déanaimis arís é.

‘Hear, hear’ arsa fomhór na na bhfeisirí. Nuair a d’iompaigh an ceamara ar Nigel Dodds, áfach, ní ‘hear, hear’ a bhí ar a bhéal. Bhí sé ag caint faoina anáil agus sceana nimhe ina shúile. Ba léir go raibh dealg curtha ag an bPríomh-Aire faoina sháil.

Ní amadán é Cameron. Níl seans dá laghad nach bhfuil a fhios aige go maith go raibh an DUP dubh dóite in éadan Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gur shíl siad nár phróiseas uasal é. Anuas air sin, bhí Nigel i measc na n-ionadaithe a bhí sceipteach faoi chinneadh Ian Paisley cumhacht a roinnt le Sinn Féin i ndiaidh chainteanna Chill Rímhinn.

An tseachtain seo, bhagair an DUP go siúilfidís amach as an bhFeidhmeannas muna ndéanfadh dream éigin eile gar dóibh. Bhíodar san fhaopach mar gheall ar an mbagairt agus theastaigh uathu go ndeanfadh páirtithe eile Stormont cinneadh an Tionól a chur ar ‘sos’ nó fionraíocht dheonach. Dá uireasa sin, theastaigh uathu go ndéanfadh rialtas na Breataine an beart dóibh – le reachtaíocht speisialta chun fionraíocht éigeantach a ordú.

Bhí Cameron ag rá le polaiteoirí Thuaisceart Éireann gur cheart dóibh a gcuid oibre a dhéanamh astu féin. Go príobháideach, bhí feidhmeannaigh ag caint ar an obair mhór atá le déanamh ag Rialtas na dTóraithe – leasaithe le sracadh as an Aontas Eorpach roimh an reifreann agus géarchéim na dTeifeach, gan ach dhá chúram eile a lua. B’fhearr go mór leo go gcoinneodh an dream i Stormont a gcuid praisí acu féin.

Ní he nach ndéanfadh Rialtas na Breataine athscrúdú ar bhealach chun Stormont a chur ar fionraí muna mbeadh rogha ar bith eile ann. Ach níor theastaigh sé uathu. Ba léir freisin nar theastaigh sé ó Rialtas na hÉireann ‘a thug faoi deara den chéad uair le fada gurb ann don SDLP’, mar a dúirt seanfhonndúir ón bpáirtí sin.

Bhí sé ag tagairt don bhrú a chuir an Taoiseach agus an tAire Gnóthaí Eachtracha ar Alasdair McDonnell chun sos nó fionraíocht dheonach a cheadú. Scriosfadh an chéim sin an SDLP i measc vótóirí naisiúnacha, dar le daoine a ghlaoigh ar chláracha raidió,   ach chuideodh sé leis an dá rialtas freagracht ‘foirmeálta’ as Tuaisceart Éireann a sheachaint. Go ceann tamaill…

Fág freagra ar 'Géarchéim Stormont: Is faoi Rialtas na Breataine atá an chéad bheart eile…'

  • Séamas Mac Coitir

    Is fadhb achrannach í géarchéim Thuaisceart Éireann, agus is críonna an té a déarfadh conas a réiteofaí í. ‘Neosfaidh an aimsir!