Géarchéim na dídine

D’fhéadfaí tabhairt ar an Rialtas déileáil le géarchéim na dídine dá gcuirfí an brú céanna orthu agus a cuireadh faoi tháillí uisce, dar le Diarmuid Ó Ceallaigh.

File Photo Budget 2015 Mr Howlin said an additional 10 million will be provided for accommodation and related services for homeless persons.
Pictur: Mark Stedman/Photocall Ireland

 

Bhrúigh an bhean a bealach isteach ar an gcarráiste traenach. Díreach mar a dhéanann na sluaite gach maidin ar an traein as Maigh Nuad go Bré.

Traein a bhuaileann lárionaid mhóra fostaíochta na príomhchathrach ar nós Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire. Ach bhí an bhean seo difriúil ón ngnáth-thaistealaí ar an traein seo.

Éadaí giobalacha in ionad éide na hoifige, seanmhála mór siopadóireachta in ionad mála láimhe galánta, éadan garbh rocach seachas ceann mín smidithe. Ba léir go raibh an oíche roimhe sin caite aici ina codladh ar na sráideanna, agus go leor oícheanta roimhe sin freisin.

“An bhfuil a fhios ag aon duine an bhfuil an traein seo ag dul go Dumhach Thrá?” a bhéic sí go tobann.

Ní dúirt éinne faic. D’oscail spás timpeall uirthi agus taistealaithe ag iarraidh fanacht amach uaithi. Chas sí chuig fear gar di agus bhéic an cheist chéanna arís.

“Tá,” a dúirt an fear go tobann, ar nós go raibh sé ag iarraidh fáil réidh léi chomh sciobtha agus a d’fhéadfadh sé.

Ach bhí sé mícheart – ní raibh an traein ag dul go Dumhach Thrá. Agus cé go gcaithfeadh sé go raibh a fhios ag roinnt mhaith de na daoine timpeall uirthi é seo, fós d’fhan siad ina dtost.

Ní raibh éinne sásta cuidiú léi. Ar an gcaoi chéanna, meas tú cé mhéad duine a shiúil thairis John Corrie, an fear gan dídean a fuair bás ar shráideanna na cathrach an tseachtain seo caite, agus a d’fhan ina dtost, nach ndearna aon rud chun cuidiú leisean? Ní amháin ar an oíche a fuair sé bás, ach ar feadh na mblianta roimhe sin agus é ina chodladh ar shráideanna na príomhchathrach.

Léiríonn an tragóid seo, agus an ghéarchéim dídine atá againn go ginearálta, an fhadhb mhór atá againn mar shochaí sa gcaoi a gcaitheann muid le daoine mar seo atá ar an imeall.

B’fhearr linn dearmad a dhéanamh orthu, a ligean orainn nach bhfuil siad ann ar chor ar bith. Tá easpa measa againn orthu mar dhaoine. Ní baill den chine daonna iad ar mo nós féin is do nós féin, a cheapann muid, ach neach éigin nach bhfuil bunchearta an chine daonna, ar nós díon a bheith os do chionn agus do dhóthain a bheith agat le n-ithe, ag dul dóibh.

Cén chaoi eile a scaoilfeadh muid le fiú amháin duine amháin maireachtáil mar seo ar na sráideanna, faoin sioc agus faoin mbáisteach? Agus tá níos mó ná duine amháin i gceist. Codlaíonn os cionn 160 duine ar shráideanna na príomhchathrach gach oíche de réir Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath, ardú 21% i gcomparáid leis an am seo anuraidh.

Sin gan trácht fiú ar os cionn 1,000 duine, suas le 700 gasúr ina measc, atá i lóistín éigendála de bharr iad a bheith gan dídean. Figiúr é seo atá ag ardú gach seachtain. Is é an rud is measa ná gur thóg sé bás thragóideach John Corrie chun go rachaimis i ngleic leis an bhfadhb seo.

Caithfear fáilte a chuir roimh an ngníomh atá déanta ag an rialtas agus ag an Aire Comhshaoil, Alan Kelly, go háirithe chun tabhairt faoin bhfadhb ó shin, agus é geallta aige go mbeidh leaba ar fáil do gach duine atá ar na sráideanna faoin Nollaig. Ach cá raibh an gníomh seo roimhe sin agus an fhadhb seo ag dul ó smacht agus eagraíochtaí carthanachta ag impí ar an rialtas rud éigin a dhéanamh faoi?

Bheadh sé mícheart, áfach, díriú go hiomlán ar an rialtas agus a rá gur cheart go mbeadh tuilleadh déanta acu faoin bhfadhb roimhe seo. Mar shochaí, tá neamhaird déanta againn de na daoine gan dídean ar feadh rófhada. Dá mbeadh muid dáiríre faoin bhfadhb, bheadh iachall curtha againn ar an rialtas dul in ngleic leis. Mar a atá feicthe againn leis na táillí uisce, má chuirtear dóthain brú orthu, leanfaidh an rialtas mian an phobail.

Is cinnte go bhfuil go leor fadhbanna a chaithfear a réiteach i leith an ngéarchéim dídine ón taobh eacnamaíoch de – an easpa tithíochta, an t-ardú mór ar chíosanna dá bharr, agus an líon mór daoine atá fós dífhostaithe in ainneoin an “fheabhais” atá tagtha ar gheilleagar na hÉireann le scaitheamh.

Ach is fadhb mhórálta dúinn í an fhadhb seo thairis aon rud eile. An bhfuil muid sásta daoine a fhágáil ag fulaingt ar an imeall fad is atá muid féin go breá compórdach?

Nó an sochaí muid a fheidhmíonn ar mhaithe leis an uile duine, gan duine ar bith fágtha ar lár? Tá na fadhbanna eacnamaíocha thuasluaite lárnach, ach ní bheidh muid in ann dul i ngleic leo go brách mura dtiocfaidh athrú meoin orainn i leith na ndaoine atá ar an imeall inár sochaí.

Fág freagra ar 'Géarchéim na dídine'